Is ó oileán beag Gaeltachta i bhfíor-iarthar na tíre a bheidh an chéad radharc ar an gcéad urú iomlán gréine eile in Éirinn — sa bhliain 2090.
Ar an 23 Meán Fómhair 2090, ag thart ar leathuair tar éis a cúig tráthnóna, a thiocfaidh an ghealach idir Inis na Bró, ceann de na Blascaodaí, i nGaeltacht Chiarraí agus an ghrian, de réir eolais atá curtha ar fáil ag NASA.
Is é urú gréine na bliana sin an chéad uair in imeacht 366 bliain a bheidh urú iomlán gréine le feiceáil in Éirinn. Ar an 22 Bealtaine 1724, chuaigh urú gréine thar Éirinn agus an Bhreatain, ó Ghaillimh tríd an mBreatain Bheag agus soir ó dheas go Londain. I 1999 bhí urú iomlán gréine eile le feiceáil sa Bhreatain, ach ní bhfuair muintir na hÉireann radharc ceart ar an bhfeiniméan réaltach.
Beidh an t-urú gréine le feiceáil san iardheisceart ó Chathair Saidhbhín in Uíbh Ráthach, tríd an Neidín, Béal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Chorcaí, Droichead na Bandan, agus Cionn tSáile sula leanfaidh sé ar aghaidh go Devon Shasana agus Mór-Roinn na hEorpa.
Is féidir cúrsa iomlán an urú gréine a fheiceáil ar shuíomh NASA.
Cé go bhfeictear an ghealach ag dul os comhair na gréine i gceantar fairsing nuair a bhíonn urú gréine ann, is ar ‘chosán’ an-chúng a fheictear an ‘lándorchadas’ — áit a dtugtar ‘Path of Totality’ air i mBéarla. Mar sin, chonacthas uruithe gréine eile in Éirinn ó bhí 1724 ann, ach ní raibh an tír faoi chosán sin an lándorchadais le 366 bliain.
Ní hé an 23 Meán Fómhair 2090 an chéad uair a luafar Inis na Bró le heachtraí sa Spás agus neacha neimhe. Ag tús na 1970idí, agus Rás an Spáis fós faoi lánseol, d’éirigh leis na Meiriceánaigh fear a chur ar an ngealach i 1969, d’fhiafraigh na réalteolaithe, an tOllamh Fred Hoyle agus an Dochtúir Gary Hudson, an bhféadfaí léas a fháil ar an oileán le roicéid a sheoladh uaidh go dtí an Spás. Níor fíoraíodh an aisling áirithe sin.s
Fág freagra ar 'Sa Ghaeltacht a bheidh an chéad radharc ar an gcéad urú gréine eile in Éirinn…in 2090'