Sé choláiste samhraidh dúnta agus tuilleadh i mbaol ceal lóistín

Tá oiread deacrachtaí ag coláiste samhraidh mór le rá amháin mná agus fir tí a fháil go bhfuil siad chun cead pleanála a lorg do choláiste cónaithe

Sé choláiste samhraidh dúnta agus tuilleadh i mbaol ceal lóistín

Tá sé choláiste samhraidh dúnta i mbliana agus a thuilleadh i mbaol.

Thug CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh Gaeilge, le fios go bhfuil ‘géarchéim’ i gcónaí ann do na Coláistí Samhraidh a bhfuil fadhbanna móra acu teacht ar ‘mhná tí’ i mbliana.

Is iad Coláiste na bhFiann (Ros Muc, Ráth Chairn, Gaoth Dobhair agus Droim Rí), Coláiste Aoidh Mhic Bhricne (Teileann, Tír Chonaill), Coláiste Bhréanainn (Baile an Bhuinneánaigh, Contae Chiarraí), Coláiste Eoghain Uí Chomhraidhe (Inis, Contae an Chláir), Coláiste Phobail Chléire (Oileán Chléire) agus Coláiste na Mumhan (Béal Átha an Ghaorthaidh, Contae Chorcaí) na Coláistí a bheidh dúnta i mbliana.

“Bhí muid síos 1,678 leaba i mí an Mhárta agus 142 teach. Tá sé choláiste dúnta agus cúpla coláiste eile i mbaol,” arsa urlabhraí CONCOS, Maria Nic Dhonncha.

Ní cúrsaí lóistín amháin atá ag déanamh imní do na coláistí samhraidh. Deir CONCOS go bhfuil easpa múinteoirí, fadhbanna bainistíochta agus struchtúir agus ganntanas cúntóirí agus ceannairí ag cur isteach ar na coláistí i mbliana chomh maith.

“Ní leis na mná tí amháin atá an fhadhb,” ar sí. “Blianta eile bheadh cead tugtha do dhaoine óga coicís nó trí seachtaine saor ón obair a thógáil le dul ag obair mar chúntóirí agus mar cheannairí sna coláistí samhraidh. Anois níl na fostóirí ag tabhairt an cead sin dóibh mar go bhfuil siad féin faoi bhrú freisin.”

“Agus níor labhair muid fós ar COVID fiú,” ar sí. “Tá go leor míchinnteachta ann i leith COVID. Tá sé fós inár measc agus caithfidh na coláistí samhraidh aghaidh a thabhairt air,” arsa urlabhraí CONCOS, Maria Nic Dhonncha.

Beidh scoláirí in ann filleadh ar na cúrsaí Gaeltachta an samhradh seo den chéad uair ó 2019 agus na cúrsaí curtha ar ceal le dhá bhliain anuas de thoradh na paindéime Covid-19.

Deir Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, a bhfuil cúig ionad éagsúil acu, go bhfuil idir 20-25% de na mná tí tar éis éirí as i ngach coláiste.

“Bíonn 500 scoláire againn sa chéad chúrsa de ghnáth, ach ní bheidh againn ach 390 anois,” ar sé. “Bhí orainn teach a fháil ar cíos i gCiarraí agus bean tí a fhostú ionas go mbeadh áit ag seisear scoláirí le fanacht. 

“Bhí costas mór air sin ach gan é a dhéanamh ní bheadh na scoláirí in ann freastal ar an gcoláiste samhraidh.”

Tá taighde ar bun ag Páidí Ó Sé agus Coláistí Chorca Dhuibhne faoi láthair do Roinn na Gaeltachta maidir leis na coláistí samhraidh.

“Mar chuid den taighde, cuireadh an cheist cén difríocht atá ann idir brúnna agus mná tí. Tá an dá rud ar comhchéim ó thaobh na teanga de, sin a deir an taighde. Tá buntáistí ag baint leis na brúnna, agus tá buntáistí ag baint leis na mná tí. Níl an Roinn ar aon intinn ach beimid in ann an taighde a thaispeáint dóibh go luath. Tá an-chuid taithí againn ar na brúnna, ní féidir dearúd a dhéanamh air sin.”

“Tá brúnna againn le 100 bliain anuas, in áiteanna cosúil le Coláiste Uisce, Coláiste na bhFiann agus Coláiste na Rinne.”

Deir Maria Nic Dhonncha go bhfuil na coláistí samhraidh “buailte go dona chuile áit”, fiú sna coláistí a mbíonn brúnna seachas mná tí acu.

