‘So do you remember when Ernie O’Malley came here? – leabhar nua d’agallaimh ag Earnán Ó Máille le hÓglaigh sa Tuaisceart

Tá tábhacht nach beag ag baint le ‘The Men Will Talk to Me: Ernie O’Malley’s Interviews With the Northern Divisions (Merrion Press)’ mar gheall go bhfuil géarghá iniúchadh ceart a dhéanamh ar thaithí mhuintir an Tuaiscirt le linn bhlianta na réabhlóide

‘So do you remember when Ernie O’Malley came here? – leabhar nua d’agallaimh ag Earnán Ó Máille le hÓglaigh sa Tuaisceart

Nuair a thosaigh Earnán Ó Máille ar chuntas a scríobh ar an gcogadh cathartha dá dara leabhar beathaisnéise The Singing Flame, bhí deacracht mhór amháin aige: bhí sé faoi ghlas i bpríosún Mhuinseo le linn chuid mhór den chogadh sin.

Ba le haghaidh tuiscint níos iomláine a chur ar choimhlint na mblianta sin a thosaigh an Máilleach ag cur agallamh ar sheanchomrádaithe leis sna 1930í, os cionn deich mbliana sular cuireadh tús leis an mBúró Staire Míleata. Thug sé aghaidh ar dhúichí iargúlta, anaithnide timpeall na tíre ar a rothar leis na hagallaimh a bhailiú, agus faoi lár na gcaogaidí bhí thart ar 450 agallamh aige le fir (agus dornán beag ban) a bhí páirteach i mblianta na réabhlóide.

Ní léir cén cuspóir deiridh a bhí ag Ó Máille agus na hagallaimh á mbreacadh síos faoi dheifir aige ina pheannaireacht bhrúite féin, agus seans maith go mbeadh siad i bhfolach fós faoi charn mór páipéar murach díograis a mhic, Cormac.  

I ndiaidh bhás a athar, tháinig Cormac go hÉirinn agus thug athchuairt ar chuid de na daoine a bhí faoi agallamh ag a athair. Is féidir a shamhlú cén stangadh a bhain sé as daoine nuair a bhuail sé isteach, é gléasta go péacach, carbhat cuachóige air, agus blas binn ar chuid cainte a bhí séimhithe ag na blianta a chaith sé i Meiriceá, ‘So do you remember when Ernie O’Malley came here?’

An freagra a bhí ag duine amháin air i gCo. an Chláir, mar a insíonn Cormac féin, ná, ‘Yes, he came in here unannounced with a notebook asking us a load of questions, not knowing anything about the place. Just like yourself!’

Ach bhí cur amach áirithe ag Earnán Ó Máille ar cheantar an Tuaiscirt, ar a bhfuil an leabhar is deireanaí sa tsraith The Men Will Talk to Me bunaithe. (Thug sé cuairteanna ar Thír Chonaill, ar Mhuineachán agus ar Thír Eoghain le linn chogadh na saoirse agus chuir sé plean le chéile i nDeireadh Fómhair 1922 chun príosúnaigh a scaoileadh saor as príosún Dhún Dealgan).

Ceithre agallamh déag atá sa mbailiúchán, agallaimh le Peadar Ó Dónaill, Pádraig Mac Logáin agus Proinsias Mac Aogáin ina measc, dream ar leasc leo labhairt faoi na himeachtaí seo go hiondúil agus nár thacaigh le tionscnamh cuimhneacháin oifigiúil an Stáit. Ach tá agallamh ann freisin le fir a thaobhaigh leis an gConradh, mar a rinne lear suntasach de Thríú Roinn an Tuaiscirt i mBéal Feirste. Go deimhin, shocraigh an Máilleach comhagallamh Tigh Bewley’s le Joe Sweeney agus Peadar Ó Dónaill, ar col cúigearacha iad a ghlac seasaimh éagsúla ar fad ar an gConradh.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis na hagallaimh seo, ní hamháin de bharr go bhfuil sonraí nua iontu, ach mar gheall go bhfuil géarghá iniúchadh ceart a dhéanamh ar thaithí mhuintir an Tuaiscirt le linn na mblianta trioblóideacha seo agus go raibh aird na scoláirí dírithe ar dheisceart na tíre le blianta beaga anuas.

Bhí ar os cionn 23,000 duine teitheadh as a dtithe i mBéal Feirste le linn phogram na bliana 1920, agus cuireann na hagallaimh le baill de Thríú Roinn an Tuaiscirt, mar atá, Séamus Woods, Roger McCorley, Tom McNally, agus Jack ‘Seán’ Leonard, an chathair sin inár láthair ina steillbheatha.

