Súil siar ar na cluichí Gaeltachta

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra a d’imir foirne Gaeltachta ag an deireadh seachtaine

AnGhaeltacht
Iománaithe na Gaeltachta, tar éis dóibh Craobh Faoi-21 B Phort Láirge a bhuachan. Pictúr @anghaeltachtclg

An Ghaeltacht Seaimpíní Phort Láirge

Ar deireadh, bhí farasbarr de 14 cúilín ag fir na Gaeltachta sa chluiche ceannais i gcoinne Thrá Mhóra inné, Dé Domhnaigh 14 Nollaig.

3-12 in aghaidh 0-7 a chríochnaigh an cluiche agus an Ghaeltacht in uachtar ó thús go deireadh.

Ba ríléir ón gcéad nóiméad go raibh lá deacair roimh Thrá Mhór agus bhí níos lú deich nóiméad fágtha sa leath sular aimsigh siad a gcéad phointe. Ag an tráth sin, bhí 1-3 scóráilte ag fir na Gaeltachta, Dónal Breathnach ag ardú an bhrait ghlais dóibh.

Méadaíodh an bhearna sin faoi leath ama, 1-9 in aghaidh 0-2, a bhuí le pointí ó léithéidí Lúcáis Uí Chuirrín, Fearghal Ó Ceallaigh agus scóranna eile ón imreoir contae Breathnach.

Cúig nóiméad tar éis tús an dara leath, bhí rás Thrá Mhór rite go hiomlán. Sa chúpla nóiméad sin, rinne cúl báire na Gaeltachta, Eoin Ó Murchadha, an-sábháil chun cúl a stopadh agus ar an taobh eile den pháirc, d’aimsigh Fearghal Ó Ceallaigh cúl eile chun spior spear a dhéanamh ar pé amhras a bhí ann roimhe sin faoin toradh.

D’aimsigh Ó Ceallaigh cúl eile fós agus ceathrú huaire fágtha chun na scóránna a fhágáil ag 3-10 in aghaidh 0-5. As sin go deireadh an chluiche, d’aimsigh an dá fhoireann dhá phointe agus is é Dónal Breathnach a chroch an corn ag lán ama agus an bua tuilte go hiomlán ag an nGaeltacht.

Paddy McBrearty 9/2/2014
Tosaí Chill Chartha, Paddy McBrearty, a threoraigh iad go cluiche ceannais Faoi-21 Dhún na nGall. Pictúr: INPHO/Morgan Treacy

Bua do Naomh Adhamhnáin agus Cill Chartha

Tabharfaidh Naomh Adhamhnáin agus Cill Chartha aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Faoi-21 Dhún na nGall tar éis dhá bhua chumasacha ar an deireadh seachtaine. Fuair Naomh Adhamhnáin an ceann is fearr ar Cloch Cheann Fhaola, 0-15 i gcoinne 1-6, agus rinne Cill Chartha scrios ar Na Ceithre Máistrí, 4-16 in aghaidh 2-4. Paddy McBrearty a rinne an chuid is mó den damáiste.

Is deacair a chreidiúint go bhfuil McBrearty fós ag imirt faoi-21 agus thug sé féin agus an t-imreoir contae eile, Ryan McHugh, sárthaispeántais chun go gcáileodh Cill Chartha dá dtriú cluiche ceannais Faoi-21 ó 2011.

Is é McBrearty a d’aimsigh an chéad phointe den lá, agus cé gur sábháladh cic éirice uaidh tar éis 11 nóiméad, ní raibh ar Chill Chartha fanacht i bhfad eile do chúl le Eoin McHugh aimsiú ceann tar éis ceathrú huaire. Fuair a chol ceathrair, Ryan, an dara cúl roimh leath ama, rud a d’fhág iad 2-6 chun cinn.

raibh cúrsaí tada níos fearr do Na Ceithre Maistrí tar éis an bhriseadh, McBrearty ag aimsiú cúl agus cúpla pointe eile tar éis 45 nóiméad. D’aimsigh na Ceithre Máistrí féin cúpla cúl deireanach sa chluiche, bhí am fós ag Eoin McHugh a dara cúl a fháil sular séideadh an fheadóg.

