348 cás nua den víreas deimhnithe, 13 in aonad dianchúraim

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 188 cás nua den ghalar deimhnithe

348 cás nua den víreas deimhnithe, 13 in aonad dianchúraim

348 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

41 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, ardú ó 39 inné, agus tá 13 acusan in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 188 cás nua den ghalar deimhnithe. Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.

17 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt, ardú ó 13 ach, agus níl aon duine acusan in aonad dianchúraim.

Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i dtrí cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,147,153 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 823,908.

7,095 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,155 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,941 duine ó dheas di.

Fág freagra ar '348 cás nua den víreas deimhnithe, 13 in aonad dianchúraim'