Beidh oifigigh ó Údarás na Gaeltachta ag taisteal chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá go luath chun iarracht a dhéanamh lucht eolaíochta a mhealladh chun páirt a ghlacadh i bhforbairt ionad taighde mara i gConamara.
Tá tús curtha cheana féin leis an obair phleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara atá ar cheann de na ceantair is measa dífhostaíochta sa Ghaeltacht.
Tá sé i gceist go mbeadh idir obair thaighde agus obair thráchtála ar bun san ionad i bPáirc na Mara, forbairt a bhfuil idir €3m-€5 milliún á lua leis i gcostais tionscnaimh.
Táthar ag súil le cuid den infheistíocht sin a mhealladh ó chomhlachtaí a bheadh ag lonnú san ionad.
Tá Iorras Aithneach, ceantar Chill Chiaráin agus Charna, ar cheann de na ceantair is measa ó thaobh dífhostaíochta de sa tír agus tá béim mhór á leagan ag an Údarás ar fhorbairt acmhainní nádúrtha agus fiontair atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha ina iarracht dul i ngleic leis an bhfadhb sin.
De réir anailís a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí daonáirimh le déanaí, is í toghroinn Abhainn Ghabhla/Doire Iorrais i gceantar Charna i gConamara an ceantar láidir Gaeltachta is measa sa tír maidir le bheith faoi mhíbhuntáiste agus é 17% faoi bhun an mheáin náisiúnta.
De réir na hanailíse céanna, atá bunaithe ar Dhaonáireamh 2016, is é toghroinn Scainimhe i gceantar Chill Chiaráin i gConamara, an dara ceantar Gaeltachta is measa ó thaobh dífhostaíochta i measc na bhfear agus an séú ceantar is meas ó thaobh dífhostaíocht na mban.
Idir an dá linn tá feachtas ar líne tosaithe ag grúpa daoine as Iorras Aithneach chun aird a tharraingt ar fhadhbanna dífhostaíochta an cheantair.
Cén méid duine atá tar éis Iorras Aithneach a fhágáil de bharr dífhostaíocht & cé mhéid a d’fhillfeadh abhaile dá mbeadh obair ar fáil? @SeanKyneTD
How many people have left our area due to unemployment & how many would return if work was available?https://t.co/DRonVJEX6g pic.twitter.com/fnCsdNY9Nl
— Jabanna do cheantar Iorras Aithneach (@JobsforCarna) 11 Nollaig 2017
Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta ag tabhairt aghaidh ar Mheiriceá chun eolaithe a mhealladh d’fhorbairt ionad taighde mara i gConamara'