‘Tá mé réidh don fheachtas agus don troid’ – Catherine Connolly

Labhair an Teachta Dála neamhspleách atá ag seasamh don uachtaránacht le Tuairisc faoi cén fáth ar mhaith léi a bheith ina huachtarán

‘Tá mé réidh don fheachtas agus don troid’ – Catherine Connolly

Cuid mhaith de na hathruithe móra atá déanta ag Catherine Connolly ina saol, ní hamhlaidh gur bhuail splanc mhór thuisceana lá éigin í.

De réir a chéile, a taibhsíodh di gur chóir di a gairm mar shíceolaí a fhágáil agus a bheith ina habhcóide agus ba rud nádúrtha a tharla “go horgánach” gur chuaigh sí leis an bpolaitíocht.

B’amhlaidh an scéal le cinneadh an Teachta Dála neamhspleách ó Ghaillimh seasamh d’uachtaránacht na hÉireann.

“Go ginearálta, ní raibh aon nóiméad amháin i gceist. Ag dul siar bliain nó bliain go leith ó shin thosaigh daoine ag cur teachtaireachtaí chugam ag cur ceist orm an smaoineoinn faoi. Mí Feabhra seo caite chuir Seán O’Rourke ceist orm ar a phodchraoladh agus dúirt mé go raibh meon “oscailte” agam faoi. Mhéadaigh líon na dteachtaireachtaí ina dhiaidh sin.

“Bhí mé faoi bheagán brú agus i ndeireadh na dála dúirt duine éigin gar dom, ‘breathnaigh ar na teachtaireachtaí agus déan d’intinn suas’. Thóg sé na míonna chun an cheist a chíoradh agus a rá ‘cé thú fhéin, agus an bhfuil tú i ndáiríre faoi seo?’.”

Ar deireadh ba í an chaint sna meáin agus in áiteanna eile faoin toghchán agus faoi oifig na huachtaránachta a thug uirthi an beart a dhéanamh.

“An saghas díospóireachta a bhí agus atá ar siúl ag na tráchtairí éagsúla, chuir sé fonn múisce orm i ndáiríre, ag éisteacht leo ag léiriú drochmheas ar an ról. Sin an pointe a ndúirt mé, ní féidir glacadh leis seo; tá an ról seo thar a bheith tábhachtach ar chuile leibhéal.

“Agus rinne mé m’aigne suas seasamh. Ní raibh sé éasca, níor tharla sé thar oíche, ach tá sé déanta agam agus tá mé réidh don bhfeachtas agus don troid.”

An rud nádúrtha do dhuine a bheith ag iarraidh a bheith ina uachtarán?

“An rud nádúrtha dom é? Ní hea. Ach tá rud ionam i gcónaí – ní raibh lá ó 2016 [nuair a toghadh chun na Dála í] nár chuir mé an cheist orm féin ar chóir éirí as seo, ach i gcónaí tharla rud éigin a chuir in iúl dom chomh tábhachtach is atá an ról atá agam mar pholaiteoir ar son daoine nach bhfuil guth acu – agus ó thaobh na Gaeilge an guth sin a bheith agam freisin

“Pribhléid é guth a bheith agam sa Dáil –gach lá deirim liom féin, is pribhléid é, lean ar aghaidh agus tá tú íoctha go maith ach ní rud nádúrtha é.”

Agus ceithre dhuine dhéag sa chlann agus í ag fás aníos sa Seantalamh i gcathair na Gaillimhe, thuig sí luath sa saol, a deir sí, an tábhacht a bhaineann le guth agus cead cainte a bheith agat, agus éisteacht a fháil.

“Ba mhaith liom daoine a tharraingt le chéile, mar a dúirt mé.

“Tá an daonra ag fás agus tá deighilt á cruthú agus tá daoine ag rá, ‘tá tú linne nó tá tú inár n-aghaidh’. Níl an saol chomh simplí sin.

“Tá éagsúlacht i gceist i gcónaí, bíonn tuairimí ag daoine áirithe agus tuairimí eile acu ag an am céanna – tuigim é sin ó mo shaol mar shíceolaí, tuigim é sin ó mo shaol mar abhcóide, ach go háirithe tuigim é sin ó mo thaithí féin i gclann ollmhór ceithre dhuine dhéag. Bhí tuairimí éagsúla [againn] agus bhí orainn bealach a fháil timpeall ar na fadhbanna agus réiteach a fháil ar fhadhbanna éagsúla agus déileáil leis an saol.

