“Ní dhúnfar Scoil Dhún Chaoin” an rosc catha a bhí ag muintir Dhún Chaoin agus a lucht tacaíochta nuair a dúnadh scoil an Pharóiste agus gur cuireadh feachtas a hathoscailte sa tsiúl i dtús na seachtóidí.
Le comóradh céad bliain oscailt na scoile á ceilúradh i mbliana, is tráthúil an mhaise é go dtabharfaí turas siar ar bhóithirín na smaointe ar Ní Dhúnfar Scoil Dhún Chaoin (TG4, Dé Céadaoin).
Le Dáithí de Mórdha, iardhalta de chuid na scoile, ár dtionlacan, déantar stair na scoile a ríomh mar aon le deis a thabhairt d’iardhaltaí eile a gcuimhní cinn a roinnt linn.
Tugtar éachtaint dúinn ar an nasc idir scoil Dhún Chaoin agus an scoil a bhíodh ar an mBlascaod agus tá dealbh na Maighdine Muire, a thug Robin Flower mar bhronntanas do mhuintir an Oileáin, mar shiombail i gcónaí den nasc/traidisiún sin.
Gan dabht, is é an feachtas áitiúil agus náisiúnta leis an scoil a athoscailt an tréimhse is suntasaí i stair na scoile agus tá cuid mhaith den chlár dírithe uirthi sin, dá réir. Raideadh an scoil i lár an aonaigh i 1971 nuair a máirseáladh ó Dhún Chaoin go Baile Átha Cliath le haird a tharraingt ar an agóid.
Thug an t-ábhar cartlainne agus cloigne cainte cuntas ar na daoine áitiúla (Cáit ‘Bab’ Feiritéar, Breandán agus Máire Feiritéar) agus na daoine ar fud na tíre (Mártín Ó Cadhain, Michael Davitt, Liam Ó Muirthile, Máire Mhac an tSaoi, Pádraig Ó Snodaigh agus Breandán Ó Buachalla) a bhí ar thosach cadhnaíochta san fheachtas.
Ar an gcéad fhéachaint, thaibhseofaí duit go bhfuil uair an chloig an-fhada do chlár dá leithéid seo ach shúigh an t-ábhar isteach mé agus chuaigh sprid, díograis agus misneach an phobail go mór i bhfeidhm orm.
Thit rialtas Fhianna Fáil i 1973 agus níorbh fhada gur fhógair an tAire Oideachais nua go mbeadh an scoil le hathoscailt. Ábhar ceiliúrtha do mhuintir na háite ach deir Breandán Feiritéar go gruama, agus é ag tagairt do bhánú na tuaithe, gur buadh an cath agus cur cailleadh an cogadh.
Le huirbiú na tíre agus bánú na tuaithe ag leanúint gan staonadh, cá bhfios nach fada uainn an lá go mbeidh ar ‘acadamh na haille thiar’ agus bunscoileanna eile sa leithnis agus ar fud na nGaeltachtaí an rosc catha a ardú arís.
Duine de shliocht Ros Muc ina mhéara ar cheann de na cathracha is mó i Meiriceá. Cé a chreidfeadh é? Sa scannán faisnéise taitneamhach, caithiseach Méara Bhoston – Mo Mhac (TG4, Déardaoin) déantar cúlra agus aistear Marty Walsh a chur os ár gcomhair.
Is í Máire Breatnach, máthair Mharty, a dhéanann cuid mhaith den chlár a iompar agus tugann sí a léargais féin ar shaol Marty go bródúil agus go modhúil. Ina theannta sin, tugann sí siar ar bhóithrín na smaointe sinn, ag insint dúinn gur fhág sí an baile nuair nach raibh sí ach sé bliana déag d’aois (mar a dhein mórán de lucht a comhaimsire).
Tá ionchar tomhaiste, meáite, snoite ó Mharty féin agus é ag caint ar an ailse a bhuail é agus an t-aclólachas a chloígh sé. Tugann uncail leis, Peadar Ó Máille, léargas ar an tacaíocht a thug muintir Chonamara dó san fheachtas toghchánaíochta – dar leis go raibh 300 duine ó Ghaeltacht na Gaillimhe ag stocaireacht ar a shon.
Ba bhuaicphointe an turas mothúchánach, maoitneach abhaile.
Scéal suimiúil, agus tábhachtach, inste go simplí agus le cion.
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Turas fiúntach ar bhóithirín na smaointe'