GAILEARAÍ: Seoladh na Nollag ag Comhar

Seoladh na Nollag Comhar & LeabhairCOMHAR, Dé Céadaoin, 10 Nollaig, i nGailearaí na nGrianghraf, Cearnóg Theach an Tionóil, BÁC. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bhailigh slua breá le chéile aréir i nGailearaí na nGrianghraf, Cearnóg Theach an Tionóil, le heagrán Comhar na Nollag agus dhá leabhar nua ó LeabhairCOMHAR a sheoladh. Eagraíonn Comhar Teo. oíche mhór cosúil leis seo uair sa bhliain chun léitheoirí, scríbhneoirí, agus lucht tacaíochta na hirise agus na leabhar a thabhairt le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar obair na bliana.

Ba iad Caitríona Ní Mhurchú agus an t-Ollamh Máirín Nic Eoin a rinne an seoladh.

Seoladh bailiúchán nua: Cnuasach Comhar 1982–2012: Ailt – Aistí – Agallaimh. Rogha atá sa chnuasach seo d’aistí, ailt agus agallaimh a foilsíodh in iris Comhar sna blianta 1982 – 2012. Is Aisling Ní Dhonnchadha, léachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, agus Regina Uí Chollatáin, léachtóir sinsearach le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a chuir an leabhar in eagar, agus réamhrá ar fáil.

Seoladh Tíortha na hÓige: Litríocht Ghaeilge na nÓg agus Ceisteanna an Aistriúcháin ar an oíche freisin; leabhar taighde le hÓrla Ní Chuilleanáin, a thugann an fhorbairt ollmhór ar chorpas litríochta Ghaeilge do pháistí na hÉireann le fios. Léiríonn an leabhar seo go raibh aistriúcháin ina gcuid lárnach den litríocht do pháistí i dtréimhse athbheochan na Gaeilge, agus maireann nós an aistricháin sa lá atá inniu ann.

Is údar ficsin agus neamhfhicsin í Órla Ní Chuilleanáin a bhuaigh an chéad duais do dhrámaí raidió i gComórtas Liteartha an Oireachtais in 2010. Ba léachtóir le Nua-Ghaeilge í ar feadh trí bliana i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus múineann sí modúl iarchéime sa dlí agus aistriúchán i gColáiste na hOllscoile mar aon le cúrsaí Gaeilge in institiúidí eile. Is abhcóide í Órla freisin agus d’oibrigh sí mar thaighdeoir dlí sa Choimisiún um Chearta an Duine, in Oifig an Ard-Aighne agus in Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine sna Náisiúin Aontaithe.