GAILEARAÍ/TUAIRISC: Rith an ráis le maratón an Daingin don séú bliain as a chéile

Tá tairbhe mhór á baint ag lucht gnó an Daingin as an slua a fhreastalaíonn ar na maratóin, ach tá údair ghearáin ag daoine chomh maith

GAILEARAÍ/TUAIRISC: Rith an ráis le maratón an Daingin don séú bliain as a chéile

Ciara Wilson

In ainneoin go raibh clagarnach bháistí sa Daingean maidin Dé Sathairn, níor chuir a leithéid d’aimsir isteach rómhór ar an 2,600 iomaitheoir a ghlac páirt i Maratón agus Leathmharatón an Daingin ar maidin. Go deimhin, ní raibh na reathaithe ach ag Droichead Bhaile An Mhuilinn, agus iad ar a slí timpeall Cheann Sléibhe, nuair a gheal an lá agus scaip an ceobhrán.

Ba é seo an séú bliain ag an ócáid seo a bheith ar bun agus le cúig bliana anuas bhí an aimsir ar a dtoil ag an lucht eagraithe agus ag na rannpháirtithe araon.

Cé go bhfuil tairbhe mhór á baint ag lucht gnó an Daingin as an slua a fhreastalaíonn ar na maratóin, tá daoine ar an dtaobh thiar den Daingean ag gearán le fada go gcuirtear isteach ar a ngnó féin de dheasca na mbóithre bheith dúnta ar feadh scaithimh den lá agus go mórmhór ar maidin. Tá roinnt gnóthaí ná osclaíonn in aon chor ar lá an mharatóin agus bíonn cailliúint ioncaim acu dá dheasca.

LukeMar2
Reathaithe mharatón an Daingin

Ábhar eile gearáin is ea go bhfágann na hiomaitheoirí ladhar mhaith buidéal plaisteach ar thaobh an bhóthair fan Slí Cheann Sléibhe, tar éis dóibh an t-uisce astu a ól. Cé go mbailítear cuid mhaith de na buidéil i ndiaidh an ráis, is minic a fhanann roinnt de na buidéil phlaisteacha i ndígeanna ar feadh tréimhse fada fan na slí seo a bhfuil radharc tíre an-taibhseach uaithi. Bíonn a leithéid folaithe go dtagann an geimhreadh agus nuair a bhíonn féar agus fáis eile an tsamhraidh leáite.

Cé go gcríochnaíonn an leathmharatón ag Tigh Khrugeir, i nDún Chaoin, tugtar na hiomaitheoirí agus a lucht tacaíochta isteach ’on Daingean arís ar fhlít busanna a bhíonn ann faoina mbráid.

Bíodh is go raibh na hiomaitheoirí iomadúil go maith inniu, b’iomadúla fós na míola corra! Fuair lucht leanúna agus an fhoireann mhór de lucht eagraithe clogadh ceart ó na míola corra, a bhí thar a bheith rábach mar go raibh an aimsir bog agus tais.

MalMar1
Malachaí Mac Amhlaoibh, ó Bhaile na Rátha, Dún Chaoin, tar éis dó an leathmharatón a chríochnú, in ainneoin a cholpa a bheith tinn, lasmuigh de Thig Khrugeir, i nDún Chaoin

B’fhéidir gurb é sin an fáth nach raibh oiread den lucht féachana ag Tigh Khrugeir Dé Sathairn agus a bhíodh blianta eile.

Ba é Eoin Ó Siochrú, ón mBántír, i gCorcaigh a bhuaigh an maratón in 2 uair 40 nóiméad agus 15 soicind agus ba í Hannah Fuddergill ó Nás na Rí an chéad bhean a chríochnaigh i 3.00.06. Tháinig Ó Siochrú sa chéad áit anuraidh chomh maith.

Ba é John Meade, ó Chorcaigh a bhuaigh an leathmharatón in 1.13.43 agus ba í Ciara Wilson an chéad bhean a tháinig isteach in 1.29.39.

LukeMar1
Luke Graham, ón nDaingean, an t-aon duine amháin, a ghlac páirt, agus é i gcathaoir rotha, i leathmharatón an Daingin

 

John Meade
John Meade a bhuaigh an leathmharatón a chríochnaigh i nDún Chaoin

 

CiaraWilsonFinish
Ciara Wilson, ó Loch Garman, an chéad bhean a chríochnaigh Leathmharatón An Daingin agus í ag dul thar an líne ag Tigh Kruger, Dún Chaoin

 

CríochMar1
Ceann scríbe sroichte

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ/TUAIRISC: Rith an ráis le maratón an Daingin don séú bliain as a chéile'