3 mholadh a chabhródh le cluiche na peile a fhuascailt ón bhfáscadh atá ag breith air

Ní gan dua a thiocfaidh an t-athrú ach nach fearr an t-athrú ná an bás atá á thuar ina éagmais?

The final score 28/3/2015
Baile Átha Cliath agus Doire an tseachtain seo caite – an scór deireanach. ©INPHO/Donall Farmer

 

Deirtear gur fusa scaipeadh ná cruinniú ach ní dóigh liom go ndúirt éinne é sin le bainisteoir Dhoire, Brian McIver, an deireadh seachtaine seo caite agus é ag iarraidh stop a chur le sodar Átha Cliath ina gcluiche sraithe deireanach i bPáirc an Chrócaigh.

Ní túisce a chuid imreoirí cruinnithe isteach nó go raibh an ainnise nochtaithe ag McIver agus a fhoireann. Ní fada ina dhiaidh sin go raibh na húdair ag cáiseamh na seanalaethanta a bhí agus an tseanachaid mar a himrítí tamall í. Aisteach go leor, níor chuala aon duine des na húdair chéanna ag olagón nuair a tosnaíodh ar an ealaíon bhréan seo dhá bhliain déag ó shin, ach sin scéal thairis.

Faoi mar a déarfadh na polaiteoirí nó fir na bhfigiúirí agus cúrsaí eacnamaíochta á gcur trí chéile acu, táimid mar a bhfuilimid agus caithfear féachaint ar conas dul i ngleic leis an ndúshlán d’fhonn is teacht ar réiteach na ceiste.

Is mó tuairim atá sa chomhrá coiteann maidir leis an aicíd atá ag plúchadh chluiche na caide le blianta beaga anuas ach, an rud is annamh is iontach, is mó tuairim chomh maith atá ag daoine maidir leis na slite ina bhféadfaí an cluiche a fhuascailt ón bhfáscadh atá ag breith air.

Tá cuid mhaith des na tuairimí fuascailte seo cloiste cheana againn agus cé gur minic gur leasc le Cumann Lúithchleas Gael mórathruithe a dhéanamh in aon rabharta amháin, b’fhéidir go mbeadh an fonn orthu tabhairt faoi na leasuithe seo an chéad bhabhta eile a bheidh aga acu a leithéid a dhéanamh. Is cinnte go bhfuil an toil ann chuige.

Dhá rud sara dtabharfar faoi réiteach na faidhbe a phlé:

(a) Caithfear cuimhneamh nach mbeidh deis ag CLG athruithe a dhéanamh ar rialacha imeartha na gcluichí ag Comhdháil Bhliantúil as seo go dtí an bhliain 2020 muna dtagann aon ní fónta as dianmhachnamh Jarlath Burns agus coiste seasta CLG ar rialacha imeartha na gcluichí. Is iad an coiste seo an t-aon dream gur féidir leo athruithe a dhéanamh idir seo agus 2018 trí aighneachtaí a chur faoi bhráid Ard-Chomhairle CLG a chuirfidh na haighneachtaí sin faoi bhráid na Comhdhála Bliantúla. Meileann muilte Dé go mall!

(b) Deinim amach go mbeadh gá le réiteoir breise, ar a laghad, chun cuid mhaith de na moltaí atá sa treis a chur i bhfeidhm ar bhonn praiticiúil ar pháirc na himeartha. An bhfuil an goile ann chuige seo agus an mbeadh dóthain oifigigh láncháilithe ar fáil chun maoirseoireacht a dhéanamh ar chluichí ó ghrád eadarchontae anuas go grád sóisir sna fo-chumainn? Níl, agus ní bheidh.

Seo, mar sin, mo léamh ar thrí cinn des na moltaí atá cloiste le laethanta beaga anuas againn chun cluiche na caide a thabhairt thar n-ais ó leaba an bháis:

1. Srian a chur le líon na bpasanna láimhe. Baineadh triail as seo i sraith náisiúnta peile na bliana 1994 ach ní dóigh liom go raibh an pobal ná na himreoirí ullamh don srian ag an am toisc go raibh mórán foirne fós ag dul i muinín na bróige. B’fhacthas do dhaoine gur speach a bhí ann a léirigh seanabhlas ar an stíl a bhí tugtha chun cinn ag Dún na nGall i 1992 agus Doire i 1993. Ach nuair a bhuaigh an Dún craobh na bliana 1994 le stíl spleodrach agus le húsáid na bróige, bhí a rás rite mar mholadh. Is maith a theastódh an srian fiche bliain ina dhiaidh sin agus bhí éachtaint againn ón gcluiche idir Éire agus an Astráil ag deireadh na bliana seo caite go mbeadh éifeacht dearfach leis an srian.

