Tá seacht mbaile Gaeltachta ar liosta na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) de na “ceantair phráinne” maidir le séarachas amh a bheith á scaoileadh chun siúil i lochanna, aibhneacha agus farraigí na hÉireann.
Is é Tír Chonaill an contae Gaeltachta is measa ó thaobh séarachas amh a bheith á scaoileadh. Tá ceithre bhaile Gaeltachta sa chontae sin ar liosta an EPA.
Ní bheifear in ann cóireáil a dhéanamh ar an séarachas atá á scaoileadh chun siúil ón bhFál Carrach, Cill Charthaigh agus Ailt an Chorráin go dtí 2019 agus ní luaitear dáta ar bith leis an gCeathrú Chaoil, an ceathrú baile i nDún na nGall atá ar an liosta.
I gContae na Gaillimhe, tá séarachas amh á scaoileadh chun siúil ar an Spidéal agus ar an gCeathrú Rua. Is é Béal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo an baile Gaeltachta eile atá ar an liosta.
Leagadh plean amach cúpla bliain ó shin go mbeadh ionaid chóireála séarachais ann sna bailte seo ar fad in 2017. Tá an plean sin curtha siar dhá bhliain i ngach aon bhaile seachas Béal an Mhuirthead, a bhfuil 2018 luaite leis i sceideal nua an EPA, agus Ceathrú Chaoil i dTír Chonaill, nach bhfuil dáta ar bith luaite leis.
Níor tógadh ach trí ionad cóireála séarachais in Éirinn ón mbliain 2014, nuair a d’fhoilsigh an EPA a dtuarascáil dheireanach.
Dúirt Stiúrthóir Oifig um Fhorfheidhmiúchán Comhshaol an EPA, Gerard O’Leary, go raibh sé “doghlactha” go bhfuil an clár ama a bhí ann athraithe agus go bhfuil dhá bhliain bhreise i gceist anois.
Tá 124 ceantar ar liosta iomlán na gceantar “práinne” ag an EPA. Tá na cathracha Baile Átha Cliath, Corcaigh, agus Gaillimh i measc na mbailte ar an mórliosta sin.
Is é Uisce Éireann atá i gceannas ar chóiriú séarachais agus uisce ón mbliain 2014. Dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta go bhfuil méadú ag teacht ar an infheistíocht atá á déanamh in ionaid chóireála uisce ó ghlac Uisce Éireann freagracht as.
Dúirt urlabhraí de chuid an chomhlachta go bhfuil sé i gceist ag Uisce Éireann €326 milliún in aghaidh na bliana a chaitheamh ar “infreastruchtúir dhramhuisce”, mar atá leagtha síos i bPlean Gnó Uisce Éireann 2016-2021.
Bhíothas ag infheistiú tuairim is €270 milliún san obair seo idir 2000 agus 2010 ach tháinig laghdú ar an méid sin go €136 milliún in aghaidh na bliana ó 2011 go 2013. Ó thosaigh Uisce Éireann ag plé leis an scéal dhá bhliain ó shin, tá an infheistíocht méadaithe acu go thart ar €166 milliún in aghaidh na bliana.
Fág freagra ar 'Seacht mbaile Gaeltachta ar liosta ‘ceantair phráinne’ an EPA maidir le séarachas amh'