Is iad Cloch Cheann Fhaola ab fhearr a thosaigh i gcoinne Naomh Adhamhnáin sa chluiche leathcheannais eile, iad 1-1 in aghaidh 0-1 chun tosaigh tar éis 10 nóiméad ach Leitir Ceanainn a bhí chun tosaigh ag an mbriseeadh, 0-8 i gcoinne 1-2.

Dhúisigh Cloch Cheann Fhaola ansin, áfach, agus tar éis dóibh ceithre phointe as a chéile a fháil, bhí siad ar comhscór gan ach ceathrú huaire fágtha. Ní bhfuair siad oiread is pointe eile roimh dheireadh an chluiche, áfach, agus d’aimsigh Naomh Adhamhnáin sé cinn – ceithre cinn acu ó bhróg Sheáin Hume – chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais an Satharn seo chugainn.

Ronan O'Beolain 21/6/2014
Cúl baire Mhíchéal Breathnach, Ronán Ó Beolain, a rinne sábháil chinniúnach dóibh sa chluiche i gcoinne Charna-Caiseal. Pictúr: INPHO/James Crombie

Cill Aithnín seaimpíní Sraith 2 agus ardú céime do Mhíchéal Breathnach

Chuir Cill Aithnín clabhsúr le bliain den scoth nuair a thug siad corn Sraith a Dó leo chun cur leis an gcraobh idirmheánach a bhuagh siad cúpla mí ó shin.

Bhí críoch thar a bheith drámatúil ar chluiche ceannais na sraithe an Satharn seo caite, Cill Aithnín ag fáil an ceann is fearr ar Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach le cic éirice dhá nóiméad isteach in am cúitimh.

Ba é imreoir Chill Aithnín, Johnny Heaney a bhuaigh agus a bháigh an cic chun bua aon phointe amháin a thabhairt dá fhoireann, 1-9 i gcoinne 2-5. Ní hamháin gur thainig an cúl chomh deireanach sin ach bhí Cill Aithnín ag imirt le 14 duine tar éis gur taispeánadh cárta dearg don lánchulaí, David Walsh agus ceathrú huaire fágtha.

Bhí Cill Aithnín pointe chun tosaigh ag leath ama, 0-6 i gcoinne 1-2, ach d’aimsigh Seán Armstrong cúl do Bhóthar na Trá díreach tar éis an bhriseadh agus nuair a cuireadh Walsh den pháirc, scóráil Armstrong dhá phointe eile chun iad a chur chun cinn, 2-5 in aghaidh 0-9 ag dul isteach in am breise. Ach níor ghéill Cill Aithnín agus nuair a tarraingíodh Heaney síos, ghlac sé leis an deis an cluiche agus an tsraith a bhuachan dóibh.

I Sraith 3, tá Míchéal Breathnach cáilithe don chluiche ceannais tar éis bua a fháil ar Charna-Caiseal, 0-10 in aghaidh 0-7. Dianchoimhlint a bhí ann agus na foirne cothrom ceithre huaire i rith na 60 nóiméad.

Bhí fir Indreabhán pointe chun cinn ag leath ama, 0-4 i gcoinne 0-3. D’aimsigh Joe Ó Cathasaigh dha phointe go luath sa dara leath chun Carna-Caiseal a chur chun cinn ach fuair na Breathnaigh trí phointe as a chéile, ceann ó Seán Denvir, chun dhá phointe a chur idir na foirne, 0-7 in aghaidh 0-6.

Ach níor ghéill Carna-Caiseal agus gan ach 10 nóiméad fágtha, bhí na foirne cothrom. Thug Míchéal Breathnach na cosa leo arís ansin agus ní fada go raibh bearna de thrí phointe idir na foirne. Rinne a gcúl báire, Ronán Ó Beoláin, sábháil den scoth, chun an bua a chinntiú, 0-10 in aghaidh 0-7.

Imreoidh Míchéal Breathnach i gcoinne Bhearna-Na Forbacha sa chluiche ceannais, ach tá an dá fhoireann cáilithe do Shraith 2 an bhliain seo chugainn.

