Teipthe ar Thithe an Oireachtais a spriocanna straitéise i leith na Gaeilge a bhaint amach

Tá na céadta achtanna fós le haistriú go Gaeilge ag Rannóg an Aistriúcháin agus deacracht acu tuilleadh aistritheoirí a earcú

Teipthe ar Thithe an Oireachtais a spriocanna straitéise i leith na Gaeilge a bhaint amach

Níor éirigh le Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais cur leis an líon ball foirne ó aithníodh in 2018 go raibh ganntanas foirne sa rannóg agus go gcaithfí cur go mór leis an méid aistritheoirí a bhí ag cur Gaeilge ar reachtaíocht agus ar cháipéisí eile de chuid Thithe an Oireachtais.

De réir tuarascála nua, fágann easpa aistritheoirí go mbíonn moill ar reachtaíocht a fhoilsiú i nGaeilge. De réir na tuarascála níl foilsithe go dtí seo ach 50% den bhreis is 500 acht a dúirt an Ard-Chúirt in 2018 a chaithfeadh Tithe an Oireachtais cur ar fáil trí Ghaeilge.

Luaitear i dTuarascáil Bhliantúil Choimisiún Thithe an Oireachtais 2024, a foilsíodh an tseachtain seo, go raibh iarrachtaí ar bun ag an Rannóg ó bhí lár na bliana 2018 ann cur le líon na n-aistritheoirí ach nár éirigh leo fiú amháin daoine a aimsiú le teacht in áit aistritheoirí a d’éirigh as.

D’fhág sé sin gur ag titim seachas ag ardú a bhí líon na n-aistritheoirí sa Rannóg ar feadh roinnt blianta.

Moladh in athbhreithniú a rinneadh in 2018 go dtabharfaí líon na n-aistritheoirí suas go dtí 39 faoi lár na bliana 2024. Níor éirigh leis na hiarrachtaí an líon sin a fhostú. Tugtar le fios i dtuarascáil na bliana seo caite gur 25 duine a bhí fostaithe mar aistritheoir i dTithe an Oireachtais faoi lár na bliana 2024 – triúr níos mó ná mar a bhí fostaithe in 2018. Bhí 23 fostaithe ann in 2023.

Maítear sa tuarascáil go bhfuil sé “dúshlánach” daoine a fhostú chun na Rannóige mar gheall ar an iomaíocht dhíreach atá ann le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, go háirithe ó tosaíodh in 2020 ar rogha a thabhairt d’aistritheoirí de chuid an Aontais a gcuid oibre a dhéanamh in Éirinn, sa Ghráinseach i gContae na Mí.

Deirtear gur measa na dúshláin earcaíochta mar gheall ar an méadú ar an éileamh atá ar Rannóg an Aistriúcháin “réimse seirbhísí eile” a chur ar fáil.

Deirtear gur féidir cuid den obair atá ar an Rannóg a thabhairt do chomhlachtaí seachtracha aistriúcháin ach nach leor an méid sin leis an “ganntanas acmhainní intí” a chúiteamh.

“Rinne Seirbhísí Acmhainní Daonna tréaniarrachtaí le cabhrú le Rannóg an Aistriúcháin an líon cuí daoine a fháil, ach mar gheall ar bhaill foirne a bheith ag imeacht ar chúiseanna éagsúla le linn saolré na straitéise, níor éirigh leis na hiarrachtaí seo ach an status quo a choinneáil,” a dúradh.

Fágann easpa aistritheoirí go mbíonn moill ar reachtaíocht a fhoilsiú i nGaeilge. Léiríodh i bhfigiúirí a cuireadh ar fáil do Tuairisc anuraidh nach raibh foilsithe go dtí sin ach 43% den 511 Acht a bhí le haistriú, de réir ordú ón Ard-Chúirt in 2018.

De réir na bhfigiúirí atá i dtuarascáil na bliana seo, tá dul chun cinn áirithe déanta ó shin ach thart ar 50%, nó 255 den 511 acht, fós le haistriú.

Maítear sa tuarascáil gur críochnaíodh an próiseas aistriúcháin i gcás na nAchtanna a foilsíodh i mBéarla idir 1992 agus 2018 de thoradh plean sé mhí a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir na bliana 2024.

Tá Rannóg an Aistriúcháin anois ag díriú ar Achtanna a aistriú bunaithe ar “iarratais, téamaí, uimhreacha leathanaigh, agus na hAchtanna atá beagnach réidh le foilsiú”.

Rinneadh athbhreithniú agus uasdátú ar straitéis Rannóg an Aistriúcháin in 2023 mar gheall ar na deacrachtaí a bhí acu na spriocanna a leagadh amach in 2018 a chomhlíonadh. Foilsíodh scéim mar thoradh ar an athbhreithniú sin atá i bhfeidhm ó thús mhí Lúnasa na bliana seo caite. Tá an scéim sin fós i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Teipthe ar Thithe an Oireachtais a spriocanna straitéise i leith na Gaeilge a bhaint amach'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá luach áirithe anois ar an aistritheoir Gaeilge. Caithfear pá cuí a íoc leo dá réir.

  • Muireann Ní Bheaglaoich

    Aontaím go huile agus go hiomlán leis seo. Is minic a shonraítear i bhfógraí poist do róil sa tSeirbhís Phoiblí go bhfuil líofacht sa Ghaeilge riachtanach mar aon le caighdeán Gaeilge a chuirfeadh ar chumas an duine dualgais an phoist a chomhlíonadh. Agus, sna fógraí céanna, luaitear obair aistriúcháin mar cheann de na príomhdhualgais! Toisc nach n-aithníonn córais earcaíochta an stáit go bhfuil Iarchéim nó Céim san Aistriúchán riachtanach do na róil teangabhunaithe úd, ní áirím Bunchéim sa Ghaeilge, ní bhíonn na gráid do na poist seo i gcomhréir le dualgais na bpost. Samhlaigh fógra poist d’achtúire a shonródh go gcaithfeadh an té a cheapfaí a bheith go maith ag na táblaí agus ag an Mata fré chéile! Nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile nach ionann a bheith i do chainteoir maith nó líofa Gaeilge agus a bheith i d’aistritheoir. Caithfear aitheantas agus íocaíocht chuí a thabhairt do shainscileanna aistriúcháin faoi mar a thugtar do shainscileanna gairmiúla eile. Ní gan dua a shealbhaítear na scileanna seo agus a bhaint ear cáilíochtaí gairmiúla amach sa réimse. Is léir go bhfuil leithcheal á dhéanamh ar aos an aistriúcháin agus, ar feadh m’eolais, níl an leithcheal seo á dhéanamh ar aon ghrúpa gairmiúil eile. #pácomhionann #ceartateanga