Deir Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go bhfuil sé “réidh chun obair faoi cheannaireacht láidir Donald Trump” chun an tsíocháin a bhaint amach.
Dúirt Zelensky gur “údar aiféala” dó an cruinniú teasaí a bhí aige le huachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo caite agus nár oibrigh an cruinniú amach mar “ba chóir dó”.
Chuir Zelensky ráiteas amach ar na meáin shóisialta inniu i ndiaidh do Trump a fhógairt inné go raibh stop á chur aige le tacaíocht mhíleata Stáit Aontaithe Mheiriceá don Úcráin.
Maidir leis an margadh le Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi mhianraí agus cúrsaí slándála, dúirt Zelensky go raibh an Úcráin réidh lena leithéid “a shíniú” aon uair nó ar pé bealach a bheadh oiriúnach.
Dhearbhaigh uachtarán na hÚcráine go raibh rún daingean aige féin agus ag muintir na hÚcráine deireadh a chur leis an gcoimhlint ar chuir mórionradh na Rúise tús léi breis is trí bliana ó shin.
“Níl cogadh gan stad ó éinne againn,” a dúirt Zelensky.
“Tá an Úcráin réidh le suí chun boird chun dul i mbun idirbheartaíochta a luaithe agus is féidir ar mhaithe le síocháin bhuan a thabhairt níos gaire dúinn.
“Ní ann d’aon dream eile a shantaíonn an tsíocháin níos mó ná muintir na hÚcráine. Táimse agus m’fhoireannse réidh chun dul ag obair faoi cheannaireacht láidir Donald Trump chun síocháin a sheasfaidh a bhaint amach. Táimid réidh le dul ag obair go pras chun deireadh a chur leis an gcogadh…”
Dá mbeadh an Rúis toilteanach déanamh amhlaidh dúirt Zelensky go bhféadfadh gurb iad na chéad chéimeanna a bheadh ann maidir le deireadh a chur leis an gcogadh ná príosúnaigh a scaoileadh saor, sos cogaidh san aer agus ar muir, cosc ar dhiúracáin agus dróin fhadraonta agus cosc ar infreastruchtúr fuinnimh agus sibhialta a bhuamáil.
“Ina dhiaidh sin, ba mhaith linn obair an-tapaidh trí na céimeanna eile agus oibriú i gcomhar leis na Stáit Aontaithe chun margadh críochnúil láidir a fháil.
Ag an gcruinniú teasaí sa Teach Bán an tseachtain seo caite, thuill Trump agus leas-uachtarán SAM, JD Vance, cáineadh go leor as a rá le Zelensky nach raibh sé “buíoch” a dhóthain as an tacaíocht a tugadh dá thír.
“Le fírinne tá meas againn ar an méid atá déanta ag Stáit Aontaithe Mheiriceá chun cabhrú linn ár bhflaitheas agus neamhspleáchas a choimeád. Agus is maith is cuimhin linn an uair gur athraigh cúrsaí, nuair a chuir an tUachtarán Trump Javelins [diúracáin fhritancanna] ar fáil don Úcráin. Táimid buíoch as sin.”
Dúirt Zelensky nach raibh cruinniú na seachtaine seo caite sa Teach Bán mar ba chóir dó a bheith. “Tá sé in am rudaí a chur ina gceart anois. Ba mhaith linn go mbeadh comhoibriú agus cumarsáid fhiúntach ann feasta.”
Fág freagra ar 'Zelensky ‘réidh chun obair faoi cheannaireacht láidir Donald Trump’ le síocháin a bhaint amach'