An corpoideachas mar ábhar scoile? Más mall is mithid…

Léamhthuiscint 12 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

An corpoideachas mar ábhar scoile? Más mall is mithid…
  1. Ceann de na contrárthachtaí agus na paradacsaí is mó i gcúrsaí oideachais le leathchéad bliain anuas ná an áit a bhíonn ag an spórt ar an siollabas meánscoile. Déantar spórt sa mheánscoil. Sin fíric. Snámh agus cluichí páirce cosúil le peil Ghaelach, iománaíocht, camógaíocht, haca, rugbaí, sacar agus leadóg, ag brath ar acmhainní agus ar áiseanna na scoile. Déantar cleachtadh coirp agus cluichí a imrítear sa ghiomnáisiam amhail cispheil, peil faoi dhíon, cúrsaí gleacaíochta srl. Déantar lúthchleasaíocht chomh maith in an-chuid scoileanna. Ach ní mar ábhar scrúdaithe a dhéantar iad.
  2. Ní thuigim féin an leisce a bhí ar an Roinn Oideachais deich mbliana i ndiaidh deich mbliana gan áit lárnach a thabhairt don spórt ar an gcuraclam. Níl ach bealach amháin chun é sin a dhéanamh agus é sin é a áireamh mar ábhar oifigiúil scoile. Tar éis an tsaoil, rinneadh ábhar den mhiotalóireacht, den adhmadóireacht agus den eacnamaíocht bhaile. Ní gan dua a cuireadh na háiseanna ar fáil do na hábhair sin i meánscoileanna na tíre.
  3. Ó thús na scoilbhliana seo tá corpoideachas mar ábhar scoile ar bhonn píolótach in 80 scoil. Chuir 369 scoil isteach ar áit a aimsiú sa chéad chéim den chúrsa corpoideachais seo ach ní rabhthas in ann ach freastal ar líon teoranta scoileanna a bheadh ar thús cadhnaíochta. Déanfar an corpoideachas a scrúdú mar ábhar nua don tSraith Shinsearach sa bhliain 2020. Ar ndóigh, tá an-díomá ar na scoileanna nár roghnaíodh (c.75%) ach lúcháir ar na cinn eile. Cosúil le gach ábhar eile beidh Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal i gceist sa chorpoideachas.
  4. An cur chuige atá beartaithe ná: ag foghlaim na ngníomhaíochtaí coirp, ag foghlaim trí ghníomhaíochtaí coirp, ag foghlaim faoi ghníomhaíochtaí coirp. Leagtar béim faoi leith ar fholláine, ar chleachtadh coirp, ar ullmhúchán síceolaíoch, ar aiste bhia agus cothú, ar ról na meán sa spórt agus, ar ndóigh, ar thábhacht an spóirt féin i saol an duine óig. Tá gníomhaíocht agus rannpháirtíocht na ndaltaí lárnach sa rud ar fad. Clúdaítear cluichí, uiscíocht (snámh, tarrtháil, rámhaíocht srl), damhsa, bailé agus nithe éagsúla eile ar an gcúrsa. De réir mar a thuigim beidh 50% de na marcanna sa scrúdú ag dul don ghníomhaíocht, eachtraíocht agus rannpháirtíocht agus an 50% eile don scrúdú scríofa a bheidh ar siúl le linn na scrúduithe stáit gach samhradh.
  5. Tuigeann an saol mór is a mháthair go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le spórt ná spórt! Mar a deir an seanfhocal ‘is fearr an tsláinte ná na táinte’ agus is cinnte go gcaithfidh siollabas an chorpoideachais freastal ar fhadhb mhór na hotrachta, ar fhadhb an bhia ghasta, ar fhadhb an óil agus na ndrugaí i measc na n-óg. Nuair a deirim ‘freastal’ orthu, is éard atá i gceist agam ná béim mhór a leagan ar aistí bia a bheidh sláintiúil, ar nósanna beatha sláintiúla, ar chleachtadh coirp rialta agus ar stíl mhaireachtála shláintiúil.
  6. Tá sé go hiontach go bhfuiltear tosaithe ar an bhfiontar seo chun áit a thabhairt don spórt agus don chorpoideachas i scoileanna dara leibhéal na tíre seo. Ach tá go leor fadhbanna le sárú fós. Tá scoileanna áirithe a bhfuil áiseanna spóirt agus siamsaíochta den scoth acu, cinn eile nach bhfuil áiseanna chomh maith sin acu agus cinn eile fós nach bhfuil faic na fríde acu cé is moite de halla beag fuar ar chúl na scoile a úsáidtear mar sheomra tionóil ar maidin, mar cheaintín ag am lóin agus mar ghiomnáisiam um thráthnóna! Ní mór don rialtas infheistiú agus maoiniú a chur ar fáil do na scoileanna go léir sa tír atá ar an ngannchuid ó thaobh áiseanna spóirt agus cleachtadh coirp de sula ndéanfar an t-ábhar seo a leathnú amach ar bhonn náisiúnta, sílim. Bíonn gach tosú lag. Tá neart fadhbanna le sárú ach fáiltím roimh an gcorpoideachas mar ábhar scoile. Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis sna blianta atá amach romhainn. Más mall is mithid.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cad í an chontrárthacht a ndéantar cur síos uirthi in alt 1?
  2. Cén fáth a luaitear peil Ghaelach in alt 1?
  3. Cad nach dtuigeann an t-údar? (alt 2)
  4. Cén bhaint atá ag an bhfigiúr 80 leis an scéal? (alt 3)
  5. Cén bhaint atá ag an bhfigiúr 369 leis an scéal? (alt 3)
  6. Cén chaoi a mbeidh an corpoideachas cosúil le gach ábhar eile? (alt 3)
  7. Cén fáth a luaitear aiste bia in alt 4?
  8. Cad iad na fadhbanna a dtabharfaidh an corpoideachas aghaidh orthu? (alt 5)
  9. Cad iad na fadhbanna atá le sárú, de réir alt 6?

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cad atá i gceist leis an bhfotheideal?
  2. An gceapann tú gur smaoineamh maith é go bhfuil an corpoideachas ina ábhar scrúdaithe? Cén fáth?
  3. Mínigh an seanfhocal in alt 5 i d’fhocail féin.
  4. Cad is brí leis an abairt dheireanach?
  5. Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir fháistineach in alt 6.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha/iolra in alt 1.
  • Aimsigh sampla de chéimeanna comparáide na haidiachta in alt 1.
  • Sracfhéachaint ar an aimsir fháistineach:
  • (Déan + briathar) go leor athruithe an bhliain seo chugainn.
  • Míneoidh mé an cheist arís ar ball agus (tuig + sibh) ansin é.
  • (An + cuir + tú) an cruinniú sin i gcuimhne dom amárach?
  • (Ní + clúdaigh + muid) an cúrsa mura ndéanfaimid deifir.

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:
  • An bhfuil ábhair eile ba cheart a bheith ina n-ábhair scrúdaithe? Cuir cúiseanna le do fhreagra?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna:
    • cén t-ábhar?
    • cén fáth ar cheart dó a bheith mar ábhar scrúdaithe?
    • Cén fáth nach bhfuil sé ann cheana féin, meas tú?
    • An mbeadh spéis san ábhar, meas tú?
  • Arís is féidir leat átú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'An corpoideachas mar ábhar scoile? Más mall is mithid…'