Ciaran Gillespie 20/7/2014
Imreoir Ghaoth Dobhair, Ciarán Mac Giolla Easpuig, ag imirt le foireann mionúr Dhún na nGall i gcluiche ceannais na hÉireann. Pictúr: INPHO/Morgan Treacy

Craobh Mionúr ‘A’ Dhún na nGall buaite ag Gaoth Dobhair

Is iad Gaoth Dobhair curaidh Mionúr Dhún na nGall den chéad uair le 15 bliain tar éis an bua a fháil ar fhoireann chónasctha An Clochán Liath/Na Rossa. Bhí coimhlint ghéar chrua ann sa chéad leath.

Ba é Gavin Mac Giolla Bhríde a fuair an chéad phointe den chluiche do bhuachaillí Ghaoth Dobhair. Bhí ceathrar d’imreoirí Ghaoth Dobhair ar fhoireann Dhún na nGall a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais chraobh na hÉireann i mbliana, ach ní raibh An Clochán Liath/Na Rossa chun géilleadh go bog dóibh.

Bhí na foirne ar comhscór ag leath am, 0-4 an taobh agus bhí an t-ádh le Gaoth Dobhair nach raibh siad chun deiridh.

D’ardaigh Gaoth Dobhair na seolta sa dara leath agus tar éis 35 nóiméad, bhí siad 0-6 i gcoinne 0-4 chun cinn. Tar éis deich nóiméad eile, bhí siad pointe eile chun cinn agus nuair a d’aimsigh Ciarán Mac Giolla Easpuig scór eile dóibh, bhreathnaigh sé go raibh a ndóthain déanta acu.

D’aimsigh Seaghan Ó Fearraigh dhá phointe eile gan ach ceithre nóiméad fágtha agus cé go bhfuair An Clochán Liath/Na Rossa an dá scór dheireanacha den chluiche, is iad muintir Ghaoth Dobhair a bhí ag ceiliúradh ag lán ama, an cluiche buaite acu 0-11 in aghaidh 0-6.

An Ghaeltacht slán ach cliseann ar Lios Póil agus Piarsaigh na Dromoda

Beidh An Ghaeltacht fós ag imirt i Roinn 3 an bhliain seo chugainn tar éis dóibh An Chill a bhualadh sa chluiche deireanach den sraith. Bhí gaoth láidir ag séideadh i rith na 60 nóiméad ach is iad An Chill is fearr a chruthaigh ag tús an chluiche, James Long as aimsiú an chéad pointe gan ach dha nóiméad imeartha.

Spreag sin An Ghaeltacht chun gnímh agus chuir cúl agus pointe ó Sheán Ó Gairbhí chun cinn iad cé go raibh an lámh in uachtar fós ag An Chill. D’aimisgh siad trí phointe as a chéile chun chun na scóranna a chotromú tar éis fiche nóiméad. Ach fuair an Ghaeltacht trí phointe roimh leath am agus bhí siad chun cinn ag dul isteach don bhriseadh, 1-4 in aghaidh 0-5.

Leath bealach tríd an dara leath, d’aimsigh Gary Sayers dhá phointe don Chill ach bhí siad fós taobh thiar le pointe – 1-5 i gcoinne 0-7 –  agus An Ghaeltacht amháin a scóráil as sin go deireadh an chluiche. Fuair Seán Míchéal Ó Conchuir pointe agus d’aimsigh Míchéal Breathnach cúl.

Thug Piarsaigh an Dromoda agus Lios Póil aghaidh ar a chéile i gcluiche eile i Roinn 3 agus cé gur bhuaigh na Piarsaigh, 1-9 in aghaidh 0-11, tá an dá fhoireann dícháilithe de dheasca torthaí eile. Is sa nóiméad deireanach a bhuaigh na Piarsaigh an chluiche le cúl ó Tomás Ó Curráin ach ní dhearna sé aon difríocht sa deireadh mar go beidh an dá fhoireann ag imirt i Roinn 4 i 2015.

Fág freagra ar 'Súil siar ar na cluichí Gaeltachta'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    “Bhí ceathrar d’imreoirí Ghaoth Dobhair ar fhoireann Dhún na nGall a bhuaigh craobh na hÉireann i mbliana”.

    Nárbh é Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann sa ghrád mionúir I mbliana.