1,154 cás eile den choróinvíreas fógartha, 63 othar in aonad dianchúraim

Deir an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte nár cheart ach ról teoranta a bheith ag mearthástálacha antaigine i maolú scaipeadh an Covid-19

1,154 cás eile den choróinvíreas fógartha, 63 othar in aonad dianchúraim

1,154 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

297 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin, méadú 19 ar an líon a bhí i gceist inné, agus bhí 63 díobhsan in aonad dianchúraim, an líon céanna leis an lá inné.

1,327 cás ar an meán a deimhníodh gach lá le cúig lá anuas.

1,020 cás nua a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt agus fógraíodh go raibh cúigear eile a raibh an víreas orthu tar éis bháis.

2,509 duine a raibh an galar orthu a fuair bás ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

379 duine a raibh Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt.

Idir an dá linn, d’fhógair Pfizer-BioNTech inniu go bhfuil sé sábháilte a snáthaid a thabhairt do pháistí idir 5-11 bliain agus go n-oibríonn sé “an-mhaith” dóibh.

Dúirt na comhlachtaí gur léirigh na trialacha a bhí déanta acu i measc daoine óga go dtugann an tsnáthaid cosaint mhaith do pháistí óga agus go mbeifear ag iarraidh beannacht na n-údarás go luath chun é a dháileadh ar dhaoine san aoisghrúpa sin.

Seo an chéad uair gur cruthaíodh a leithéid i dtrialacha.

Tá triail den chineál céanna ar bun ag Moderna faoi láthair.

Thabharfaí dáileog níos lú den vacsaín do dhaoine faoi bhun 12, a dúradh.

“Maidir leis na rannpháirtithe a bhí idir 5-11 bliain d’aois, bhí an vacsaín sábháilte agus níor chuir sé as dóibh agus léiríodh go raibh sé go maith chun antashubstaintí a chruthú chun an galar a chloí,” a dúradh i ráiteas ó na comhlachtaí.

Tá sé gceist ag Pfizer-BioNTech torthaí na dtrialacha a chur faoi bhráid na n-údarás rialála i Stáit Aontaithe Mheiriceá, san Aontas Eorpach agus in áiteanna eile.

Cé nach mbíonn páistí a fhaigheann an Covid-19 chomh tinn is a bhíonn daoine fásta de ghnáth, táthar buartha faoin gcineál Delta den víreas, go háirithe agus na scoileanna oscailte arís.

Idir an dá linn, tá ráite ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte nár cheart ach ról teoranta a bheith ag mearthástálacha antaigine i maolú scaipeadh an Covid-19 agus go raibh amhras ann faoina éifeachtaí is bhí na tástálacha sin i measc daoine nach mbíonn comharthaí sóirt an ghalair orthu.

Fág freagra ar '1,154 cás eile den choróinvíreas fógartha, 63 othar in aonad dianchúraim'