Táirgí áille ó Pestle & Mortar

Tá ár gcomhfhreagraí an-tógtha le táirgí cúram cnis nua ó chomhlacht Éireannach a bhfuil gradaim agus poiblíocht idirnáisiúnta faighte aige le tamall anuas

Táirgí áille ó Pestle & Mortar

Tá trí rud ar leith a thaitníonn go mór liom faoin gcomhlacht cúram cnis Pestle & Mortar a bhfuil oiread cainte agus gradaim buaite aige le tamall anuas. Ar dtús, is comhlacht Éireannach atá i gceist; baineann siad úsáid as comhábhair nádúrtha agus seachnaíonn siad ceimiceáin chontúirteacha ach, an tríú cúis agus an ceann is tábhachtaí – oibríonn a gcuid táirgí thar cionn ar fad.

Trí cinn de tháirgí a bhí forbartha go dtí seo acu ach tá an ceathrú ceann seolta acu le tamall beag anuas agus tá léirmheasanna den chéad scoth ar fad faighte aige.

As Cill Dara ó dhúchas í Sonia Deasy, an bhean a bhunaigh an tionscnamh ach bhí cúnamh aici óna deirfiúr a bhfuil cáilíochtaí eolaíochta aici mar bhithcheimiceoir. Ní hionadh ar bith, mar sin, gur roghnaigh siad Pestle & Mortar mar ainmbhranda don tionscnamh mar is beag duine a rinne staidéar ar an eolaíocht mar ábhar scoile nach dtuigeann an úsáid a bhaintear as ‘tuairgnín agus moirtéar’ le comhábhar a mheilt ina chéile i saotharlann.

Táirge amháin a bhí ag an gcomhlacht nuair a seoladh é sa bhliain 2014 – séiream atá lán le haigéad hialúrónach, ábhar atá thar cionn mar mhaothóir agus atá aitheanta ag eolaithe mar chúnamh maith do chraiceanna a bheadh gearrtha, dóite nó gortaithe ar bhealach ar bith. Ó shin, tá gradaim agus poiblíocht faighte ar fud na cruinne ag an gcomhlacht – i bhfoilseacháin ar nós The New York Times, Cosmopolitan, Vogue agus Marie Clare. Agus cé gur i mBaile Átha Cliath atá a bpríomhoifig agus an lárionad díolacháin, tá oifigí acu anois i Londain agus i Nua-Eabhrac chomh maith. 

Seo iad na táirgí atá forbartha ag Pestle & Mortar

‘Pure Hyaluronic Serum’ – an chéad séiream sin a úsáidtear mar mhaothóir agus a bhain aitheantas amach don chomhlacht ar dtús. Is féidir é a úsáid le craiceann a hiodráitiú nó le fáil réidh le línte beaga. 

‘Hydrate Moisturiser’ – cosaint ar an gcraiceann a bheadh ag dul in aois a ghealltar leis an gceann seo,  a bhfuil meascán de pheiptídí ann le dul i ngleic le roic.

‘Superstar Retinol Night Oil’ – Ola oíche é seo a bhfuil meascán d’abhacád, jojoba agus ola síol caora fíniúna ann atá thar cionn le déileáil le roic, aicne, agus méid na bpóireanna ar an gcraiceann.

Ach is é an táirge is deireanaí uathu ‘The Double Cleanse System’ ar a dtugtar ‘Erase and Renew’ freisin, is mó atá ag tarraingt chainte le gairid.

 Tá trí chuid sa táirge nua, balsam le smideadh a bhaint díot, flainín éadain agus glóthach éadrom mar ghlantóir. Molann Pestle & Mortar, mar atá intuigthe dúinn ar fad is dócha, go bhfuil sé ríthábhachtach an t-éadan a ghlanadh mar is ceart gach oíche. Moltar thar aon ní eile go mbeadh rialtacht i gceist leis an nglanadh sin. Sa ghlanadh dúbailte gach oíche úsáidtear an flainín éadain atá déanta 100% as cadás i dteannta an bhalsaim (Erase) agus an ghlóthach (Renew). Ní gá ach an glóthach amháin a úsáid arís ar maidin.  Tá na táirgí seo lán le comhábhair nádúrtha – ola síol puimcín, papá, ola shíol an phiorra deilgnigh agus einsím mangó – agus saor ar fad ó cheimiceáin chontúirteacha. Níl sé saor ar €76 ach measaim gur fiú go mór é. Is féidir an balsam nó an glóthach a cheannach ina n-aonar seachas mar phacáiste.

Déantar táirgí Pestle & Mortar a sheachadadh saor in aisce ar fud na hEorpa agus tá siad ar fáil i siopaí agus cógaslanna ar fud na tíre anois.

Fág freagra ar 'Táirgí áille ó Pestle & Mortar'