3,494 cás nua den Covid-19, bunaithe ar thástálacha PCR, a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.
Fógraíodh freisin gur chláraigh 3,609 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Ní dhearna NPHET aon fhógra maidir le líon na gcásanna nua i rith an deireadh seachtaine ach tugadh le fios inniu gur deimhníodh 15,871 cás nua idir an Satharn agus an Domhnach, ó thástálacha PCR agus antaigine.
665 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 50 duine níos mó ná mar a bhí ansin Dé hAoine. Bhí 67 díobhsan in aonad dianchúraim, triúr níos mó ná mar a bhí ann Dé hAoine.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 2,465 cás nua a fógraíodh ansin inniu.
437 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 12 díobhsan atá in aonad dianchúraim.
Fág freagra ar '3,494 cás nua den víreas fógartha, 3,609 cás eile cláraithe ar thairseach an HSE'