Ré nua don Ghaeilge i measc Aontachtaithe?

Tá comharthaí áirithe ann go bhfuil dearcadh na bProtasúnach ó thuaidh i leith na Gaeilge ag athrú, dar le daoine atá ag plé leis an nGaeilge.

Linda Ervine: ‘An pobal Protastúnach ag teacht ar mhalairt tuairime faoin nGaeilge’
Linda Ervine: ‘An pobal Protastúnach ag teacht ar mhalairt tuairime faoin nGaeilge’. Pictiúr: Mark Marlow / Irish News

Beidh an Ghaeilge ar cheann de na hábhair a bheidh faoi chaibidil sna cainteanna a bheidh ar siúl idir na páirtithe polaitíochta ó thuaidh sna seachtainí amach romhainn.

Tá go leor daoine ag cur na ceiste cad is fiú an teanga a lua ar chor ar bith nuair atá Aontachtaithe chomh daingean sin ina héadan. Nó an amhlaidh atá athrú tagtha ar mheon an DUP agus an UUP? An bhfuil siad níos báúla leis an Ghaeilge inniu ná mar a bhí siad i 1987, nuair a thug Sammy Wilson “teanga na leipreachán” ar an Ghaeilge?

Measann Linda Ervine, atá mar Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste i gceann de na ceantair is dílse dá bhfuil ann, go bhfuil athrú i gceist le blianta beaga anuas, ní i measc na bpolaiteoirí ach i measc an phobail Phrotastúnaigh go ginearálta.

Dar léi go bhfuil go bhfuil an scéal amhlaidh ar chúiseanna éagsúla, ina measc an feachtas ‘Líofa’ de chuid na Roinne Ealaíon, Cultúir agus Fóillíochta agus an dea-phoiblíocht atá á fáil ag an Ghaeilge sna meáin.

Agus í ag tabhairt cainteanna fud fad na Sé Chontae ar ‘Stair Rúnda na Gaeilge i measc na bProtastúnach’, scaipeann Linda Ervine foirmeacha ar a bhfuil ceisteanna mar “Ar athraigh an chaint seo do dhearcadh ar an Ghaeilge?” “Ar fhoghlaim tú rud ar bith nach raibh a fhios agat roimhe?” agus mar sin de.
“Ag an tús bhí go leor de na freagraí thar a bheith diúltach. Millteanach diúltach,” arsa Linda.

“Ach d’athraigh an dearcadh a bhí acu i ndiaidh na gcainteanna. Inné féin, dúirt bean liom gur chreid sí ar chuma éigin go raibh feall ar iontaoibh á dhéanamh aici agus í ag foghlaim Gaeilge ach ní raibh sí ábalta a oibriú amach cén feall a bhí i gceist agus thug sin saoirse di a aithint gur cuid dá hoidhreacht féin a bhí sa Ghaeilge.”

Tá tuilleadh fianaise ar mheáin shóisialta an aos óig go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an teanga in áiteanna nach mbeifeá ag dúil leis, a deir Linda.

“Tá gaol óg agam agus caitheann sí súil ar shuíomhanna le dílseoirí ar facebook agus ar twitter,” deir sí.

“Nuair a bhíonn rud éigin diúltach á rá faoin Ghaeilge, seolann daoine eile freagraí mar “cad é faoi na Preispitéirigh a shábháil an Ghaeilge?

Ní mhothaíonn lucht a labhartha go bhfuil siad ar thalamh slán ach is beag masla atá á thabhairt di ar mheáin shóisialta na ndílseoirí ar a shon sin!”

Tá scéal dearfach chomh maith ag Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Cumann Gaeilge Eaglais na hÉireann, a eagraíonn ócáidí i nGaeilge, thuaidh agus theas.

Deir sí go mbíonn glacadh iontach leis na hócáidí seo agus go mbíonn daoine ag iarraidh freastal arís orthu.

“Tá Taispeántas nua againn ‘An Ghaeilge in Eaglais na hÉireann’, atá ar siúl i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh faoi láthair ach beidh sé ag dul ar camchuairt fud fad na tíre,” ar sí.

Tá Gordon McCoy ag obair ag Iontaobhas Ultach, a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge i measc na bProtastúnach ar cheann de na spriocanna atá acu.

“Sna hochtóidí bhí go leor Protastúnach den bharúil gur teanga ‘mharbh’ nó teanga ‘phoblachtach’ ba ea an Ghaeilge.

“Cé go raibh cuid mhaith Protastúnach ag iarraidh an teanga a fhoghlaim san am, bhí doicheall orthu a dhul chuig ceantair náisiúnacha lena foghlaim mar gheall ar na trioblóidí. Casadh bean orm a raibh leabhar Gaeilge aici le 12 bliain, ach ní dheachaigh sí chuig rang cionn is gur phóilín a fear chéile.”

Ach cad é faoi na polaiteoirí Aontachtacha?

Measann Linda Ervine nach dtiocfaidh athrú ar bith ansin.

“Tá leithéidí Sammy Douglas ann atá iontach báúil linn ach ní ball tipiciúil den DUP é Sammy,” arsa Linda.

Tá dea-chomarthaí bídeacha ar twitter, áfach.

“Nuair a d’fhógair muid ranganna Gaeilge ar twitter, bhrúigh Robin Newton (DUP) an cnaipe ‘Favourite’ ina chuntas féin. Anois, níor bhrúigh sé an athuair é, ach dul chun cinn a bhí ann!”