Tugann cuntas Mick O’Hanlon, as an Mullach Bán i ndeisceart Ard Mhacha, cuntas ar an bhforéigean agus an fhuarchúis a chleacht scuad Mhichíl Uí Choileáin ar Dhomhnach na Fola 1920 agus cur síos grafach aige ar Óglach amháin a scaoil Maor de chuid Arm na Breataine marbh agus shuigh síos ar a shuaimhneas i ndiaidh dó an gníomh a chur i gcrích le bricfeasta an Mhaoir a ithe.

Tá cuntas níos bríomhaire fós ag O’Hanlon ar an gcaoi ar éirigh leis éalú as an gCurrach i dtollán in Aibreán 1923. Agus bhí Michael Murney, as Cill Eoghain, i gCo. an Dúin, ar dhuine den 49 fear a d’éalaigh as príosún Chill Chainnigh i ndiaidh dóibh poll a thochailt as an bhfoirgneamh le scian chistine.

Ní leis an Tuaisceart amháin a bhaineann na hagallaimh, áfach. Insíonn Patrick McCartan, as an gCarraig Mhór i dTír Eoghain, don Mháilleach faoina thoscaireachtaí go dtí an Rúis agus an Ghearmáin. Tá sleachta sa leabhar freisin as cuid de na litreacha deireanacha a scríobh Charlie Daly, Ciarraíoch, a bhí ina cheannaire ar Dhara Roinn an Tuaiscirt (Doire agus Tír Eoghain). Chuir an Dálach i gcoinne an Chonartha agus gabhadh é i nGaoth Dobhair go deireanach sa mbliain 1922. Cuireadh chun báis é i Márta 1923 mar dhíoltas as bás saighdiúra in Arm an tSaorstáit.

Meabhraíonn na hagallaimh dúinn freisin a lárnaí is a bhí an Ghaeilge i saol na bhfear seo. Ba í an chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge a chuir Mac Aogáin ar bhóthar na réabhlóide; ba chainteoirí dúchais Gaeilge iad tuismitheoirí Mick Donnelly as Ard Mhacha Theas, agus deirtear gur thug Óglaigh Bhéal Feirste a gcuid orduithe i nGaeilge agus ionsaí á thabhairt acu ar bheairic na Croise Giorra i Meitheamh 1920.

Ach seans gurb é an rud is spéisiúla faoi bailiúchán ar bith den sórt seo ná na bearnaí atá fágtha sa scéal. Níl agallamh ar bith i mbailiúchán Uí Mháille le hÓglaigh 5ú Roinn an Tuaiscirt, i gCo. Muineacháin, roinn ar a raibh Eoin Ó Dubhthaigh ina cheannaire. Ní luaitear an seachtar Protastúnach a maraíodh in Allt na bhFiach, i gcontae Ard Mhacha i Meitheamh 1922, agus níl sé de rud i Rory McCorley, a bhí in Arm an tSaorstáit i gCiarraí i Márta 1922, na huafáis a tharla ag Balla Ó Síoda a lua ar chor ar bith.

Mar is dual do chuntas na bhfear, is ar éigean a luaitear ról na mban ach oiread. Cé go raibh Nano Aiken ar a coimeád in éineacht le Ceathrú Roinn an Tuaiscirt ón uair a dódh teach Mhic Aogáin i gCamloch in Nollaig 1920 (rud a dheimhníonn a hiarratas ar phinsean don tSeirbhís Mhíleata), níl tásc ná tuairisc uirthi sna hagallaimh.

Ach murach na hagallaimh seo, ní bheinn féin ná mo mhuintir ar an eolas go deo faoi Annie Cardwell, col ceathrair le Nano agus ball de Chumann na mBan, a bhí ag tabhairt aire d’Óglaigh a d’éalaigh as an gCurrach nuair a scaoileadh marbh í trí thimpiste i Nollaig 1922. Bhí scéalta áirithe ann a bhí róphianmhar, ní foláir, le cur ar aghaidh go dtí an chead ghlúin eile.

– Is é Máirtín Ó Muilleoir a sheolfaidh an leabhar The Men Will Talk to Me: Ernie O’Malley’s Interviews With the Northern Divisions (Merrion Press) sa Chultúrlann i mBéal Feirste, Dé Máirt 17 Aibreán ag 7.30pm. Beidh seoladh eile ar siúl in Ionad Oirchialla, i bPríosún Dhún Dealgan, Déardaoin, 24 Bealtaine

Fág freagra ar '‘So do you remember when Ernie O’Malley came here? – leabhar nua d’agallaimh ag Earnán Ó Máille le hÓglaigh sa Tuaisceart'