Suite Française – scéal tur go maith i gcomparáid leis an ábhar as ar eascair sé

LÉIRMHEAS: Tá suan na muice bradaí le sonrú ó thús Suite Française agus cuirtear ina luí orainn go bhfuil scéal eachtrúil romhainn. Níl.

130813SH_226.nef

Stiúrthóir: Saul Dibb
Cliar: Michelle Williams, Kristin Scott Thomas, Margot Robbie, Matthias Schoenaerts

Ábhar suntais, agus díomá ar shlí, go bhfuil an t-aistear atá déanta ag an scéal seo ó scioból samhlaíochta an údair chuig an scáileán mór i bhfad Éireann níos suimiúla agus níos spreagúla ná an scéal féin.

Scríbhneoir Francach ba ea Irene Némirovsky  ar de shliocht Ghiúdach í, a bhí buailte fúithi i bPáras nuair a ghabh na Gearmánaigh an tír i rith an Dara Cogadh Domhanda. Bhí sé i gceist aici sraith leabhar a scríobh faoi fhorghabháil na nGearmánach ach ní raibh ach creatlach dhá leabhar scríofa aici nuair a gabhadh agus a seoladh go campa Auschwitz í i 1942. Ba ann a cailleadh í.

D’fhan na scríbhinní i seilbh a cuid iníonacha ach níor fhéachadar i gceart orthu go dtí 1998. Foilsíodh i bhfoirm leabhair iad sé bliana ina dhiaidh sin. Deirimse ábhar scannáin leat.

Go deimhin, agus ní le drochmheas a deirim seo, bhí na teidil chreidiúna dheiridh, ina raibh seatanna den scríbhinn bhunaidh agus den údar mar aon le nótaí staire, ar cheann de bhuaicphointí an scannáin.

Chothaigh siad bá ionainn do bhrúidiúlacht na coimhlinte is mó i stair an Domhain agus léirigh dúinn gur cur síos comhaimseartha, más ficsean féin é, atá sa saothar seo.

Ar an drochuair is scéal tur go maith atá againn anseo i gcomparáid leis an ábhar as ar eascair sé. Bean óg cheansa, mhacánta í Lucile Angellier (Williams) atá faoi smacht mháthair a céile (Thomas). Bean thíoránach, chruálach, shantach í siúd atá dian ar a cuid tionóntaí agus ar bhean a mic. Ní fheictear aon daonnacht inti, ach sa chumha a léiríonn sí i leith a mic atá ar iarraidh sa chogaíocht.

Lena cheart a thabhairt don scannán cruthaítear an baile beag gleoite go paiteanta agus tugtar léargas taitneamhach dúinn ar shaol an bhaile sula dtagann na teifigh ó Pháras agus na hionróirí sna sála orthu.

Déantar iarracht léargas a thabhairt ar chonas mar a théann an pobal i ngleic leis an saol nua seo agus iad fá shústaibh Gall. Déantar leathiarracht anseo agus ansiúd an comhoibriú leis na namhaid a chíoradh ach is fánach an iarracht é. Tá na huaisle ag sodar i ndiaidh na máistrí nua agus cuid de na mná ag luí le saighdiúirí Gearmánacha le teann uaignis, rómáns agus ar mhaithe le féinchaomhnú.

Caitear formhór an scannáin ag díriú ar an ngaol rómánsach atá á ghiniúint idir Lucile agus an t-oifigeach Gearmánach (Schoenaerts).

Tá a ndúil sa cheol mar cheangal eatarthu agus iad in aontíos. Uaireanta mothaím go bhfuil saol aisteoireachta Williams bunaithe ar a cumas a bheith ag siúl timpeall agus cuma dhearóil, chráite uirthi, tréith a léirigh sí den chéad uair in Dawson’s Creek blianta ó shin.

Baintear an-adhmad as an acmhainn sin anseo gan aon agó, go mórmhór nuair a thosaíonn brúidiúlacht agus fírinne na cogaíochta ag brú isteach ar an ngaol eatarthu. Tá suan na muice bradaí le sonrú ón tús agus cuirtear ina luí orainn go bhfuil críoch eachtrúil romhainn. Ar an drochuair níl. Is críoch phatuar atá againn a luíonn go nádúrtha le héirim an scannáin ina iomláine.

Fág freagra ar 'Suite Française – scéal tur go maith i gcomparáid leis an ábhar as ar eascair sé'