“Mar uachtarán ba mhaith liom an taithí sin a úsáid ar bhealach dearfach agus is dócha… tá sé gar do mo chroí – cúrsaí síochána. Mar bhean, mar mháthair, mar pholaiteoir, ní féidir leanúint ar aghaidh agus normalú a dhéanamh maidir le cúrsaí cogaíochta. Ní rud normálta é.”


Agus ceithre dhuine dhéag sa tigh bhíodar “thuas seal thíos seal i gcónaí”, a deir sí.

“Bhí brón agus bhí dóchas ann agus bhí an-chraic againn freisin. Réimse leathan mothúchán – bhí seachtar buachaillí agus seachtar cailíní ann. Cailleadh mo mháthair nuair a bhí mé óg ach ní dhearna mé mórán de scéal faoi sin, leanann tú ar aghaidh cosúil le gach duine.

“Bhí mé sna tríochaidí agus bhí gasúir orm nuair a thuig mé chomh tubaisteach is atá sé do mháthair a chailliúint. Ach bhí m’athair iontach agus d’fhoghlaim muid ar an urlár agus sna sráideanna i Seantalamh faoin gcothromaíocht agus bíonn fadhb agam i gcónaí le cur i gcéill, ní féidir liom cur suas le cur i gcéill, in aon mhúnla nó ar aon bhealach.”

An Seantalamh an t-ancaire atá aici i gcónaí.

“Aon rud a d’fhoghlaim mé is sa Seantalamh é, d’fhoghlaim mé i mo theach féin é, ó mo mháthair agus ó m’athair. Níos faide síos an bóthar, phós m’athair arís agus d’fhoghlaim mé a lán rudaí uaidh sin freisin.”

Ní ghlacann sí leis go bhféadfadh go mbaineann cuid den chur i gcéill a bhfuil col aici le hoifig dheasghnách theoranta an uachtaráin.

“Ní dóigh liom go bhfuil cur i gcéill i gceist – tá cur i gcéill i gceist ó thaobh na Gaeilge cinnte ar gach leibhéal – ach níl cur i gcéill i gceist ó thaobh ról an uachtaráin i mo thuairim. Tá sé srianta agus tá sé leagtha amach go soiléir.”

Braitheann sé, a deir sí, ar cad é a dhéanann tú leis an nguth a thugtar duit, bíodh tú ar an eite chlé nó ná bíodh.

“Ba mhaith liom a bheith mar iarrthóir a tharraingíonn daoine le chéile. Cinnte, tá ról láidir ag an eite chlé agus ag an bhfreasúra agus bheadh sé iontach dá mba rud é go mbeadh siad sásta seasamh taobh thiar dom – ina n-iomlán.

“Ach ba mhaith liom freisin daoine eile a mhealladh i mo threo agus a chur in iúl go bhfuil an tír seo in ann glacadh leis an éagsúlacht agus a bheith ina heiseamláir, go háirithe ag an am seo, mar is dócha gur am na cinniúna é maidir le cá bhfuil ár dtriall mar thír. Cá bhfuilimid ag dul?

“An bhfuilimid chun ár nguth a úsáid ar son na síochána? An bhfuil muid chun ár nguth a úsáid chun a chur in iúl nach rud normálta é cogaí leanúnacha, fadhbanna leanúnacha le tithíocht?”

FÍSEÁN: ‘Ní fadhb í an Ghaeilge, is cuid den réiteach í’ – Catherine Connolly

Tá éachtaint nó dhó faighte aici cheana féin ar a shalaí agus a dhéine is a bhíonn feachtais uachtaránachta le tamall. Tá aird tarraingthe, mar shampla, ar thuras a thug sí ar Shiria nuair a bhí Bashar al-Assad fós i réim. Ní dúirt sí oiread is focal amháin riamh mar thacaíocht le réimeas Assad, a deir sí, ach tuigeann sí gur dócha nach bhfuil sé ach ina thús maidir leis na ceisteanna.

