‘The Full Monty’ leathchuibheasach – ní bhuailfidh an tintreach faoi dhó

Is maith a bheith i gcomhluadar na seancharachtar arís ach caithfidh scéal le dealramh a bheith le hinsint acu

‘The Full Monty’ leathchuibheasach – ní bhuailfidh an tintreach faoi dhó

B’fheiniméan é The Full Monty nuair a seoladh é i 1997. Saothar ar leith a dhein an greann agus an cruatan eacnamaíochta is saoil a shníomh le chéile go paiteanta. Sinn báúil leis an seisear fear ó Sheffield a thugann faoin struipeáil le pinginí a thuilleamh. Úsáideadh an t-aistear chun an stáitse struipeála mar uirlis le cíoradh a dhéanamh ar anró na gcarachtar caithiseach. Chuaigh an saothar go mór i bhfeidhm ar an bpobal ar fud an domhain. Go deimhin d’éirigh leis níos mó a thuilleamh i Meiriceá ná mar a dhein LA Confidential.

Ag tosach na sraithe den teideal céanna címid an club céanna ina dtugadar faoin struipeáil breis is fiche a cúig bliain ó shin. Tá sé tréigthe dearóil. Tugtar le fios dúinn go cliste is go pras go bhfuil na daoine is an ceantar fós ag streachailt leis an saol. Tugann an montáis tosaigh le fios dúinn go seanbhlastúil go bhfuil seacht bPríomh-Aire gafa tharainn ó 1997 mar aon le hocht dtionscnamh athchóirithe a bhí dírithe ar fhorbairt an tuaiscirt. Iad fós ar an imeall agus i ngalar na gcás.

Sa chéad ghála cuirtear na seancharachtair ar fad in aithne dúinn in athuair. Címid an rógaire Gaz (Robert Carlyle) ag iarraidh tocht a thabhairt ar bhus agus airgead a fháil do chathaoir nua dá gharmhac. Caitear cuid mhaith den chéad ghála (ocht gclár atá sa tsraith) le Destiny (Talitha Wing), iníon Gaz, agus an gaol atá aici lena hathair. Tá Dave (Mark Addy) ag obair mar airíoch sa scoil ina bhfuil a bhean chéile Jean (Lesley Sharp) mar phríomhoide. Tá a bpósadh i ngalar na gcás agus cailleadh leanbh dá gcuid. Tá truamhéala ag baint le saol Horse (Paul Barber).

Tá sé buailte go dona ag diaibéiteas agus tá air cathaoir rotha a úsáid agus is ar éigean go bhfuil sé in ann greim a chur ina bhéal. Ní chímid puinn de Lomper (Steve Hulson), Guy (Hugo Speer) ná Gerald (Tom Wilkinson). Briseadh Speer as a phost ar an tsraith mar gheall ar iompar míchuí a cuireadh ina leith agus dá bharr ní chífear puinn de amach anseo. Tá súil agam áfach go dtabharfar Gerald isteach sa scéal óir gur aisteoir iontach é Wilkinson.

Tá an nós ann le cúpla bliain anuas saothar na nóchaidí a athbheochan agus ní go rómhaith a éiríonn leo. Níl an draíocht chéanna ag baint le leagan na linne seo de The X-FilesJust Like That (An Sex in the City nua).

Tá sé go hiontach a bheith i bhfochair na seancharachtar arís ach caithfidh rud éigin a bheith le rá acu, caithfidh scéal le dealramh a bheith le hinsint acu. Is dóigh liom go raibh an tús liobarnach go maith.

Ní bhfuaireas aon bhlas ar an scéal faoi Destiny a bheith ag fuadach an ghadhair a bhuaigh Britain’s Got Talent.

Is meitheal iontach aisteoirí atá anseo, gan aon agó. Tá Carlyle iontach mar an rógaire agus cheapas go raibh siar is aniar an-mhaith idir Addy agus Sharp.

Ní dóigh liom go mbuailfidh an tintreach faoi dhó.

Fág freagra ar '‘The Full Monty’ leathchuibheasach – ní bhuailfidh an tintreach faoi dhó'