Tuairisc ón mBeilg: Triail dúnmharaithe imithe amú san aistriúchán agus ‘Google translate’ déanta ar cháipéisí cúirte

Tá iarrtha ag breitheamh sa Bheilg 4000 leathanach a bhaineann le cás atá go mór i mbéal an phobail a aistriú as an nua agus an chuma ar an scéal gur ‘Google Translate’ atá i roinnt den aistriúchán a rinneadh cheana

BELGIUM WALLONIE NAMUR WALLOON FEASTS
Véronique Pirotton a frítheadh gan anam gan anáil i seomra óstáin in Ostainn na Beilge Oíche Shamhna 2013

‘An córas dlí ina cheap magaidh
4000 leathanach breac le botúin.’

Sin an ceannteideal a bhí ar leathanach tosaigh an nuachtáin La Meuse an 30 Eanáir 2016. Tagairt atá ann do chás cúirte faoi bhás an iriseora Véronique Pirotton a frítheadh gan anam gan anáil i seomra óstáin in Ostainn na Beilge Oíche Shamhna 2013. Cuireadh i leith Bernard Wesphael, teachta parlaiminte den eite chlé i bParlaimint na Vallúine agus a bhí in aonseomra lena bhean chéile nuair a bhásaigh sí, gurbh é féin a mharaigh í.

Tá muintir na Beilge corraithe ag an scéal seo agus blúirí eolais á bhfoilsiú sna meáin le dhá bhliain go leith anuas, ach níl Wesphael curtha chun a thrialach go fóill. Bhí súil é a thabhairt os comhair na cúirte coiriúla (cours d’assises) in Mons ar an 22 Feabhra agus é a chur ar a thriail i bhFraincis, rud a diúltaíodh a dhéanamh i gcúirt Bruges (an chúirt is gaire d’Ostainn) mar gur in Ollainnis amháin a oibríonn an córas dlí sa gceantar sin.

Tá na meáin an-tógtha leis an scéal agus bhí cead faighte ag dhá bhealach teilifíse an triail a chraoladh beo. Ach tá an cás curtha ar an méar fhada arís agus beidh fanacht seacht mí eile air – de bharr drochobair aistriúcháin.

Beidh seacht mí eile ann mar sin go dtuigfear céard go díreach a tharla an oíche úd ar chósta na Beilge. Ar maraíodh í, an timpiste a bhí ann nó ar chuir sí lámh ina bás féin? Shantaigh na meáin an scéal ón tús agus bhí sé á fhógairt don saol mór an lá i ndiaidh na tragóide gurbh é an polaiteoir a bhí ciontach.

Níl aon taithí ag pobal na tíre seo ar ionadaithe tofa a bheith i gcarcair; tá pribhléidí ann a chosnaíonn polaiteoir mura bhfuil sé ciontaithe. Ach rinneadh eisceacht in Bruges agus cuireadh Bernard Wesphael sa bpríosún láithreach, áit ar chaith sé deich mí faoi choinneáil. Cé gur pléadh a chás i bParlaimint na Vallúine agus go raibh na teachtaí ar aon fhocal le giúistís Bruges nuair a dhiúltaigh sé Westphael a ligean amach ar bannaí, is é a tharla seacht mí ina dhiaidh sin gur eagraigh teachtaí Liège (a bhaile dúchais) cruinniú poiblí faoina chás mar go raibh imní orthu go raibh an tréimhse choinneála ag éirí rófhada agus gur le lámh láidir a bhí cúirteanna Pléimeannacha Bruges ag déileáil lena chás i ngeall gur Frainciseoir é.

Cé gur léirigh dlíodóirí Wesphael go raibh botúin agus míréireachtaí sna comhaid a bhain lena chás ní bhfuaireadar ach an chluais bhodhar ó chúirteanna Bruges.

Scaoileadh saor é 15 mhí ó shin (ar an 28 Lúnasa 2014) ar choinníoll nach bhfágfadh sé an tír, nach labhródh sé leis na meáin agus nach ndéanfadh sé teagmháil le muintir na mná a bhásaigh. Ghlac cúirteanna Bruges leis, faoin am sin, nach dúnmharú réamhbheartaithe a bhí ann agus go bhféadfaí é a scaoileadh saor. Iarradh é a thriail i bhFraincis ach seachas é a chur chun a thrialach ina áit dhúchais, Liège, chinn na cúirteanna é a thriail in Mons i ndeisceart na tíre. Cleas eile, a deirtear, le nach mbeidh an saol ró-éasca aige.

Is é an bunús a tugadh leis an gcinneadh sin gurb í cathair Tournai an chathair is gaire do Bruges ina labhraítear an Fhraincis, ach ós rud é nach bhfuil cúirt choiriúil in Tournai, gur in Mons, príomhchathair an réigiúin sin, ba chóir an triail a thionól.

Ós rud é gur in Ollainnis a riaradh an cás go dtí seo, ba ghá an páipéarachas ar fad a aistriú go Fraincis le go bhféadfaí é a thriail in Mons.

