11 ainmniúchán ag scannáin agus cláir theilifíse Ghaeilge ag Gradam Scannán agus Teilifíse na hÉireann

Tá an scannán Aontas ainmnithe sa rannóg ‘Scannán na Bliana’ agus stiúrthóir an scannáin Báite, Ruán Magan, ainmnithe sa rannóg ‘Stiúrthóir na Bliana’

11 ainmniúchán ag scannáin agus cláir theilifíse Ghaeilge ag Gradam Scannán agus Teilifíse na hÉireann

Aontas

Tá aon ainmniúchán déag faighte ag léirithe Gaeilge ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA). Tá an scannán Aontas ainmnithe sa rannóg ‘Scannán na Bliana’ agus stiúrthóir an scannáin Báite, Ruán Magan, ainmnithe sa rannóg ‘Stiúrthóir na Bliana’.

Tá an dá scannán Gaeilge san áireamh freisin don ghradam ‘Script na Bliana’: Sarah Gordon agus Damian McCann do Aontas agus Sheena Lambert do Báite. Beidh beirt phríomhaisteoirí an dá scannán san iomaíocht lena chéile don ghradam ‘Aisteoir Mná na Bliana’ freisin – sin iad Carrie Crowley (Aontas) agus Eleanor O’Brien (Báite).

Tá ainmniúcháin faighte ag aisteoirí cúnta na léiriúchán Gaeilge freisin – ceann ag Seán T Ó Meallaigh dá ról in Aontas agus ceann ag Bríd Brennan dá ról sa scannán céanna.

I rannóg na drámaíochta teilifíse tá Dónall Ó Héalaí as Indreabhán i gConamara ainmnithe dá ról in Hidden Assets, agus tá an cainteoir Gaeilge as contae Mhuineacháin, Caitríona Balfe, ainmnithe d’Aisteoir Mná na Bliana dá ról sa tsraith cháiliúil Outlander, ról atá á léiriú aici ón mbliain 2014.

Tá an fadscannán faisnéise Útóipe Cheilteach, ina ndéantar iniúchadh ar shaol agus scéal an cheoil in Éirinn, ainmnithe sa rannóg ‘Fadscannán Faisnéise na Bliana’. Is scannán dátheangach é atá á chur i láthair i nGaeilge ag Lilí Ní Dhomhnaill.

Tá ainmniúchán faighte freisin ag an gceoltóir Daithí Ó Drónaí don cheol nuachumtha a chum sé don scannán Gaeilge Aontas agus don scannán Béarla Christy.

Bronnfar na gradaim ar an 20 Feabhra in Ionad Ríoga Tionóil Bhaile Átha Cliath. Is é an fuirseoir Kevin McGahern a chuirfidh an ócáid bhronnta i láthair agus bronnfar gradam saoil ar an aisteoir Ciarán Hinds as Béal Feirste.

Fág freagra ar '11 ainmniúchán ag scannáin agus cláir theilifíse Ghaeilge ag Gradam Scannán agus Teilifíse na hÉireann'