Tá tionól maidir leis an tionchar a bheadh ag Éirinn Aontaithe ar an nGaeltacht le reáchtáil ag Sinn Féin i gConamara ag deireadh na míosa seo.
Tá sé fógartha go mbeidh iarUachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, agus Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar, Mairéad Farrell, i láthair ag an gcruinniú a bheidh ar siúl ar an gCeathrú Rua ar an 27 Samhain.
Deir Sinn Féin go dtabharfaidh an tionól deis do mhuintir Chonamara plé a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag Éirinn Aontaithe ar an nGaeltacht agus a gcuid tuairimí a thabhairt.
Tá seisiún plé le reáchtáil mar chuid den ócáid mar a mbeidh an ceoltóir agus feachtasóir Breanndán Ó Beaglaoich, Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge agus an gníomhaí pobail Máirín Ní Choisdealbha-Seoige ar an bpainéal. Cuirfidh an craoltóir agus colúnaí de chuid Tuairisc Máirín Ní Ghadhra an plé i láthair.
Deir Sinn Féin go bhfuil sé i gceist tionóil a reáchtáil i gceantair Ghaeltachta eile chomh maith.
Is í an ócáid ar an gCeathrú Rua an chéad tionól ag Sinn Féin ar an ábhar seo a reáchtálfar trí Ghaeilge agus dúirt Uachtarán an pháirtí, Mary Lou McDonald go raibh sí ag súil le “[h]ócáid den scoth is comhrá bríomhar”.
“Beidh na torthaí agus na tuairimí ag teacht as á scaipeadh go forleathan i measc an phobail san fheachtas tábhachtach stairiúil seo,” a dúirt sí.
Dúirt Mairéad Farrell gur deis atá sa tionól do phobal Chonamara teacht le chéile agus “an fhís atá acu don Éire Nua a roinnt”.
“Tá a lán daoine ann le tuairimí maidir le conas is féidir leis an tsochaí freastal níos fearr ar riachtanais an phobail, agus is fíor sin go háirithe i gcás ár gceantair Ghaeltachta.”
Tá tionóil maidir le hÉire Aontaithe reáchtáilte cheana féin ag Sinn Féin i mBéal Feirste, i mBaile Átha Cliath, i nDún na nGall, i nDoire, i bPort Láirge agus i gcontae Lú.
Tá sé i gceist ag an bpáirtí chomh maith tionóil ar leith a reáchtáil do mhná agus do dhaoine óga.
Creideann Sinn Féin gur gá do Rialtas na hÉireann Tionól Saoránach a eagrú chun na nithe a bhainfeadh le hÉire Aontaithe a phlé.
Iadsan ar mhaith leo freastal ar an tionól a reáchtálfar Dé Luain, 27 Samhain, is féidir leo clárú anseo.
Fág freagra ar 'Tionchar Éire Aontaithe ar an nGaeltacht le plé ag tionól de chuid Shinn Féin'