Tá cosa an sciata bhig cosúil le do chosa féin

NOD DON EOLAÍ: Léiríonn taighde nua go raibh an córas néarógach a rialaíonn siúl na gcos ar an fhód sula raibh na cosa féin ann

Tá cosa an sciata bhig cosúil le do chosa féin

De réir fianaise a foilsíodh an Aoine seo caite san iris eolaíochta Cell, rialaíonn an córas néarógach céanna gluaiseacht na gcos i mamaigh agus i sciataí.  Tá na fionnachtana seo tábhachtach mar taispeánann siad go raibh córas néarógach a rialaíonn siúl na gcos ar an fhód sula raibh na cosa féin ann fiú amháin.  Ba é an córas néarógach seo an bhunchloch ar ar fhorbair cosa le linn éabhlóide níos mó ná 400 milliún bliain ó shin.

Tá siúl na gcos ag cuid mhór de na veirteabraigh – ainmhithe a bhfuil cnámh droma acu – a chuireann fúthu ar thalamh tirim na n-ilchríoch.  Is é an siúl seo a modh gluaiseachta a bhíonn ag an chuid is mó de na veirteabraigh atá beo ar an talamh.  Bhí an bua seo an-tábhachtach nuair a thosaigh veirteabraigh ag cur fúthu ar na mór-ranna thart ar 400 milliún bliain ó shin.

Roimhe sin, ní bhíodh na veirteabraigh ag gluaiseacht de shiúl na gcos.  Bhíodh na veirteabraigh uilig ag maireachtáil san uisce agus ní bhídís ach ag snámh.  Bhíodh matáin ar thaobh an choirp chun na hainmhithe a bhogadh agus eití chun iad a threorú.  Ach nuair a bhog ainmhithe ón fharraige go dtí an talamh thart ar 400 milliún bliain, bhí modh gluaiseachta eile de dhíth.  Is faoin am sin a d’fhorbair siad cosa den chéad uair riamh.

Bíonn an chuid is mó de sciataí ag gluaiseacht lena gcuid eití cosúil le siorcanna agus éisc.  Ach thángthas ar eisceacht sa bhliain 1993 den chéad uair.  Bíonn an sciata beag, nó an Leucoraja erinacea, ag siúl ar ghrinneall na mara le dhá chos atá ar chúl a choirp. Is ag seilg portán, cloicheán agus ainmhithe eile ar an ngrinneall, chomh domhain le 90 méadar, a bhíonn sé agus é ag siúl.

Rinne an mheitheal taighde anailís ar an dóigh a bhíonn an sciata beag ag siúl agus é ag seilg.  Is féidir an dá chos a fheiceáil go soiléir sna físeáin a rinne na taighdeoirí.

Tá córas néarógach faoi leith a rialaíonn forbairt na matán i gcosa na veirteabrach a mbíonn ceithre chos orthu.  Rinneadh anailís ar chóras néarógach an sciata bhig chun fáil amach cén cruth a bhí ar a chóras néarógach. 

Fuair an mheitheal amach go raibh an córas ceannann céanna ag an sciata beag agus a bhí ag an luchóg agus ainmhithe eile a bhfuil siúl na gcos acu.  Ní rabhthas ag súil leis sin, mar tá córas néarógach iomlán difriúil ag na héisc a bhfuil siúl acu.

Bhí cosúlachtaí eile ann fosta.

Tá an ghéin Foxp1 riachtanach fá choinne an córas néarógach a fhorbairt i gcosa na luchóige.  Ní fhorbraíonn na néaróga i gceart sa luchóg ina mbíonn an ghéin Foxp1 casta as.  Dá bharr sin ní bhíonn cumas siúil ag na luchóga sin.

Léirítear an ghéin Foxp1 le linn fhorbairt na coise sa sciata.  Nuair a rinneadh anailís ar léiriú na géine sin, bhí sé soiléir go raibh sí ag feidhmiú le linn fhorbairt na gcos sa sciata díreach mar a bhí sí le linn fhorbairt chosa na luchóige.

Ní hamháin go bhfuil an córas néarógach céanna riachtanach fá choinne fhorbairt agus ghluaiseacht na gcos sa luchóg agus sa sciata, ach rialaíonn an ghéin chéanna forbairt an dá ghéag.

Shíolraigh mamaigh agus sciataí ó na sinsir chéanna nach raibh siúl na gcos acu.  Dá bharr sin, léiríonn na fionnachtana úra gur fhorbair gluaiseacht na gcos go neamhspleách faoi dhó le linn na héabhlóide.

Sa mhullach air sin, léiríonn na torthaí úra go raibh an córas néarógach céanna bainteach le héabhlóid na gcos sa dá chás.

Ciallaíonn sin go raibh an córas néarógach atá riachtanach fá choinne cumas siúil ag ainmhithe talún i bhfad sular tháinig na créatúir seo ar an fhód.   D’athraigh feidhm an chórais néarógaigh le linn éabhlóide chun dul in oiriúint don siúl amuigh faoin spéir agus don siúl ar ghrinneall na farraige.

Físeán

http://www.cell.com/cms/attachment/2118994758/2087726541/mmc7.mp4

Fág freagra ar 'Tá cosa an sciata bhig cosúil le do chosa féin'