Cé gur chlis arís ar fhoireann rugbaí na hÉireann sna babhtaí ceathrú ceannais agus gur fhág foireann sacair na mban slán le Corn an Domhain gan cúl a scóráil, bhí neart le ceiliúradh acu agus ag laochra eile na tíre in 2023
Cuireadh tús conspóideach leis an mbliain agus achomharc déanta ag an nGleann as Doire ar bhua Chrócaigh Chill Mochuda i gcluiche ceannais peile na hÉireann toisc go raibh an iomarca imreoirí ar an bpáirc ag na Crócaigh ag pointe cinniúnach ach tarraingíodh siar é faoi dheireadh. INPHO/Laszlo Geczo
Ní raibh aon cheist ann faoi bhua Bhaile Héil ar Dhún Lathaí sa chluiche ceannais iomána agus a shéú craobh uile-Éireann buaite ag an laoch TJ Reid lena chlub. INPHO/Laszlo Geczo
Bhí cuma na maitheasa ar fhoireann rugbaí na hÉireann i rith an earraigh, an Chaithréim Mhór buaite acu agus iad ag fáil faoi réir do Chorn an Domhain. INPHO/James Crombie
Bhí cúrsaí níos deacra ag foireann ban na hÉireann a chríochnaigh ag bun an tábla i gCraobh na Sé Náisiún. INPHO/Ryan Byrne
Díol suntais a bhí ann i gcluiche ceannais Roinn 2 na Sraithe Náisiúnta Peile an chéad amharc a fháil ar Stephen Cluxton i ngeansaí Átha Cliath agus é ar ais i measc na n-ionadaithe tar éis don chúl báire 2022 a chaitheamh i bhfolach in áit éigin. INPHO/Ben Brady
Cuireadh fáilte mhór abhaile roimh Katie Taylor i mBaile Átha Cliath mí Bealtaine ach chuir Chantelle Cameron deireadh leis an gceiliúradh agus an ceann is fearr faighte aici ar bhean Bhré sa 3Arena. INPHO/Gary Carr
Briseadh croí ar a bhfód féin a bhí i ndán do Chúige Laighean freisin nuair a chlis orthu arís i gcluiche ceannais Chorn na gCuradh in aghaidh La Rochelle. INPHO/Ben Brady
Bhí idir óg agus aosta sáite i gCraobh Shinsir Iomána na hÉireann i mbliana… INPHO/James Crombie
Cill Chainnigh agus Luimneach a bhí arís sa chluiche ceannais agus an toradh céanna againnle 2022, in ainneoin iarrachtaí Martin Keoghan agus imreoirí eile na gCat.INPHO/James Crombie
Bhí Luimneach ina seaimpíní arís agus foireann John Kiely anois ag iarraidh a gcúigiú craobh as a chéile a bhuachan, gaisce nach bhfuil déanta ag aon fhoireann eile riamh. INPHO/Laszlo Geczo
Rinne Ciarán Kilkenny comhbhrón le Jason Foley tar éis d’Áth Cliath Craobh Shinsir Peile na hÉireann a bhuachan ag deireadh mhí Iúil. INPHO/James Crombie
Bhuaigh James McCarthy, Michael Fitzsimons agus Stephen Cluxton a naoú bonn uile-Éireann, níos mó ná aon imreoir i stair na peile. INPHO/Laszlo Geczo
Lucht peile na hardchathrach a bhí ag ceiliúradh arís théis chluiche ceannais na mban agus an ceann is fearr faighte ag Áth Cliath ar Chiarraí chun a gcéad chraobh le trí bliana anuas a bhuachan. INPHO/Laszlo Geczo
Bhí Ciarraí agus Louise Ní Mhuircheartaigh fágtha folamhtar éis chluiche ceannais na hÉireann don dara bliain as a chéile ach ainmníodh bean Ard na Caithne mar Imreoir na Bliana ag deireadh an tséasúir. INPHO/Laszlo Geczo
Bhuaigh mná Chorcaí a gcéad chraobh camógaíochta ó 2018 nuair a fuair siad an ceann is fearr ar dhream eile as cúige Mhumhan, Port Láirge, sa chluiche ceannais.INPHO/Laszlo Geczo