2. Caithfidh an cic amach taisteal glan thairis an líne 45 méadar. Chuir sé iontas ar lucht leanta na caide nuair a thosnaigh Tír Eoghain ag tógaint a gciceanna amach i gcoinne Áth Cliath i gcluiche ceathrú ceannais na bliana 2010. Seachas an chaid a lascáil go lár páirce agus níos faide anonn, thosnaigh Pascal McConnell ag tabhairt smitíní beaga chun an cosantóir ba chongaraí dó a bhaint amach agus thosnaíodh an imirt ón réimse sin den bpáirc atá rófhada ó bhaile chun aon ní cóir a dhéanamh leis an gcaid.

Cé gur chuir Tír Eoghain seacht gcinn déag d’iarrachtaí amú an lá céanna lena gcur chuige tomhaiste, coimeádach, ba ghearr go raibh báideoirí fuaid faid na tíre ag déanamh aithrise ar McConnell. Is é an toradh atá air seo le cúig bliana anuas ná go bhfuil tosaithe toilteanach scaoileadh leis an mbáideoir a chic amach a thógaint gan teacht salach air agus go bhfuil ualach imreoirí ag cúlú siar go dtí an dtaobh eile den bpáirc chun a mbáide féin a chosaint. Ní bheidh mar thoradh air sin ach an t-uafás atá le feiscint. Arís, tá ceacht le foghlaim ón gcluiche idirnáisiúnta – abair leis an mbáideoir an cic a chur níos faide ná 45 méadar. Chothódh san coimhlint idir bheirt agus nach shin é atá uainn?

3. Tabhair dhá phointe ar phointe! Tuigim gur cúilín a tugtar coitianta ar chaid a cuirtear thairis an dtrasnán ach b’fhéidir go gcuirfeadh an t-athrú seo de gheasa ar mhuintir Chiarraí cúilín a thabhairt feasta ar phointe!  Idir mhagadh is dáiríre, dá mbeadh dhá phointe le tabhairt ar chic a sheolfaí thairis an dtrasnán ó lasmuigh den líne 45 méadar, bheadh luach saothair i bhfad níos fearr ag an té a chleachtann an ealaín. Ní bheadh an fonn céanna ar imreoirí an chaid a choimeád ina seilbh sa réimse seo den bpáirc ach an oiread. D’fhéadfaí cás a dhéanamh chomh maith do luach ceithre phointe a chur ar bháide (cúl?) chun go gcuirfí béim níos mó ar scóráil seachas ar sheilbh a choimeád.

Níl anseo ach tús an aistir, dar liom, agus caithfear géilleadh go mbeadh sé ana-dheacair moltaí eile a chur i bhfeidhm ceal oifigigh neodracha ag leibhéal na bhfo-chumann. Dála mórán eile i gCumann Lúthchleas Gael, ní gan dua a thiocfaidh an t-athrú ach nach fearr an t-athrú ná an bás atá á thuar ina éagmais?

Fág freagra ar '3 mholadh a chabhródh le cluiche na peile a fhuascailt ón bhfáscadh atá ag breith air'

  • padraig

    Tá an ceart ag Dara, is é is dóichí ná a mhalairt ná beidh CLG sásta an t-airgead a chaitheamh chun na hathruithe sin a thabhairt i gcrích nó go mbeidh sé ró-dhéanach. Is gránna agus is aithiseach an feic mar chluiche anois í agus i bhfad an iomarca pasanna lá’ á ndéanamh ó thús deireadh. ‘Seilbh na caide a choimeád’ croí agus éirim na himeartha agus ‘an chaid a oibriú’ síos fén ngort, uidhe ar n-uidhe, orlach ar n-orlach. Is síoraíocht leis an lucht féachana an saghas sin silí seailí agus mugadh magadh. Cá hionadh mar sin sin an tinreamh íseal agus an tsoiniciúlacht róchoiteann? Dála an scéil tá an galar ceannann céanna gafa i ngreim ar na hiománaithe a bhuíochas sin le Cill Chainnigh go háirithe .i. an pas lá’, an priocadh ón talamh i mbéal an bháire, fiú, agus an sliotar (110g-120g) á ‘oibriú’ síos feadh na páirce! Scéal leithéise: fiafraíodh de Christy Ring ag tráth ceist uair amháin cén meáchaint a bhí sa sliotar agus an freagra a thug sé ná ‘le fuil nó gan fuil’?!