Sé ábhar suntais ó na toghcháin áitiúla sa Ghaeltacht…

Seo roinnt de na rudaí a thug meitheal Tuairisc suntas dóibh agus scagadh á dhéanamh ar thorthaí na dtoghchán áitiúla sa Ghaeltacht

Sé ábhar suntais ó na toghcháin áitiúla sa Ghaeltacht…

An Áitiúlachas in aghaidh an Fhiannafáileachais i gConamara

Tá creathadh nach beag bainte ag an bpáirtí polaitíochta, Independent Ireland, as an gcóras polaitíochta. Agus seo á scríobh tá an chuma ar an scéal go mbeidh seisear comhairleoirí dá gcuid ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe ó bhain Michael Leainde suíochán amach ag deireadh an chomhairimh i gConamara Theas.

Fuair Leainde 93 vóta aistrithe níos mó ó Dhaithí Ó Cualáin, iarrthóir Fhianna Fáil, ná mar a fuair Darragh Ó Tuairisg, iarrthóir eile de chuid Fhianna Fáil. Sa gcás seo bhuail an t-áitiúlachas an Fiannafáileachas.

Ba chuma ach bhí 165 vóta ag an gCualánach nár aistríodh ar chor ar bith, cé go raibh beirt iarrthóirí de chuid Fhianna Fáil fós sa rása, Máirtín Lee agus Ó Tuairisig. Ní raibh sa deireadh ach 33 vóta idir Michael Leainde (Ind Ire) agus Darragh Ó Tuairisg (FF), an t-iarrthóir a chaill amach de bharr nár aistríodh tiubh a ndóthain na vótaí idir triúr iarrthóirí Fhianna Fáil. Dá dtabharfadh níos mó daoine rogha do chuile dhuine ar an bpáipéar ballóide, b’fhéidir gur toradh difriúil a bheadh ar an toghchán.

Donncha Ó hÉallaithe

Cainteoirí Gaeilge tofa ar fud na tíre

Toghadh roinnt cainteoirí Gaeilge ina gcomhairleoirí ar fud na Gaeltachta agus na tíre, cuid acu atá líofa agus cuid acu a bhfuil dóthain den teanga acu chun agallamh beo a dhéanamh ar na meáin chraolta Ghaeilge.

Toghadh den chéad uair sa stát comhairleoir dubh ar cainteoir Gaeilge líofa é. Bhuaigh Darragh Adelaide, ó Phobal Roimh Bhrabús, suíochán i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath Theas. Toghadh fosta ina chomhairleoir den chéad uair an t-iarrthóir neamhspleách Barry Heneghan i dtoghcheantar Chluain Tarbh. Bhí Heneghan, a reáchtáil feachtas fuinniúil ar TikTok ina láithreoir ar an tsraith Barragram ar TG4, agus é i measc na gcomhairleoirí is óige a toghadh sna toghcháin áitiúla.

Hazel de Nortúin. Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

D’éirigh le roinnt comhairleoirí ar cainteoirí Gaeilge iad a gcuid suíochán a choinneáil, ina measc, an comhairleoir Hazel de Nortúin i mBaile Formaid. Tiocfaidh de Nortúin, a bhunaigh an caifé Gaelach Glic Caife i mBaile Formaid agus a raibh baint aici le bunú naíonra sa cheantar, i gcomharbacht ar Bhríd Smith mar iarrthóir olltoghcháin an pháirtí sa toghcheantar i mBaile Átha Cliath. Toghadh arís Brian MacDonagh, comhairleoir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, i dtoghcheantar Fhine Gall.

D’éirigh le neart comhairleoirí Gaeltachta a bhfuil cáil na Gaeilge orthu a gcuid suíochán á choinneáil chomh maith, ina measc an comhairleoir neamhspleách Mícheál Mac Giolla Easpuig, a tháinig ag barr an chomhairimh sna Gleannta i nGaeltacht Dhún na nGall. Gaeilge amháin a labhraíonn Mac Giolla Easpuig ag cruinnithe na comhairle.

Toghadh athuair chomh maith Conor McGuiness, an comhairleoir de chuid Shinn Féin i nDún Garbhán atá ina leaschathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge.

