Is léir nach leor féinrialú na meán sóisialta chun dul i ngleic leis an bhfuath ar líne

Bhí teachtaireachtaí a seoladh chuig Naomi Long chomh graosta, bagrach sin gur baineadh stangadh fiú as daoine a bhfuil taithí acu ar an mbrocamas a mbíonn ar mhná sa pholaitíocht cur suas leis

Is léir nach leor féinrialú na meán sóisialta chun dul i ngleic leis an bhfuath ar líne

Teachtaireachtaí ar mheáin shóisialta a bhí i bhfad róghránna agus rógháirsiúil lena gcur i gcló anseo. Cáineadh iad go forleathan agus léiríodh tacaíocht do Naomi Long, ceannaire pháirtí na comhghuaillíochta le déanaí nuair a nocht sí téacs chuid de na postanna ar líne a seoladh chuici.

Bhí siad chomh graosta, bagrach sin gur baineadh stangadh fiú as daoine a bhfuil taithí acu ar an mbrocamas a mbíonn ar mhná sa pholaitíocht cur suas leis.

Tá seantaithí ag Naomi Long, agus nach mór gach bean sa pholaitíocht i dTuaisceart Éireann, ar dhrochíde ar mheáin shóisialta. Is minic a labhair Arlene Foster agus Michelle O’Neill faoin íde ar líne a fhaigheann siad. Ag an leibhéal is ‘séimhe’, más ceadmhach a leithéid d’fhocal a úsáid, tá na teachtaireachtaí drochmhúinte murab ionann agus bagrach. Bítear ag caitheamh anuas ar pháirtithe, ag rá go bhfuil sibh ‘uilig chomh holc lena chéile’ nó gur ‘ar mhaithe libh féin a bhíonn sibh ar fad’. Bíonn ar fhir cur suas leis an gcineál sin mí-úsáide freisin.

Tá go leor den íde a fhaigheann ban-ionadaithe ar scála eile, áfach. Tá na maslaí sách dona – óinseach, sraoill, striapach, ró-ramhar, ró-thanaí, gruaig róchatach, rófhionn agus araile. Thairis sin féachtar le dochar síceolaíoch a dhéanamh maille le himeaglú faoi chontúirt chorpartha. Cé a dhéanfadh dearmad ar an teachtaireacht uafásach chuig Diane Dodds an DUP faoi bhás a mic? Nó na pictiúir d’aghaidheanna beirt iarrthóirí i dtoghchán Stormont anuraidh a bheith curtha ar íomhánna pornagrafacha? Cuireadh an bheirt bhan i mbaol mar foilsíodh a sonraí teagmhála leis na híomhánna bréagacha.

Tá an fuath ban sna postálacha scanrúil agus bíonn batráil, ionsaithe gnéis agus éigniú á moladh. Níl comhaltaí d’aon pháirtí slán agus daoine nach bhfuil ach i dtús a saoil sa pholaitíocht ina gceap ionsaithe chomh maith le hionadaithe sinsearacha. Tráth a bhfuil iarrachtaí ar siúl chun ionadaíocht na mban sa pholaitíocht a neartú is áis bhreá é an t-idirlíon chun iarrthóirí ban a chur in aithne don phobal agus chun iad a choinneáil ar an eolas. Ina choinne sin, cothaíonn an mhí-úsáid ar líne lagmhisneach agus cuireann sé ó dhoras daoine ab fhéidir go mbeadh suim acu i ról i rialtas.

Deir an aicme pholaitiúil nach ngéillfidh siad don bhagairt. Mar sin féin glacann polaiteoirí a airíonn go bhfuil siad i mbaol céimeanna réamhchúraim a chuireann srian áirithe ar a dteagmháil leis an bpobal.

Chonacthas sin de bharr na heachtra nuair a caitheadh aoileach leis na Teachtaí Dála Anne Rabbitte agus Ciarán Cannon ar an nGort i gcontae na Gaillimhe.

