10 gceacht don Taoiseach i ndiaidh imeacht a Thánaiste

Litir chuig Leo Varadkar óna ‘chol ceathrar’ san India… Cathal Mac Coille a d'aistrigh

10 gceacht don Taoiseach i ndiaidh imeacht a Thánaiste

Mumbai
Maharashtra
An India

30 Samhain 2017

A Thaoisigh, a chol ceathrar (sílim)

agus a chara,

Maith dhom ‘cara’ a thabhairt ort ag tús an ríomhphoist seo. Ar ndóigh níor casadh ar a chéile muid riamh, ach deirtear liom gur nós Éireannach é ‘cara’ a thabhairt ar gach duine, i gcló pé scéal é. Ní foláir dom a admháil freisin nach bhfuilim cinnte go bhfuilimid gaolmhar lena chéile.

Dáiríre, thug mé “col ceathrar’ agus ‘cara’ ort toisc go raibh áthas agus mórtas as cuimse orm, mar a bhí ar do ghaolta go léir anseo san India, nuair a tháinig an dea-scéal chugainn gur toghadh mar Thaoiseach thú. Bhíomar chomh ríméadach le muintir Chonamara nuair a toghadh Marty Walsh mar mhéara ar Bhoston.

Maith dhom chomh maith go bhfuil duine nár thug cuairt ar Éirinn riamh ag cur comhairle ort, ach is ar chúis mhaith atáim ag scríobh chugat. Uaireanta, is léir do dhaoine nach raibh aon pháirt acu i ndráma céard a tharla ann dáiríre, agus cén fáth.

De réir gach tuairisc a léigh mé le seachtain, níl do lucht leanúna ná go leor daoine eile in Éirinn róshásta leat faoi láthair. Coinnigh do mhisneach!

Rachaidh cúrsaí i bhfeabhas duit, ach do chur chuige a athrú beagáinín.

Féach, Leo, ní ortsa atá an milleán iomlán gur díbríodh Frances Fitzgerald (gabhaim mo leithscéal, gur éirigh sí as oifig lena saorthoil). Ach tá ceachtanna tábhachtacha le foghlaim ónar tharla. Is fusa cur cíos ar na ceachtanna sin más i bhfad ó láthair na tubaiste atáthar ag cur síos orthu, mar atá á dhéanamh agam anois.

Seo a leanas mar sin, deich gcinn de cheachtanna, nó d’ábhair arbh fhiú duit machnamh a dhéanamh orthu tar éis timpiste an Tánaiste:

  1. Ná bíodh lánmhuinín agat as duine ar bith feasta. Ná creid ráiteas ar bith ar an gcéad dul síos, ná ar an dara dul síos ach oiread. Cuirim san áireamh ráitis airí a deir leat go bhfuil chuile shórt i gceart. Fiú má thug an t-aire sin tacaíocht duit agus post an Taoisigh á lorg agat.
  2. Cuimhnigh i gcónaí ar leas agus ar shábháilteacht an rialtais. Cuir cion, meas agus dílseacht sa dara háit i gcónaí. Bí amhrasach, fiosrach agus mímhuiníneach go dtí nach bhfuil aon rogha eile fágtha agat.
  3. Ní féidir leat gach scéal a fhiosrú ná gach ráfla a dheimhniú, ach bí cinnte go bhfuil daoine ag fiosrú i gcónaí agus ag deimhniú go dian ar do shon.Rinneadh cur síos mar seo ar Fergus Finlay, a bhí mar phríomhchomhairleoir ag an Tánaiste Dick Spring sna 1990idí: ‘Dick is paranoid and, when he’s not being paranoid, Fergus is paranoid for him.’

    Tá blaiseadh sa chur síos sin den síor-amhras a theastaíonn ó fhoireann polaiteora.

  4. Cuimhnigh ar a ndúirt tú roimhe seo faoin Sáirsint Maurice McCabe agus faoina chrógacht (‘heroic’ agus ‘distinguished’). Cuimhnigh ansin ar an bhfianaise go léir a tháinig chun solais ó shin faoi mhí-iompar agus faoi dhroch-chleachtais sna Gardaí. B’fhearr duit seasamh le d’fhocal feasta in áit a bheith ag cosaint airí d’uireasa láneolais.
  5. Cuimhnigh ar an damáiste a rinne agus atá á dhéanamh fós ag mí-iompar sna Gardaí, agus ar an seisear atá díomhaoin dá bharr: na hairí Frances Fitzgerald agus Alan Shatter; beirt choimisinéirí, Martin Callinan agus Nóirín O’Sullivan; agus beirt ard-rúnaithe sa Roinn Dlí agus Cirt, Brian Purcell agus Noel Waters. Cá bhfios cé eile a bheas díomhaoin mura n-athraíonn tusa cur chuige an rialtais?
  6. Cuimhnigh ar an meon a thagann i réim i ngach rialtas, agus i bhFine Gael go háirithe nuair a bhíonn sibhse i mbun rialtais. Bíonn cathú oraibh lántacaíocht gan choinníoll a thabhairt don Gharda Síochána.Ba chóir go mbeadh a fhios agaibh faoin am seo nach ionann lántacaíocht agus lánmhuinín.
  7. Bhí meas ag do pháirtí féin ort, go dtí seo, mar cheannaire ceanndána nár sheachain caint ghéar faoin bhfreasúra. As seo amach, smaoinigh sula labhraíonn tú agus seachain an chaint sin go minic. Labhair go géar, tar éis duit (a) an t-ábhar, (b) an t-am, agus (c) an tionchar a mheá go cúramach.
  8. Éirigh as grianghrafanna páistiúla ar Twitter. Sampla ar an 20 Samhain: ‘Monday night and the Cabinet papers have arrived’ agus grianghraf de na páipéir. Is féidir leat filleadh ar rudaí imeallacha nuair a bheidh tú i do mháistir ar do cheird.
  9. Ní mian liom comhairle a chur ort maidir le cúrsaí pearsanra, ach sílim nach mbeadh sé cuí ná ceart gan tagairt do thriúr:Micheál Martin: Tá comhrac mór buaite aige, agus caillte agatsa. Bí aireach ina choinne, fíor-aireach.

