Sraith nua do pháistí le tosú ag TG4 nuair a dhúnfar Cúla4 ar Scoil don samhradh

Is é an comhlacht léirithe Meangadh Fíbín, a léiríonn Cúla4 ar Scoil, a bheidh i mbun léirithe ar an tsraith nua

Sraith nua do pháistí le tosú ag TG4 nuair a dhúnfar Cúla4 ar Scoil don samhradh

Tá TG4 chun sraith nua a bheidh dírithe ar pháistí óga a chraoladh nuair a thiocfaidh deireadh le Cúla4 ar Scoil ag deireadh na míosa seo.

Tá go leor páistí Gaeltachta agus Gaelscoile á mealladh gach maidin ag Cúla4 ar Scoil, clár scoil sa bhaile TG4 a dtiocfaidh deireadh leis ar an 26 Meitheamh.

Agus na campaí samhraidh a chuirtear ar fáil do ghasúir óga gach bliain idir dhá cheann na meá de bharr shrianta Covid-19, tá TG4 chun tús a chur le sraith nua, Campaí Cúla4, chun páistí a choinneáil gnóthach.

Is é an comhlacht léirithe Meangadh Fíbín, a léiríonn Cúla4 ar Scoil, léiritheoirí na sraithe nua.

Sraith cúig seachtaine atá i gceist agus beidh téamaí éagsúla ann gach seachtain. Beidh láithreoir difriúil ar gach campa.

Is í Orla Ní Fhinneadha, láithreoir aimsire le TG4 agus múinteoir bunscoile, a bheidh i mbun an chéad champa a bheidh dírithe ar na hEalaíona traidisiúnta. Cuirfidh Diarmuid Ó Mathúna an dara campa i láthair agus bia, folláine agus an nádúr faoi chaibidil aige.

Beidh Jules Ní Chonchubhair ó Techspace i mbun an champa teicneolaíochta agus cruthaitheachta do sheachtain a trí.

Cuirfidh láithreoir TG4 Máire Treasa Ní Dhubhghaill an campa spóirt agus aclaiochta i láthair agus beidh Caitlín Nic Aoidh ag láithriú seachtain a cúig faoi na meáin chumarsáide.

Tá maoiniú curtha ar fáil don tsraith ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Foras na Gaeilge agus dúirt an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, an Seanadóir Seán Kyne gur údar áthais é go bhfuil an Roinn ag tacú leis an tionscnamh.

“Beart praicticiúil is ea an tsraith seo Campaí Cúla4. Beidh sí mar thaca breise ag páistí fud fad na tíre ag an tráth seo agus ar ndóigh do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge.”

Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Daoine Óga TG4, go raibh súil acu go mbainfeadh páistí taitneamh as an tsraith nua agus iad ag súil go dtreiseodh na campaí leis an méid a bhí ar bun ar Cúla4 ar Scoil le 2 mhí anuas”.

Fág freagra ar 'Sraith nua do pháistí le tosú ag TG4 nuair a dhúnfar Cúla4 ar Scoil don samhradh'