“Fiú áit a bhfuil brúnna ann mar lóistín do na daoine óga, tá siad ag fáil an-deacair é foireann a fháil le bheith ag obair ann,” ar sí. “Tá brú ag teacht ó go leor áiteanna.”

Deir Páidí Ó Sé go bhfuil fadhb le heaspa múinteoirí i mbliana agus go bhfuil siad tar éis go leor múinteoirí nach as an áit iad a fhostú.

“Tá i bhfad i bhfad an iomarca múinteoirí againn nach ón áit iad,” ar sé. “An fhadhb a bhaineann leis seo ná go gcaithfimid lóistín a chur ar fáil dóibh agus arís tá fadhb le lóistín againn.”

Tá Coláiste Pobail Chléire ar cheann de na coláistí atá dúnta i mbliana agus deir Maria Nic Dhonncha gur ‘cailliúint mhór d’oileán beag’ atá ansin.

“Tá an earnáil i ngéarchéim faoi láthair,” ar sí. “Níl aon bhealach eile le cur síos a dhéanamh air. Táimid thar a bheith buartha. Ní bhfuair muid aon chúnamh nó deontais i leith COVID cé go bhfuil muid ar cheann de na hearnálacha is tábhachtaí i gcomhair na Gaeltachta. Ní bhfuair muid aitheantas ná cabhair i gcomhair athoscailte.”

“Níl slaitín draíochta ag na coláistí samhraidh. Déantar neamhaird ar an méid oibre a dhéantar chun na doirse a oscailt. Tá cúnamh airgid ag teastáil go géar.”

Deir Maria Nic Dhonncha gur gá teaghlaigh nua a thabhairt isteach sa gcóras.

“Caithfear lánúineacha agus daoine nua a mhealladh isteach sa gcóras,” ar sí. “Tá infheistíocht mhór ag teastáil agus tá cúnamh airgid ó na tithe sin. Obair chrua atá i gceist do na mná tí ach is fiú é má tá tú in ann é a dhéanamh.”

Aontaíonn Páidí Ó Sé nach bhfuil a ndóthain daoine nua ag teacht isteach as chóras.

“Chailleamar 13 bean tí agus tháinig beirt isteach. Níl ár ndóthain ansin. Tá foireann ag obair linn go lánaimseartha agus is coláiste pobail muid, ní coláiste príobháideach. An dainséar atá ann ná go gcuirfidh sé seo isteach ar rudaí sa cheantar agus ar na heagraíochtaí eile a mbíonn muid ag obair leo, eagraíochtaí a bhíonn ag brath ar na coláistí samhraidh,” arsa Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. 

Tá 60% níos lú scoláirí ag coláiste eile i mbliana.

“Tá siad ag oscailt i mbliana i gcomhair na mban tí atá acu, ach tá fadhb ollmhór ann,” a deir Maria Nic Dhonncha.

“Tá an t-éileamh ann, ach tá i bhfad níos mó scoláirí againn ná mar atá leapacha!”.

Tá Páidí Ó Sé agus a fhoireann chun cead pleanála a lorg i mí Dheireadh Fómhair do choláiste cónaithe.

“Níl aon rogha againn,” ar sé. “As na mná tí atá fágtha, beidh 30% nó 40% dóibh siúd ag éirí as laistigh de dhó nó trí de bhlianta. Mar chuid den taighde atá ar siúl againn, fuaireamar amach go bhfuil 59% de na mná tí os cionn 70 bliain d’aois.”

“Caithfidh muidne, na coláistí samhraidh, córas difriúil a aimsiú le maireachtaint.”

Fág freagra ar 'Sé choláiste samhraidh dúnta agus tuilleadh i mbaol ceal lóistín'

  • An Teanga Bheo

    Gearrchéim de shior ar fhobhairt na Gaeilge

  • Proinsias Ó Cionnaith

    Is olc an mhaise an nuacht thuas do na coláistí, na gasúir, agus an teanga . Nuair is féidir le coláiste samhraidh Gaeilge níos mó den teanga a theagasc i gcaitheamh trí seachtaine ná mar a mhúineann an córas scoile stáit i gcaitheamh trí bliana déag, tuigimid an caillteanas. Mar bharr an an donas, tá ag teip ar an eaglais freastal ar Ghaeltacht agus ar Ghaeilgeoirí. Leiriú tubaisteach air sin is ea Aifreann an lae inné i Sáipeál Naomh Uinseann,Baile an Fhirtéirigh, á léamh ag sagart le drochGhaeilge a raibh air sciar maith den Aifreann a cheiliúradh i mBéarla.