Lá mór a bhí ann i stair shacar na mban in Éirinn nuair a d’imir an fhoireann shinsir i gCorn an Domhain den chéad uair riamh agus iad in aghaidhna hAstráile i Sydney. INPHO/Ryan Byrne
Chaill na hÉireannaigh sa chéad chluiche sin agus níor éirigh tada níos fearr leo sa dara cluiche in aghaidh Cheanada.INPHO/Ryan Byrne
D’éirigh leo comhscór a bhaint amach in aghaidh na Nigéire sa chluiche deireanach acu san Astráil ach ba léir nach raibh na himreoirí go hiomlán sásta leis an mbainisteoir Vera Pauw agus cinneadh gan conradh nua a bhronnadh ar an Ísiltíreach i ndiaidh an chomórtais.INPHO/Ryan Byrne
Chuir Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy bonn óir eile leis an gcarnán atá acu nuair a bhuaigh siad ag Craobhacha Rámhaíochta an Domhain sa tSeirbia mí Mheán Fómhair. INPHO/Detlev Seyb
Údar díomá a bhí ann d’Éireannaigh ag na craobhacha lúthchleasaíochta sa Bhúdaipeist agus Ciara Mageean, thuas, agus Rhasidat Adeleke ag críochnú sa cheathrú háit ina mbabhtaí ceannais. INPHO/Morgan Treacy
Bhí lucht rugbaí na tíre ag súil go mór le Corn an Domhain sa Fhrainc agus chuir an fhoireann leis angcaint sin tar éis dóibh an Afraic Theas agus Albain a bhualadh agus críochnú ar bharr a ngrúpa. INPHO/James Crombie
Teip eile a bhí i ndán d’Éirinn sna babhtaí ceathrú ceannais áfach agus an ceann is fearr faighte ag an Nua-Shéalainn ar fhoireann Andy Farrell sa chluiche deireanach rugbaí ag Johnny Sexton. INPHO/Dan Sheridan
An Afraic Theas a bhuaigh Corn an Domhain den dara huair as a chéile agus na hAll Blacks cloíte acu sa chluiche ceannais i bPáras. INPHO/Dan Sheridan
Bhí bliain thar na bearta ag Rhys McClenaghan a bhuaigh boinn óir ag Craobhacha Gleacaíochta an Domhain agus na hEorpa in 2023 agus é anois ag díriú ar Chluichí Oilimpeacha na bliana seo chugainn
Pádraig Harrington ag imirt san Irish Open sa K Club mí Mheán Fómhair.INPHO/Ben Brady
Bhí cúpla seachtain den scoth ag sárghalfairí na hÉireann sa bhfómhar agus Leona Maguire mar chuid d’fhoireann na hEorpa a bhuaigh Corn Solheim sa Spáinn. INPHO/Martin Siras Lima
Bhí Shane Lowry agus Rory McIlroy i lár an aonaigh sa Róimh agus Corn Ryder tugtha leo ag an Eoraip. INPHO/Matteo Ciambelli
Drochbhliain a bhí ag foireann sacair na hÉireann in 2022 agus níor fheabhsaigh cúrsaí tada i mbliana agus gach aon chluiche tábhachtach a bhí ag an bhfoireann caillte acu. Fágadh slán le Stephen Kenny roimh dheireadh mhí na Samhna. INPHO/Ryan Byrne
Sa tsraith náisiúnta, bhuaigh Shamrock Rovers an Phríomhroinn don cheathrú bliain as a chéile. INPHO/Ryan Byrne
Léirigh cuid de lucht leanta Bohemians tacaíocht do mhuintir Gaza roimh chluiche ceannais Chorn FAI i Staid Aviva. INPHO/Tom Maher
Bhí an lá le St Patrick’s Athletic, áfach agus bua 3-1 faighte ag fir Inse Chór. INPHO/Ryan Byrne
Bhain Katie Taylor díoltas amach ar Chantelle Cameron i dtreo dheireadh na bliana nuair a thug Taylor ceann de na taispeántais is fearr riamh aici chun na criosanna a thabhairt léi.INPHO/Bryan Keane
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'Slán le Johnny, Vera agus Stephen – scoth na bpictiúr ó bhliain chorraitheach spóirt'