496 cás nua fógartha, laghdú mór ar líon na ndaoine a bhíonn go dona tinn leis an víreas

Tá líon na mbásanna ó Covid-19 tite 95% ó mhí Feabhra seo caite a deir an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

496 cás nua fógartha, laghdú mór ar líon na ndaoine a bhíonn go dona tinn leis an víreas

An Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

Tá 469 cás nua den Covid-19 deimhnithe an Roinn Sláinte tráthnóna.

103 othar atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 38 díobhsan in aonad dianchúraim.

Níl aon fhigiúirí le fáil inniu faoi bhásanna, faoi vacsaíní ná faoi líon na gcásanna sna contaetha éagsúla mar gheall ar an gcibirionsaí a rinneadh ar an HSE an tseachtain seo caite.

Cé go bhfuil líon na gcásanna den choróinvíreas in aghaidh an lae “ionann is mar a chéile” le roinnt seachtainí, tá laghdú mór ar líon na ndaoine a bhíonn go dona tinn leis an víreas, a deir Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry inniu. Tá an laghdú sin le tabhairt faoi deara i measc na ndaoine a bhfuil an vacsaín faighte acu, a deir sé.

134 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír ráta coicíse an ghalair le roinnt seachtainí, ach tá laghdú mór ar “an dochar a dhéanann an víreas do na daoine sin”, a deir Henry.

“Tá an bhreoiteacht i measc na ngrúpaí a fuair an vacsaín agus go háirithe iadsan atá in ionaid altranais nó a bhfuil tinnis eile orthu maolaithe go mór. Tá líon na mbásanna ó Covid-19 tite 95% ó mhí Feabhra seo caite nuair a chuir an galar 102 duine den saol in aon lá amháin, “ a dúirt an Dr Henry.

I dtús na paindéime bhí 47 ráig i dtithe altranais in aon seachtain amháin agus le cúpla seachtain anuas aon ráig amháin nó gan ráig ar bith agus ‘fíorbheagán cásanna” a bhí sna hionaid chúraim.

Dúirt an Dr Henry gur údar imní an cineál den víreas a dtugtar ‘cineál na hIndia’ air a bheith ag scaipeadh ar fud na cruinne mar gur léirigh torthaí saotharlainne go raibh sé níos tógálaí ná an B117.

Tá an cineál a aimsíodh ar dtús san India aimsithe i 50 tír éagsúil faoin tráth seo. Tá beagnach 3000 cás den chineál sin deimhnithe sa Ríocht Aontaithe ach ba dhaoine óga a bhformhór nó daoine nach raibh aon vacsaín faighte acu.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris. 90 cás nua a deimhníodh.

37 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,008,589 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 583,977.

Ar a laghad 7,087 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,150 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

378,495 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 256,584 cás ó dheas den teorainn agus 121,911 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '496 cás nua fógartha, laghdú mór ar líon na ndaoine a bhíonn go dona tinn leis an víreas'