Comóradh le déanamh in UCC ar 100 bliain ó rugadh an Ríordánach

Déanfar comóradh ar an bhfile aitheanta Corcaíoch i gColáiste na hOllscoile Corcaigh sna seachtainí amach romhainn

Comóradh le déanamh in UCC ar 100 bliain ó rugadh an Ríordánach

Déanfar ceiliúradh ar shaolú an fhile Seán Ó Ríordáin, cothrom an ama seo 100 bliain ó shin, i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh an mhí seo. Tá clár leathan imeachtaí, a bheidh saor in aisce, leagtha amach ag an Ollscoil thar na ceithre seachtaine atá amach romhainn.

Rugadh Ó Ríordáin ar an 3 Nollaig 1916 agus déanfaidh Rannóg na Nua-Ghaeilge comóradh 100 bliain a shaolaithe a cheiliúradh sna seachtainí seo romhainn.

Inniu, labhróidh triúr filí a bhfuil ceangal láidir acu le UCC faoina saothar féin agus faoin tionchar a bhí ag an Ríordánach ar an saothar sin. Beidh Ailbhe Ní Ghearbhaigh, Áine Uí Fhoghlú agus Colm Breathnach i láthair in éineacht leis an Albanach Wilson McLeod ó Ollscoil Dhún Éideann.

Bronnann Bord Gaeilge Choláiste na hOllscoile ‘Duais Uí Ríordáin’ ar dhalta de chuid Ghaelscoil Uí Ríordáin i mBaile an Chollaigh i gContae Chorcaí gach uile bhliain mar chomóradh ar shaothar an fhile. Ba ar Kate Ní Mhathúna a bronnadh an duais i mbliana.

Beidh ócáid speisialta ar siúl sa Seomra Caidrimh san Ollscoil ar an 17 Samhain leis an gceangal sin idir an Ollscoil agus an Ghaelscoil a cheiliúradh. Léifidh daltaí na Gaelscoile agus mic léinn na hOllscoile filíocht de chuid an Ríordánaigh agus casfaidh an dá dhream ceol ag an ócáid.

Tabharfaidh an tOllamh Timothy O’Neill léacht phoiblí uaidh i mBéarla dár teideal ‘Letter-forms and literature: wrestling with Scripture, Heaney and Ó Ríordáin’ i gColáiste na nDán ar an 22 Samhain. Labhróidh O’Neill faoina chuid oibre mar challagrafaí. Coimisiúnaíodh O’Neill le callagraf a chruthú den dán cáiliúil ó lámh an Ríordánaigh Fill Arís. Tá callagraif déanta ag O’Neill cheana ar lámhscríbhinní na luathGhaeilge agus d’oibrigh sé go dlúth leis an bhfile mór Béarla Seamus Heaney, nach maireann.

Cuirfear deireadh leis an gcomóradh ar an 25 Samhain nuair a chuirfear busta Sheáin Uí Ríordáin i Rannóg na Nua-Ghaeilge. Tabharfaidh an tOllamh Seán Ó Coileáin óráid uaidh ag an ócáid sin.

Rugadh an Ríordánach i mBaile Bhuirne. D’aistrigh a theaghlach ón mbaile Gaeltachta sin go Inis Cara gar do chathair Chorcaí i ndiaidh bhás a athar, ach ba i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a chaitheadh sé a chuid laethanta saoire. Chónaigh sé ansin ar feadh cúpla mí idir 1952 agus 1953. Thiomnaigh sé a dhara cnuasach filíochta, Brosna, do mhuintir Dhún Chaoin i 1964.

Fág freagra ar 'Comóradh le déanamh in UCC ar 100 bliain ó rugadh an Ríordánach'