‘Turas glas’ ó Chois Fharraige chuig an Bhreatain Bheag

Is fiú iarracht a dhéanamh turas a dhéanamh thar lear ar an gcóras iompair poiblí

‘Turas glas’ ó Chois Fharraige chuig an Bhreatain Bheag

Luaigh mé anseo le déanaí a dheacra is atá sé don Éireannach an taisteal glas a dhéanamh ó tharla gur in oileán ar imeall na hEorpa atá muid. Mar sin féin, luaigh mé freisin go raibh sé i gceist agam iarracht a dhéanamh ‘turas glas’ a dhéanamh – is é sin le rá, turas a dhéanamh thar lear ar an gcóras iompair poiblí.

Ar thaobh Bhóthar Chois Fharraige, deich méadar ó dhoras an tí, a chuir mé tús leis an aistear mór agus mé ag fanacht ar bhus na Gaillimhe (€4.35) a thug chomh fada le Stáisiún Ceannt i lár na cathrach mé.

Tá an-fheabhas tagtha ar sheirbhís bus Chois Fharraige le blianta beaga anuas (go raibh maith agat, a Éamoin) agus ní raibh stró ar bith orm an chathair a bhaint amach in am do thraein 13:05 go Baile Átha Cliath (€15.99). Is é an feall é nach bhfuil an t-achrann faoi sheirbhís lónadóireachta Iarnród Éireann curtha ina cheart go fóill – is fada an t-achar é go Stáisiún Heuston gan gloine uisce féin a bheith ar fáil ó charráiste an bhia.

Tabharfaidh mé an leagan ciorraithe den turas a thug mé féin ó tharla go ndeachaigh mé ar side quest le mo chairde, mo mhuintir, agus Portal Bhaile Átha Cliath-Nua-Eabhrac a fheiceáil an tráthnóna sin.

Tá seirbhís bus ag Calafort Bhaile Átha Cliath a thabharfaidh an taistealaí glas ó Stáisiún Heuston caol díreach go dtí an críochfort sa bPort Thuaidh (€4.50). Is é Nolan’s Coaches a chuireann an tseirbhís ar fáil agus stopann sí ag Siúlán Bhaitsiléir agus Cé Theach an Chustaim (€3 ó na stopanna sin) sula bhfágann sí a paisinéirí ag críochfort Stena Line.

Tá an seomra feithimh sa bPort Thuaidh go breá compordach ach ó tharla gur i lár na hoíche dorcha (02:00) a bhí mé ann agus chuile sholas sa teach lasta agus na doirse ar leathadh (ar chúis nach dtuigim) bhí an áit beo le cuileoga. Ligtear do na feithiclí dul ar bord ar dtús mar sin bhí neart ama agam aithne a chur ar na diabhail bheaga a bhí ar an mbord, ar an gcathaoir, agus ar mo cholainn féin agus muid ag fanacht.

Bus beag a thug ón gcríochfort chuig an mbád farantóireachta Estrid muid (€0). Chosain an ticéad áirithe seo €12 orm mar gheall ar shladmhargadh a bhí ar siúl ag Stena Line (sladmhargadh a spreag an turas ar fad – is fiú clárú le nuachtlitreacha ríomhphoist le margaí mar sin a fháil!). Dá mbeadh an turas á dhéanamh sa lá agam ní bheadh costas ar bith eile orm ach tá taithí agam ar thurais oíche ar bháid agus d’íoc mé an €49 ar an leaba – agus ba mhór ab fhiú é.

Tháinig muid i dtír ag Calafort Caergybi ag 05:30 ach níor scaoileadh saor ón long muid go dtí go raibh na carranna agus trucailí uilig imithe. Leag mé cois ar thalamh na Breataine Bige ag 06:15 ar maidin. Murab ionann ag Éire tá an córas iompair nasctha le chéile ar bhealach ciallmhar sa mBreatain agus shiúil mé céad méadar ón gcríochfort go dtí an stáisiún traenach. Fanacht trí ceathrú uaire a bhí orm le haghaidh Thraein Bangor (£11.50 ar thicéad fillte). Is beag rud atá le déanamh ná le feiceáil in Caergybi ag 06:30 (ná ag am ar bith eile den lá) mar sin molaim go mór don taistealaí glas leabhar maith a thabhairt leis.

Is gleoite an stáisiún traenach atá in Bangor – é ar aon déanamh leis na ceanna atá ag titim as a chéile i mbailte beag na hÉireann ó Ghaoth Dobhair go dtí an Daingean – agus caifé deas ann inar ith mé bricfeasta. Cuireann sé iontas orm i gcónaí go ndeachaigh na Briotanaigh ar fud an domhain mhóir ach nár fhoghlaim siad áit ar bith cén chaoi le béile maith a chur le chéile.

Tar éis tamall beag eile tháinig ‘Sherpa’r Wyddfa’ (bus ‘Sherpa’ a thugann lucht siúl sléibhte go Páirc Náisiúnta Eryri). £6.50 a chosain ticéad lae ar an mbus iontach seo a théann ó bhaile mór Bangor an bealach ar fad go Pen-y-Pass i gcroílár Eryri.

Is as Pen-y-Pass a thosaíonn formhór na ndaoine atá ag tabhairt aghaidh ar an sliabh is airde sa mBreatain Bheag, Yr Wyddfa, agus bíonn an carrchlós plódaithe ann óna sé a chlog ar maidin sa samhradh. Is iontach an tseirbhís an Sherpa, a fhreastalaíonn ní hamháin ar chnocadóirí ach ar phobal tuaithe na háite freisin – bhí idir bhuataisí siúil agus bhuataisí oibre ar an mbus in éindí liom.

Ó tharla gur ag díriú ar iontaisí an chórais iompair phoiblí atá mé san alt seo ní chuirfidh mé síos ar an tsiúlóid go barr na Breataine Bige. Bhain mé ceann scríbe amach agus – iontas na n-iontas – bhí stáisiún traenach eile romham ar bharr an tsléibhe.  Níor íoc mé an £32 ar an ticéad ó bharr go bun ach shiúil mé taobh leis an iarnród beag go baile Llanberis mar ar casadh an Sherpa orm arís. Thaispeáin an ticéad lae don tiománaí agus abhae liom arís ar an turas fada go hIndreabhán.

€92.99 a chosnódh an turas álainn seo ar dhuine (sin leis an sladmhargadh €24 ar thicéad fillte ar an mbád gan cábán). Is cinnte go raibh sé níos fadálaí ná tiomáint go Calafort Bhaile Átha Cliath agus an carr a thabhairt go Pen-y-Pass ach ba mhór an pléisiúr é a bheith i mo phaisinéir agus in ann lán mo shúl a bhaint as tírdhreacha áille na hÉireann agus na Breataine Bige.

Fág freagra ar '‘Turas glas’ ó Chois Fharraige chuig an Bhreatain Bheag'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Turas iontach! :-)