Toghadh Breandán Fitzgerald, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i gCorca Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí arís agus cainteoir Gaeilge é Robert Brosnan a toghadh do Shinn Féin sa cheantar céanna. Is cainteoirí líofa Gaeilge cúigear den seisear  comhairleoirí a toghadh i gConamara Theas, Pádraig Mac An Iomaire (Fine Gael), Máirtin Lee (Fianna Fáil), Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtach) agus Micheal Leainde ó Independent Ireland.

Bhí Gobnait Moynihan cainteoir líofa as Baile Bhuirne ar bharr an chomhairimh i Maigh Cromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí.

Ar triúr eile de na cainteoirí Gaeilge ar éirigh leo a suíocháin a choinneáil bhí Gerry Hagan (FG) i Longfort agus Frank McDermott (FG) i Muileann gCearr – Cionn Átha Gad agus Dónal Coyle (FF) i Leitir Ceanainn.

Méabh Ní Thuathaláin

Muintir Chorca Dhuibhne ag dul a slí féin

Traidisiúnta go maith a bhíonn Corca Duibhne mar thoghcheantar de ghnáth ach chuaigh muintir na leithinse a slí féin an babhta seo chun bua stairiúil a thabhairt d’iarrthóir Shinn Féin, Robert Brosnan. In ainneoin gur drochlá a bhí ann don pháirtí go náisiúnta, d’éirigh le Brosnan, ar cainteoir Gaeilge é, cur go mór lena vóta agus 19% de vótaí céadrogha aige, i gcomparáid le 11.1% in 2019.

Tá Brosnan ar an gcéad chomhairleoir ó Chorca Dhuibhne a toghadh faoi bhrat Shinn Féin ó na 1920idí, nuair a bhí an scríbhneoir cáiliúil An Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha) acu mar chathaoirleach ar an gComhairle. Ar na daoine eile a toghadh don pháirtí in iarthar Dhuibhneach le linn na tréimhse sin, bhí Muiris Ó Catháin ó Chuas, aisteoir, amhránaí agus múinteoir.

Fuair an Comhaontas Glas vóta ard i gCorca Dhuibhne agus ní raibh a n-iarrthóir Peadar Ó Fionnáin rófhada ó shuíochán. Mhéadaigh Ó Fionnáin vóta a pháirtí sa cheantar ón 10% a fuair siad in 2019 go dtí 13%. Éacht a bhí ansin i dtoghcheantar trí shuíochán nuair a chuimhníonn tú go raibh borradh faoi vóta an Chomhaontais Ghlais ar fud an stáit cúig bliana ó shin ach nár éirigh leo aon duine a chur go dtí Comhairle Contae Chiarraí.

Deireadh ré a bhí ann i gCorca Dhuibhne chomh maith toisc nár éirigh le Séamus ‘Cosaí’ Mac Gearailt, an comhairleoir seanbhunaithe de chuid Fhine Gael a thug seirbhís mhór don Ghaeltacht, a shuíochán a choimeád.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Laghdú mór eile ar thacaíocht Fhianna Fáil sna Gleannta

Bhí Gaeltacht iarthuaisceart Thír Chonaill mar a bheadh daingean ag Fianna Fáil ar feadh na mblianta agus tacaíocht an pháirtí chomh hard le 40% ann sna 1990idí, tráth a raibh Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir i mbarr a réime mar Theachta Dála agus aire stáit ann. Léiriú iad torthaí an deireadh seachtaine go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar thacaíocht Fhianna Fáil agus iad tite ó 30% in 2019 go dtí 18.5% i mbliana.

Dhá shuíochán a chaill siad i dtoghlimistéar na nGleanntach. Bhí suíochán eile, suíochán an Chomhairleora Donal Coyle, i mbaol i dtoghlimistéar Leitir Ceannainn, ach d’éirigh leis teacht slán agus an suíochán deireanach a fháil aréir. Dá gcaillfeadh Coyle an suíochán sin ní bheadh ach naonúr comhairleoirí de chuid Fhianna Fáil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.

