GAILEARAÍ/TUAIRISC: Seoladh Sheasúr Bray Wanderers le Stephanie Roche

Beidh Stephanie Roche i dTeach Bán Barack Obama Lá ’le Pádraig. Ach níor bhain an nuacht sin ón dílseacht a thug abhaile ag an deireadh seachtaine í.....

Thángadar sna táinte. Fir, mnáibh agus paistí. Páistí go háirithe. Sna sluaite. Uaine Raonaithe Bhré á gcaitheamh go tiubh acu uilig. Sa Royal Hotel Bré – príomhurraithe Bray Wanderers i mbliana. Úinéirí nua na foirne, déanta na fírinne.

Bhí Dean Zambra i láthair. Captaen na bliana seo caite. Fear atá ag dul ar imirce ar ball beag. Lena leathbhádóir mná. Agus bhí an painéal uilig i láthair. Fir óga le brionglóidí. Conas ná beadh?

Bhí séasúr úr Bray Wanderers le seoladh. Bheadh caint ar thrófaithe airgid le buachan. Ar phointí le gnóthú. Bheadh fiú, cogar – an cogar ós íseal, tá a fhios agat –  faoi fhiosrú na nGardaí (más fíor a leithéid) faoi dheontais athmhaisithe tabhartha ag an Roinn Spóirt don gClub fadó, is araile, ach, más fior na tuairiscí, nach róléir d’éinne má aimsíodar uilig na spriocanna a luadh ar na cáipeisí iarratais oifigiúla.

Tharla seo uilig, má tharla, fada, fada siar, i ndoircheacht an Tíogair Cheiltigh. Faoi réimeas eile, tá a fhios agat. Réimeas na bliana 2008.

Ach b’in stair sheanchaite. Bhí stair úr le cruthú anocht, thuigeamar. 

Fógraíodh go mbeadh na ticéid shéasúir ag dul amach, ar deireadh, an tseachtain seo chugainn. Bhí geansaithe an tséasúir nua ar foluain. Brionglóidí le comhlíonadh. Nach raibh a gceadúnas imeartha eisithe an tseachtain seo caite ag an FAI dóibh?  Dea-mhéin agus gliondar. Ardú meanman. Na féidireachtaí uilig fós ar oscailt.

Bhí halla mór na mbainisí ag cur thar maoil. Ach níorbh é Dean Zambra, captaen, ná Alan Matthews, cóitseálaí, ná úinéirí nua na fóirne a tharraing na sluaite. Níorbh iad ná baol air.

Cé eile a thug ann sinn ach bean óg fhionn – bé óg ard seang – beannaithe idir mhnáibh.

‘Sea, a chairde, thángamar go léir le bheith san aon seomra le banlaoch domhanda na caide sacair.

Agus nach í Stephanie Roche atá ar a compord i gcomhluadar páistí. Duine i ndiaidh a chéile, leads agus cailíní óga, peann agus pár ina nghlaic, sheasadar sna scuainí.  Réchúiseach, dea-mhúinte, eolach. Thuig gach mac is iníon máthar díobh cad a thug ann iad. Agus ba léir gur thuig Roche an méid chéanna. 

Rinne sí comhrá agus caidreamh le gach duine díobh. Chuir sí uair a’ chloig isteach leo. Ní nach ionadh, bród agus mórtas thuismitheoirí na gceamaraí. Tá meas gach máthar agus cion gach athar ag Ms. Roche, agus tuilleadh. Ní baol don dea-mhéin sin di.

Ansin bhí sé in am don chaint. Leag Alan Matthews amach spriocanna an tSaesúir Úir. Bheadh fáilte roimh thrófaí, d’aon tsaghas. Tá painéal óg den scoth aige. Bheadh lá i measc na gceithre bhfichidí againn fós.

Ansin tháinig tráth na mbronntanas. Aithníodh seacht scoth-shéasúir Dean Zambra le Bray Wanderers. Níl móran bán faoin mbád a thógfaidh Dean le Stephanie thar sáile i gcéin.

Eisean a hancaire. B’é guí agus beannacht an tslua aréir go mba fada buan iad beirt.

Tá sraith na mban i SAM orthusan is fearr ar domhan. Sin an áit cheart di. Houston Dash FC. Trí bliana ar an mbóthar. Blianta breátha le teacht.

Níorbh iontas aon oíche é cúl cinniúnach Roche. Tá raidhse díobhsean inti. Anois tá an stáitse cuí aici – an tsraith peile ban is foirfe ar domhan – chun an mianach sin inti a chothú.

Níl ribe den chur i gcéill sa mbean óg seo. Dá mbeadh, d’aithneodh páistí an méid sin. Tá an chuma uirthi go gcaithfidh Stephanie Roche oiread ama le hóganaigh Bhré, ar theacht abhaile di amach anseo, is a chaith sí aréir. Sin teist…..

‘Folley that in two swallies’, a rachmasóirí, a mhilliúnaithe, a laochra fireann sacair Éirinn!

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ/TUAIRISC: Seoladh Sheasúr Bray Wanderers le Stephanie Roche'