CHARLIE LENNON 1938-2024: Duine de mhórcheoltóirí na tíre, ar shlí na fírinne 

Beidh Charlie Lennon, ceoltóir agus cumadóir tréitheach, á chur i gcré na cille i gConamara inniu

CHARLIE LENNON 1938-2024: Duine de mhórcheoltóirí na tíre, ar shlí na fírinne 

Tá duine de mhórcheoltóirí na tíre ar shlí na fírinne. Dé Sathairn seo caite a bhásaigh Charlie Lennon, in aois a 85 bliain. Fidléir, pianódóir agus cumadóir tréitheach a raibh gean agus meas ag Gaeil air ab ea Charlie a chas an fhidil, an pianó agus a chum cuid den cheol is mó trácht agus gean sa tír seo le blianta fada.

Bhí an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ina measc siúd a chuir a gcomhbhrón in iúl ar bhás an cheoltóra: “Tá duine de na healaíontóirí ba fhlaithiúla agus ba mhó cumas in Éirinn imithe uainn. Ceoltóir agus cumadóir den scoth ab ea Charlie Lennon agus tá cnuasach mór dá chuid cumadóireachta fágtha aige againn mar oidhreacht.

Charlie Lennon. le Seán Ó Mainnín/Taisce Chois Fharraige

“Beidh píosaí dá chuid amhail ‘Na Beanna Beola’, an ‘Bóthar go dtí an Caiseal’ agus go leor eile á gcasadh ag go leor ceoltóirí sna blianta seo romhainn.”

Rugadh Charlie Lennon i gCoillte Chlochair i gContae Liatroma agus bhí fuinneamh agus aeraíocht cheol an cheantair sin le brath ina chuid ceoil i gcónaí. Thosaigh sé ar ranganna pianó ag seacht mbliana d’aois agus rinne sé na gráid go léir a bhí ag Acadamh Ríoga an Cheoil. A dheartháir Ben, fidléir agus múinteoir ceoil aitheanta eile, a chothaigh a shuim sa gceol agus a mhúin an fhidil dó agus bhain sé saothrú as an gceol le bannaí ceoil agus é fós ina dhéagóir.

Is iomaí ceoltóir a bhfuil Irish Fiddle Tunes – Musical Memories le Charlie Lennon mar bhíobla agus mar inspioráid acu chomh maith leis an gcual mór ceirníní eile a raibh sé ag ceol orthu. Cuimhníonn go leor ar an The Famine Suite, a chum sé le 150 bliain ón nGorta mór a chomóradh. Sa mbliain 2016 a eisíodh Áille na hÁille ar choimisiún ó Ghael Linn le hÉirí Amach 1916 a chomóradh.

Bhí Charlie pósta le Síle Tim Ní Fhlaithearta, amhránaí sean-nóis aitheanta as an Spidéal i gConamara. Sa mbliain 1999 d’oscail Charlie stiúideo taifeadta sa Spidéal, Stiúideo Cuan, atá fós ag feidhmiú faoi stiúir a iníne Éilís agus Darach Mac Con Iomaire.

Bhain Charlie dochtúireacht amach mar fhisiceoir núicléach in Ollscoil Learphoill ach ar a fhilleadh go hÉirinn thug sé faoin gcumadóireacht ceoil agus ba mhaith uaidh.

Charlie Lennon agus a bhean, Síle Tim, le Seán Ó Mainnín/Taisce Chois Fharraige

Duine lách gnaíúil ab ea Charlie ar bhreá lena chroí comhluadar daoine a raibh spéis agus dúil sa gceol acu agus is iomaí sin ceoltóir a chas a chuid ceoil féin agus ba ghnaíúil uaidh a chumas, a thuiscint agus a oidhreacht a roinnt leo.

Bronnadh Gradam Ceoltóir na Bliana TG4 air in 2006 agus bronnadh Gradam Óir IMRO air in 2020.

Beidh Charlie Lennon á chur i gcré na cille i Reilig an Choilligh ar an Spidéal inniu tar éis Aifreann a shochraide i gCill Éinde sa Spidéal ag a 11.00am.

Faoi bhrón ina dhiaidh fágann Charlie a bhean Síle, a chlann, Seán, Dónal agus Éilís, clann a chlainne, a dhaoine muinteartha, ceoltóirí agus gach duine ar gean leis an ceol.

Fág freagra ar 'CHARLIE LENNON 1938-2024: Duine de mhórcheoltóirí na tíre, ar shlí na fírinne '