Níor éirigh leis na rapálaithe Kneecap ainmniúchán do ghradam Oscar a fháil nuair a fógraíodh na hiomaitheoiri deireanacha tráthnóna.
Bhí an scannán faoin mbuíon rap ar an ngearrliosta do dhá ghradam, an Fadscannán Idirnáisiúnta is Fearr agus An tAmhrán Nua is Fearr ach ní raibh sé i measc na n-ainmniúchán a fógraíodh inniu.
Bhí súil ann go mbeadh Kneecap ar an dara scannán Gaeilge chun ainmniúchán don scannán idirnáisiúnta is fearr a fháil. Fuair An Cailín Ciúin ainmniúchán in 2023 ach níor éirigh le rogha na hÉireann an geábh seo agus Emilia Perez ón bhFrainc, Pigen med nålen (An Cailín leis an tSnáthaid) ón Danmhairg, Ainda Estou Aqui (Tá Mé Fós Anseo) ón mBrasaíl,
Síol na Fige Beannaithe,Die Saat des heiligen Feigenbaums (Síol na Fige Beannaithe) ón nGearmáin agus Straume (Sruth) ón Laitvia ainmnithe don ghradam.
Bhí amhrán de chuid Kneecap, ‘Sick in the Head’ san iomaíocht sa rannóg don Amhrán Nua is Fearr chomh maith ach níor éirigh leis ainmniúchán a fháil.
Insíonn Kneecap scéal Móglaí Bap (Naoise Ó Cairealláin), Mo Chara (Liam Óg Ó hAnnaidh) agus DJ Próvaí (JJ Ó Dochartaigh), triúr cainteoirí Gaeilge ón Tuaisceart a bhfuil dul chun cinn éachtach déanta acu ó bhunaigh siad buíon rap.
Tá ainmniúcháin agus gradaim go leor faighte ag Kneecap ó cuireadh amach an scannán anuraidh. Bronnadh an duais don aisteoir is fearr ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Palm Springs orthu níos luaithe an mhí seo agus tá ainmniúcháin do ghradaim IFTA agus BAFTA faighte ag an scannán chomh maith.
Na haisteoirí Bowen Yang agus Rachel Sennott a d’fhógair na hainmniúcháin do ghradaim Oscar na bliana seo tráthnóna. Bhí na hainmniúcháin le fógairt an tseachtain seo caite ach cuireadh an ócáid siar mar gheall ar an loscadh mór a bhí in Los Angeles an mhí seo.
Reáchtálfar ócáid bhronnta na ngradam Oscar sa Dolby Theatre i Hollywood ar an 2 Márta.
Fág freagra ar 'Údar díomá do Kneecap agus gan aon ainmniúchán Oscar tugtha dóibh'