“Tá mise i mo Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta agus tá mé i mo ball den Choiste um Chuntais Phoiblí.

“Bíonn mise sásta ceisteanna deacra a chur ar bhealach féaráilte, agus níl aon fhadhb agamsa dá bharr ceisteanna deacra a fhreagairt. Ach ba chóir go mbeadh na ceisteanna féaráilte.”

Ainmhí difriúil ar fad é an feachtas atá roimpi. Tá sí ag glacadh den chéad uair riamh, mar shampla, le síntiúis pholaitiúla.

“Ní maith liom é ach níl aon rogha eile agam. Tá feachtas mór le cur chun cinn
Agus tá an fhoireann ag méadú an t-am ar fad. Tá suíomh idirlín againn agus taobh istigh de 24 uair an chloig chuaigh breis is 2000 duine i dteagmháil linn agus tacaíocht á tairiscint acu.

“Breis is 400 díobh bhí airgead á thairiscint acu. Rud nua dom an t-airgead ach feachtas ar leibhéal eile ar fad é seo. Beidh baill foirne i ngach contae sa tír againn.”

Ba mhaith léi gur “gluaiseacht de chuid na cosmhuintire” a bheadh ina feachtas.

“Táimid chun malairt físe a chur cinn agus a thaispeáint go bhfuil réitigh ann nach bhfuil ag brath ar an margadh ach atá ag brath ar chinntí rialtais.

“Faraor ó mo thaithí go dtí seo, ní thiocfaidh na cinntí sin ó Fhianna Fáil agus Fine Gael le chéile. Is gá don fhreasúra teacht le chéile.”

Ní ghéilleann sí don tuairim go dtagann an chaint faoi réitigh róshaoráideach uaireanta don fhreasúra agus don eite chlé.

“Táim ag caint faoi Gaza, cúrsaí tithíochta cothrom na Féinne – ní bhaineann siad leis an eite chlé amháin. Maidir le Gaza ceapann an rialtas gurb iad na buachaillí is fearr sa rang iad agus ar shlí is iad. Ach i ndáiríre tá an méid atá ag tarlú chomh huafásach sin nach slat tomhais mhaith é sin ar chor ar bith.

“Tagann mise ó chúlra áirithe – mar a deir siad i mBéarla ‘there is right and wrong’, tá rudaí cearta ann agus tá rudaí míchearta ann.

“Ní sé ceart go bhfuil daoine gan dídean, níl sé ceart go bhfuil géarchéim tithíochta go leanúnach ann. Ní féidir glacadh leis sin, tá sé iomlán mícheart.
Breathnaíonn mé ar rudaí mar sin ar bhealach uaireanta atá róshimplí, ach tá réitigh ar na fadhbanna seo.”

Fág freagra ar '‘Tá mé réidh don fheachtas agus don troid’ – Catherine Connolly'

  • Seán Ó Floinn

    Is trua nár cuireadh aon cheist chrua uirthi san agallamh seo. Murar labhair sí ‘oiread is focal amháin riamh mar thacaíocht le réimeas Assad’, cén fáth ar lig sí do ghiollaí Assad a toscaireacht a threorú agus cén fáth a raibh sí ann in éineacht le Mick Wallace agus Clare Daly, daoine a bhí báúil le Assad? Deir Connolly nach maith léi ‘cur i gcéill’. Bhuel, dar liom gur cur i gcéill an méid atá sí ag rá anois faoin gcuairt sin ar an tSiria – cén chaoi ‘nár thuig sí’ cé a bhí ag treorú a toscaireachta (giollaí gualainne Assad). Cuimhnigh gur mharaigh fórsaí Assad thart ar 300,000 sibhialtach i gcogadh cathartha Shiria.

    Ní maith liom go dtugtar cead a cinn d’iarrthóir díreach toisc go bhfuil Gaeilge aici. Údar amhrais dom chomh maith an tacaíocht a thug Connolly in 2024 do Clare Daly sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa – duine é Daly atá báúil le ceannairí údarásaíocha an domhain ar nós Putin agus Xi Jinping (féach tuairisc Naomi O’Leary faoir Daly agus faoi Mick Wallace san Irish Times).