GAILEARAÍ: Seiminéar poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge i DCU

Seimineár poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge a reáchtáladh in Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU an tseachtain seo. Craoladh an ócáid beo ar leathanach Facebook Cois Life, agus seoladh an leabhar 'An ríomhaire ilteangach' ar an lá

Micheál Ó Meachair, logánaitheoir bogearraí ón Ríomhacadamh; Cathal Convery ó Fhoras na Gaeilge agus foireann focloir.ie; Michal Boleslav Měchura; an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Saint Louis

 

Údar an leabhair An ríomhaire ilteangach, Michal Boleslav Měchura, leis an Ollamh Kevin Scannell ó Ollscoil Saint Louis a sheol an leabhar

 

Éamon Ó Dónaill ó Ghaelchultúr, a labhair ag an seimineár faoin ríomhfhoghlaim mar uirlis teagaisc don Ghaeilge

 

Oisín Ó Duinn agus Gearóid Ó Cleircín, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, ag caint faoin leabhar i ndiaidh an tseolta

 

Údar an leabhair An ríomhaire ilteangach, Michal Boleslav Měchura agus Neasa Ní Chiaráin ó Choláiste na Tríonóide. Labhair Neasa faoi theicneolaíocht na hurlabhra agus na teanga don Ghaeilge

 

Ronan Doherty, stiúrthóir an chraolta bheo agus dearthóir suímh idirlín ag caint faoi dhearadh suímh agus eispéireas an úsáideora ar an idirlíon

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Seiminéar poiblí ar an ríomhaireacht sa Ghaeilge i DCU'

  • Seán Mag Leannáin

    Cheap mé go raibh an chomhdháil seo ar fheabhas. I mo thuairimse is ceannródaithe iad na daoine seo i saol na teanga – Kevin Scannell, Michal Boleslav, Micheál Johnny Ó Meachair, Ronan Doherty agus daoine eile nach iad. Tráth a bhfuil, de réir dealraimh, an Ghaeilge ag dul i léig sa Ghaeltacht b’fhéidir gur comhartha mór dóchais é go bhfuil na daoine seo i réimse na nua-bhealaí cumarsáide ag teacht chun cinn. Seans gurb é as na foinsí seo a thiocfaidh aon teacht aniar atá in ann don teanga. Táim ag súil go mór leis an leabhar An Ríomhaire Ilteangach le Michal Boleslav a léamh.

  • Éamonn Ó Gribín

    Maith thú fries in a Sheáin!

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidr le “Maith thú fries in a Sheáin”,

    Caithfidh go raibh ‘tuarthéacs’ ar siúl, mar ní raibh ach “Maith thú a Sheáin” uaim I gceist agam!