Ach is léir nár caitheadh mórán dua leis an gcuid sin den obair in Bruges agus tá dris eile curtha i gcosán Bernard Wesphael.

Tá iarrtha ag an mbreitheamh in Mons na 4000 leathanach a aistriú as an nua agus grinnseiceáil a dhéanamh ar an uimhríocht agus ar gach cuid den chomhad. Táthar ag rá gur ‘Google Translate’ atá i roinnt mhaith den aistriúchán, nach bhfuil bun ná barr leis.

La Meuse a chéadfhoilsigh roinnt de na botúin.

I gcás botún nó dhó cheapfá go raibh lámh ag foghlaimeoir nó eachtrannach ann. Mar shampla, sa gcur síos a rinne Wesphael ar ar tharla nuair a d’aimsigh sé corp a mhná deirtear: ‘Ansin chroith mé í agus ghabh mé suas uirthi’. De réir tuairiscí sna meáin ba é a dúirt sé ná “phóg mé í”, is é sin ‘embrassée’ seachas ‘baisée’. Ach d’fhéadfadh sé gur ‘baissée’ atá ann, is é sin gur leag sé síos arís í.

Sampla eile is ea an ráiteas ‘Mon père était une personne très sensitive’. ‘Sensible’ a déarfadh an Frainciseoir. An rud is áiféisí faoi seo ar fad, agus rud é seo nár luadh sna meáin, gur i bhFraincis a tugadh an fhianaise sin an chéad lá riamh ach gur in Ollainnis a rinneadh an t-imscrúdú agus a ullmhaíodh an páipéarachas.

Amach ón áiféis tá botúin mhóra téarmaíochta san aistriúchán. Sa doiciméad a bhaineann leis an scrúdú iarbháis, mar shampla, úsáideadh an téarma teicniúil ‘hémorragie’ (rith fola) seachas ‘hématome’ (haematóma). Agus níos measa arís rinneadh tagairt do bhás ‘de bharr tachtadh’ seachas do bhás ‘de bharr plúchadh’.

Ach, mo léan, ní ar an aistriúchán amháin atá an locht. Tá píosaí móra in easnamh. I gcás thuarascáil an phaiteolaí agus an ráitis tocsaineolaíoch, tá 150 leathanach sa bhunleagan Ollainnise; níl ach 29 leathanach shuaracha sa leagan Fraincise. Tá botúin sa mhéid sin féin – 0,10 mg/l seachas 10 mg/ml atá luaite áit amháin, mar shampla.

Thug dlíodóirí Wesphael an botún sin faoi deara cheana féin sa bhuncháipéisíocht a bhain leis an gcás agus d’admhaigh an breitheamh in Bruges gur ar bhonn an bhotúin úd a chuir sé as an áireamh go bhféadfadh sé gur meascán d’alcól agus de chógais ba chionsiocair le bás na mná.

Tá alltacht ar an bpobal, is cuma má tá Wesphael ciontach nó nach bhfuil. An bhfuil cos ar bolg á imirt nó cleasaíocht ar siúl ag cúirteanna Bruges? An bhfuil clúmhilleadh de shaghas éicint i gceist sa gcás seo? Bhí saol corrach go leor ag Wesphael mar pholaiteoir; bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an pháirtí ghlais Ecolo in 1980 ach nuair a theip air ceannaireacht an pháirtí sin a fháil bhunaigh sé páirtí nua den eite chlé ‘Mouvement de Gauche’ in 2012, páirtí nár éirigh leis mórán dul chun cinn a dhéanamh riamh de bharr scoilteanna taobh istigh den pháirtí féin.

An dúnmharfóir é nó an bhfuil an scéal a d’inis sé féin fíor, is é sin gur chuir a bhean chéile lámh ina bás féin, rud a ndearna sí iarracht a dhéanamh cheana? Agus céard faoin síceolaí a bhí ina leannán ag Véronique Pirotton? Ní bheidh fuascailt na gceisteanna sin againn anois go deireadh na bliana.

Maíonn Wesphael go láidir go bhfuil sé neamhchiontach agus go bhfuil éagóir déanta air. Tá leabhar scríofa aige, leabhar a bhí le foilsiú i mí an Mhárta tar éis na trialach ach nach bhfoilseofar anois go dtí mí Mheán Fómhair. Tá baol ann go ngearrfar tréimhse príosúnachta 30 bliain air. Rinne sé agallamh leis an gcainéal teilifíse RTBF le gairid ach ní chraolfar an tagallamh go dtí go mbeidh an triail thart, is cuma cén bhreith a thabharfaidh an chúirt. Má bhíonn gach rud in ord is in eagar is ar an 19 Meán Fómhair a chuirfear tús leis an triail.

Fág freagra ar 'Tuairisc ón mBeilg: Triail dúnmharaithe imithe amú san aistriúchán agus ‘Google translate’ déanta ar cháipéisí cúirte'