    Simon Coveney: Molfar duit Paschal nó Richard nó Heather fiú amháin a cheapadh mar Thánaiste. Déan an rogha stuama agus roghnaigh Simon Coveney. Coinnigh do chéile comhraic cóngarach duit, mar a mhol Nelson Mandela.

    Charlie Flanagan: Cá bhfios cén ríomhphost eile nár aimsíodh sa roinn dlí agus cirt go fóill, nó cén scannal eile a thiocfaidh go barr uisce sa roinn sin? Aistrigh Charlie, agus aimsigh duine crua cumasach chun dul i gcomharbacht air.

  10. Tóg go bog é an chéad uair eile sara seasann tú gualainn ar ghualainn le hairí atá i sáinn, nó sara labhraíonn tú ar a son. Ach déan a mhalairt uaireanta.Ná cuir moill ar ghníomh nach féidir a sheachaint – díbirt Tánaiste fiú amháin – más léir an riachtanas.

Cuimhnigh ar a ndúirt Machiavelli fadó: ‘déanann fear stuama láithreach an rud a dhéanann amadán ar deireadh thiar’.

Tá súil agam go mbainfidh tú tairbhe éigin as an gcomhairle seo, fiú murar léir duit sna pointí thuas ach ábhar fiúntach machnaimh.

Gach rath ar do shaothar agus fad saoil agat mar Thaoiseach.

Le meas mór,
Do chol ceathrar (más fíor) i Mumbai

Fág freagra ar '10 gceacht don Taoiseach i ndiaidh imeacht a Thánaiste'

  • Maire

    Iontach maith!

  • Moladh eile

    Cur i láthair an-deas ar an gcomhairle

  • serendipity@gmail.com

    Agus cé a rithfidh an tír faid a bheidh an Taoiseach ‘deas’ mothaolach somheallta seo i mbun na ceachtanna sin a fhoghlaim agus é á fhaire féin ag an am gcéanna ar a chuid namhad? Rinne Fitzie spior spear de agus nìlimid ach ina thús.

  • Póilín

    Ar fheabhas!

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    An-damáiste déanta do leo. Go nuige seo bhí sé ag siúl ar uisce ach ní a thuilleadh. Bua mór do FF agus do Míchaél Ó Mairtín. Ba cheart do fáil reidh leis an tvuiterátaí agus na stocaí dathúla. Tá teagair agus maorgacht ag baint le hoifig an Taoiseach agus baol cruthaithe ag Leo dá gcaillfidh sé an chéad olltoghcháin eile go gcuimhneoidh daoine ar mar “twitter bunny”.
    A chéad dúslán mór caillte go hiomlán aige. Tá sé taréis borradh a chur faoi FF nuair nach raibh móran “vital signs” á leiriú acu agus tá lucht na ” príonsaí tráchtála” ó Chorcaigh ag cur faobhar ar a gcuid sceanra do bhabhta a dó.
    Ní mór do Leo a bheith an-aireach as seo amach mar munar seo “the beginning of the end of the honeymoon, it certainly is the end of the beginning”.
    Is é ról an Taoiseach nó an ceannaire buaiteoirí a phiochadh seachas tacú le cailitheoirí i bhfad ró-fhada.
    Bí ag éisteacht Leo. Tá gá agat le comhairleoir aibí polataíochta seachas “yuppy spin doctors” ag twitteráil lena chuid “dog whistlers”.
    Sin go léir gan trácht ar an mBreatimeacht, gearchéim tithíochta agus an dainséar go mbeidh ganntanas trollaithe ag na hoispidéil i lár Mhí Eanair seo chughainn.
    Beidh SF ag caoiméad cúntas géar ag líon na mbochtán, beirt san áireamh cheanna féin atá ag fáil bháis i ngiorracht scread asail don GPO, áit ar léigh Padraig Mac Piarais Forógra na Cásca i 1916.
    Muna bhfuil tú curamach Leo beidh daoine ag deanamh comparáid idir Baile Atha Cliath agus Calcutta gan mhaoill.