Tá na Gaillimhigh láidir ach caithfear a bheith aireach ar na Cait i gcónaí

Imreoidh Gaillimh i gcoinne Chill Chainnigh i gcluiche ceannais Laighean tráthnóna agus cé gurb iad fir an iarthair seaimpíní na hÉireann, is annamh a sháraíonn siad na Cait

Tá na Gaillimhigh láidir ach caithfear a bheith aireach ar na Cait i gcónaí

Cathal Mannion (Gaillimh) agus TJ Reid (Cill Chainnigh). Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Seans nach mbeidh bainisteoir na Gaillimhe, Micheál Donoghue, róbhuíoch dá chaptaen, David Burke, de bharr agallamh a thug sé i rith na seachtaine.

Dar le Burke, bíonn iománaithe Chill Chainnigh buartha agus iad ag dul chun páirce i gcoinne fhir an iarthair. Deir sé gurb é cluiche ceannais Laighean 2012 is cúis leis an bhfaitíos sin, nuair a bhuail Gaillimh greadadh ar Chill Chainnigh.

Is mór idir an leagan sin agus na torthaí a bhí ar na cluichí a bhí idir na foirne seo le sé bliana.

Ní raibh an chuma ar na Cait go raibh siad ar crith le heagla, áfach, nuair a bhuail siad na Gaillimhigh i gcluichí ceannais na hÉireann in 2012 agus arís in 2015. Ná sna trí chluiche craoibhe eile a bhuaigh siad ar Ghaillimh idir 2012 agus 2018.

Mar a tharlaíonn sé, is é bua na Gaillimhe ar Chill Chainnigh an mhí seo caite an t-aon cheann atá buaite ag na Gaillimhigh as na naoi gcluiche atá imeartha acu i gcoinne a chéile sa chraobh ón mbua sin in 2012.

Is léir gur thug a mbua i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh muinín d’iománaithe na Gaillimhe ach shílfeá go mbeadh beagáinín níos mó céille ag Burke ná a bheith ag tabhairt lón spreagtha do Cody agus d’fhir Chill Chainnigh.

Cinnte, níl na Cait chomh láidir agus a bhíodh ach tá siad ag dul sa treo ceart arís. Is iad a bhuaigh Roinn 1 na sraithe san earrach agus cé go bhfuil an-chuid imreoirí óga acu, léiríodar go bhfuil an seanmhianach iontu sa teacht aniar a rinne siad chun Áth Cliath agus Loch Garman a bhualadh sa chraobh.

Tá cuid mhaith de na himreoirí aitheanta tagtha ar ais ar an bhfoireann chomh maith. Baineadh Colin Fennelly agus Richie Hogan den pháirc ag leath ama i gcoinne Loch Garman ach is breá leo beirt na cluichí móra.

É sin ráite, tá cuma na maitheasa ar Ghaillimh arís i mbliana. Tá Donoghue ag cloí cuid mhaith leis na fir chéanna a bhuaigh Craobh na hÉireann anuraidh agus cé nach raibh feachtas sraithe iontach acu, tá siad imithe i bhfeabhas ó shin.

Tá Daithí Burke agus Gearóid McInerney i mbarr a réime i lár na cosanta arís agus fir mhóra ag Gaillimh i ngach ionad ar fud na páirce.

Is iad Gaillimh rogha na n-údar agus é tuillte acu ach má shlogann siad caint a gcaptaein, d’fhéadfadh na Cait teacht aniar aduaidh orthu.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Tá na Gaillimhigh láidir ach caithfear a bheith aireach ar na Cait i gcónaí'