11 duine eile básaithe, 390 cás nua den choróinvíreas le fógairt

179 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 48 díobhsan in aonad dianchúraim

11 duine eile básaithe, 390 cás nua den choróinvíreas le fógairt

11 duine eile a raibh an Covid-19 orthu atá básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 390 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

Maidir leis na básanna, bhain ceithre cinn acu le mí Aibreáin, bhain péire le mí an Mhárta, bhain ceithre cinn le mí Feabhra agus bhásaigh an duine eile mí Eanáir.

179 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 48 díobhsan in aonad dianchúraim.

Dé Domhnaigh seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 855,512 duine agus an dara dáileog faighte ag 352,947 duine.

Bhain 21 den 390 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le contae na Mí.

18 cás a bhí i nDún na nGall, deich gcás a bhí i nGaillimh agus deich gcás a bhí i Maigh Eo.

Naoi gcás a bhí gCorcaigh, níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirge agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí freisin.

Meánráta 114 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 209 atá i nDún na nGall, an dara ráta is airde sa tír, agus tá an ráta i gcontae na Mí, 162, ar an gcúigiú ráta is airde sa tír.

Ráta 96 atá i Maigh Eo, 84 atá i nGaillimh agus 65 atá i bPort Láirge. Ráta 39 atá i gCiarraí agus 35 atá i gCorcaigh.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh duine amháin eile básaithe de dheasca an víris. 124 cás nua a deimhníodh.

71 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá naonúr acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 869,342 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 283,478.

6,983 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,147 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,836 duine ó dheas di.

363,532 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 244,297 cás ó dheas den teorainn agus 119,235 cás ó thuaidh di.

Níos luaithe inniu, fuair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach amach “go bhféadfadh” go bhfuil nasc idir an tsnáthaid Johnson & Johnson agus cásanna fíor-annamha de théachtáin fola neamhghnácha.

Dúradh, áfach, gur mó na buntáistí atá ag baint leis an vacsaín ná an riosca beag a bhaineann léi.

Dúradh gur chóir daoine a chur ar an eolas faoin líon íseal cásanna de théachtáin fola neamhghnácha agus gur chóir a leithéid a liostú i measc na bhfo-iarmhairtí annamha a bhaineann leis an tsnáthaid.

Cuireadh dáileadh na vacsaíne Johnson & Johnson ar athlá an tseachtain seo caite nuair a moladh sos ó úsáid na snáthaide i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Mhol Údaráis sláinte Stáit Aontaithe Mheiriceá go n-éireofaí as an tsnáthaid Johnson & Johnson fad is a bhí scrúdú á dhéanamh acu ar shé chás de théachtáin fola neamhghnácha ag daoine a fuair an vacsaín.

Mná idir 18-48 a bhí sa seisear.

Tá vacsaín aon dáileoige Johnson & Johnson faighte cheana féin ag beagnach seacht milliún duine i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Bhíothas ag súil le 40,800 dáileog de shnáthaid Johnson & Johnson a fháil in Éirinn an mhí seo agus tá súil le 605,000 dáileog ar fad a fháil roimh dheireadh mhí an Mheithimh.

Dúirt an EMA gur bhain formhór na dtéachtán leis an inchinn agus an bolg, dála chás AstraZeneca.

Deir Johnson & Johnson go bhfuil siad “an-mhuiníneach” go bhfaighfear dea-scéala gan mhoill ón lucht rialaithe faoi stádas na vacsaíne aon dáileoige.

Fág freagra ar '11 duine eile básaithe, 390 cás nua den choróinvíreas le fógairt'