Beirt iarrthóirí de chuid Independent Ireland tofa i gConamara Theas 

Tá deireadh leis an gcomhaireamh do Chonamara Theas agus na cúig shuíochán ann líonta

Beirt iarrthóirí de chuid Independent Ireland tofa i gConamara Theas 

Tá beirt iarrthóirí de chuid Independent Ireland tofa i gConamara Theas agus an comhaireamh críochnaithe.

Toghadh sa tríú comhaireamh inné Noel Thomas agus toghadh in éineacht leis sa 10ú comhaireamh inniu a chomhghleacaí Michael Leainde as Ros an Mhíl.

Toghadh chomh maith sa toghroinn ina bhfuil cuid de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire as na Doiriú, Fine Gael, Tomás Ó Curraoin, Sinn Féin Poblachtach, as Bearna, agus Máirtín Lee as Ceantar na nOileán.

Chaill Dáithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, as Indreabhán, agus Alastair McKinstry, an Comhaontas Glas, as Maigh Cuilinn, na suíocháin a bhuaigh siad in 2019.

Noel Thomas, as Independent Ireland, a bhí ag ceann an chomhairimh le 1,569 vóta céadrogha.

D’éirigh Noel Thomas as Fianna Fáil i mí an Mhárta. Mhaígh sé go raibh na mórpháirtithe polaitíochta “éirithe an-scoite amach ón ngnáthdhuine”.

Dúirt sé ag an am go raibh baint áirithe ag a chinneadh éirí as Fianna Fáil le cinneadh an pháirtí gníomh smachtaithe a dhéanamh ina choinne mar gheall ar an gcáineadh a rinne sé ar phlean lóistín a chur ar fáil i Ros Cathail d’iarrthóirí tearmainn.

Bhí ceist an lóistín ina cnámh spairne mhór sa cheantar. Dhírigh lucht agóide ar Óstán an Lake House in Uachtar Ard agus rinneadh ionsaí coirloiscthe uirthi mí na Nollag seo caite.

Toghadh chomh maith d’Independent Ireland Séamus Walsh i gConamara Thuaidh. D’éirigh Walsh as Fianna Fáil ag an am céanna le Thomas.

 

 

 

Fág freagra ar 'Beirt iarrthóirí de chuid Independent Ireland tofa i gConamara Theas '