I mBaile na nGallóglach, toghadh den chéad uair sa chontae comhairleoir contae a bhí aerach go hoscailte. D’fhág an 1,739 vóta a fuair an t-iarrthóir neamhspleách Declan Meehan ag ceann an chomhairimh é, agus é chun cinn ar an gComhairleoir Liam Blaney (FF). Dúirt Meehan go raibh sé faoi chomaoin ag na daoine a thug vóta dó agus gur onóir dó a bheith “mar chuid den stair” i nDún na nGall.

Maitiú Ó Coimín

Ní dheachaigh an Ghaeltacht rófhada ar dheis

Ba é an dul chun cinn a dhéanfadh iarrthóirí ar an eite fhíordheis ar fud na tíre ceann de na ceisteanna móra a bhí ann roimh na toghcháin ach lasmuigh d’Áth Cliath, áit ar toghadh roinnt daoine le dearcthaí láidre frith-inimirce, níor éirigh leis na hiarrthóirí ón imeall suíocháin a fháil.

I dtoghcheantar Chaisleán an Bharraigh, mar a bhfuil Gaeltacht dheisceart Mhaigh Eo, bhí Stephen Kerr, atá gníomhach ar na meáin shóisialta agus é ag labhairt faoi chúrsaí inimirce, san iomaíocht do shuíochán ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo go dtí an comhaireamh deireanach agus nach mór 900 vóta céadrogha faighte aige.

Níor éirigh chomh maith le haon iarrthóir ón eite fhíordheis i gceantair Ghaeltachta eile, áfach.

I gConamara Theas, cuireadh an t-iarrthóir a bhí ag an Irish Freedom Party as an áireamh luath go maith sa chomhaireamh.

Maidir leis an bpáirtí nua ar an eite dheis, Independent Ireland, Conamara an t-aon áit sa Ghaeltacht ar éirigh leo aon suíochán a fháil.

Ba é Noel Thomas ón bpáirtí sin a bhí ar cheann an chomhairimh i gConamara Theas agus toghadh in éineacht leis Micheál Leainde. D’éirigh le Séamus Walsh ó Independent Ireland suíochán a fháil i gConamara Thuaidh.

D’fhág Thomas agus Walsh Fianna Fáil níos luaithe i mbliana tar éis dóibh labhairt amach mar chuid d’agóid i gcoinne iarrthóirí tearmainn a lonnú in óstán i Ros Cathail. 

Pádraic Ó Ciardha

An ceantar Gaeltachta a thogh an chéad iarrthóir

Bhí aird náisiúnta ar thoghcheantar ceithre shuíochán Chonamara Thuaidh agus é ar an chéad cheantar inar líonadh na suíocháin do Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Sampla maith a bhí i gConamara Thuaidh de na treochtaí vótála a bheadh le feiceáil go náisiúnta, lá maith do na neamhspleáigh, Fine Gael agus Fianna Fáil ag seasamh an fhóid gan aon bhorradh faoi vóta Shinn Féin.

Thomas Welby

An Comhairleoir neamhspleách Thomas Welby an chéad chomhairleoir a toghadh sa stát, agus sna sála air bhí Séamus Walsh, iarchomhairleoir de chuid Fhianna Fáil a d’fhág an pháirtí mar gheall ar an seasamh a ghlac sé i gcoinne inimircigh a lonnú i Ros Cathail in Iarthuaisceart na Gaillimhe. Toghadh chomh maith Gerry King Fhianna Fáil agus Eileen Mannion, Fine Gael, rud a d’fhág go mbeidh an ceathrar céanna ar éirigh leo in 2019 ag déanamh ionadaíochta ar Chonamara Thuaidh sa chomhairle nua. Tháinig laghdú an uair seo ar vóta iarrthóir Shinn Féin sa cheantar, Tom Healy, agus fuair Mánus Ó Conaire, an neamhspleách agus cainteoir líofa Gaeilge, os cionn 900 vóta céadrogha.

Méabh Ní Thuathaláin

Fág freagra ar 'Sé ábhar suntais ó na toghcháin áitiúla sa Ghaeltacht…'

  • criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Comhghairdeachais leis na Gaeilgeoirí go léir a fuair suíocháin sna toghcháin áitiúla ar fud na tíre, go mórmhór na ‘Sinn Féinigh’ agus Conor McGuiness sna Déise ach go h-áirithe.