Glactar leis abhus, i dTeach Laighean agus sa Bhreatain Mhór, nach mór gníomhú ar bhonn éigeandála chun a dhul i ngleic leis an bhforéigean ar líne. Conas? Chinn Naomi Long i mbliana nach bhfanfadh sí ina tost a thuilleadh faoin íde a d’fhulaing sí le blianta. Nuair a rinne sí gearán le twitter faoi na teachtaireachtaí (a bhí róbhrocach chun iad a fhoilsiú anseo) d’fhreagair an comhlacht nár sháraigh an t-ábhar a gcaighdeáin. Ba é freagra cheannaire Alliance air sin ‘cén sórt caighdeáin atá agaibh?’

Caithfear a chur ina luí ar dhaoine nach ‘iompar gan dochar’ é trolláil, maslú agus imeaglú. Ag comhdháil Imagine! Belfast an tseachtain seo bhí siompóisiam ag a raibh daoine a d’fhulaing drochíde ar líne agus scoláire atá i mbun taighde acadúil faoin nasc idir mí-úsáid ar líne agus foréigean baile.

Tá an fhianaise á bailiú sa bhaile agus i gcéin ach tá a fhios ag na heagraíochtaí deonacha, lucht leighis agus póilíní faoin gceangal. I bhfianaise an fuath a nochtar sna teachtaireachtaí chuig agus faoi mhná sa pholaitíocht ní hiontas é an nasc sin.

Is léir don dall nach féidir brath ar na comhlachtaí móra chun stop a chur leis an mí-úsáid ar líne. Tá lucht polasaí, brúghrúpaí agus na polaiteoirí ag plé bealaí chun a dhul i ngleic leis an gcúram. Ní mór dlíthe chun é sin a dhéanamh chomh maith le féinrialú níos éifeachtaí ar na hardáin shóisialta a bheith éigeantach.

Ní nach ionadh tá imní ar dhaoine go sárófaí saoirse cainte, gurbh ionann smachtú na cumarsáide ar líne agus cinsireacht. Ach ní ceart gan srian ar bith í an tsaoirse cainte.

Fág freagra ar 'Is léir nach leor féinrialú na meán sóisialta chun dul i ngleic leis an bhfuath ar líne'

  • Ciarán

    Is jab é a bheith mar polaiteoir ag deireadh an lae. Ag an am chéanna bíonn tionchar ag an jab sin ar an tsochaí agus saol na daoine agus cinnte ní aontaíonn cách le gach cinneadh a dhéanann gach polaiteoir. Ach má tá fadhb ag duine le polasaí nó seasamh áirithe ag polaiteoir is féidir leis an duine sin a thuraim a nochtadh go láidre ach gan a bheith ag caitheamh anuas ar an polaiteoir iad féin. Is féidir a bheith cáinteach agus gan a bheith maslach. Ba chóir go mbeadh sé níos éasca na trollana a aithint agus iad a chur os comhair na cuairte gan bheith buartha faoi cearta ginearálta saoirse na cainte ar líne. Tá sé indéanta má tá toll ann.

  • jpmorley0@gmail.com

    Níl fhios agam conas a sheasaíonn sí é, dáiríre, nó éinne eile. Tá trua agam di…snámh in aghaidh Twitter agus gach sciodair eile dá shórt, is ró-dheacair. An nimh, an fuath, an fiúnach seo go léir, tá siad i ngach áit, thall is abhus. Sa bhFrainc dom, le gairid, chuala mé gach sórt masla ba mheasa á chaitheamh le Macron ag na stailceoirí agus iad ag máirseáil trí Pháras, prioslaí lena mbéal. Agus bagairtí á meascadh trís na maslaí acu, mar shampla:
    “En bas, Maccrrr…on, le fumier, on va te composter.” Ionann é sin agus bagairt bháis ar dhuine ach bhí glacadh ag na póilíní, na meáin is na mílte máirseálaithe leis mar mhana. Níor cuireadh aon nath ann. Cheap mé féin go raibh dlí nua anois ann, an griogadh chun fuatha, ach is léir nach bhfuil ann ach sop, an status quo ante céanna. Féadfaidh tú do rogha ruda a rá faoi aon duine, polaiteoir go háirithe. Ligtear i ndearmad gur daoine daonna iad na polaiteoirí leis. Níor mhaith liom seasamh ina mbróga ar na saolta bagracha seo. Níor mhaith.