Port Láirge ag dul i neart ach Luimneach is láidre go fóill

Beidh an cur chuige céanna ag an dá fhoireann i gcluiche ceannais na hÉireann amárach

Port Láirge ag dul i neart ach Luimneach is láidre go fóill

Tom Morrissey agus Tadhg de Búrca. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

I ndiaidh do Phort Láirge bua iontach a fháil ar Chill Chainnigh coicíos ó shin, chuir tuairisceoir RTÉ Damian Lawlor ceist ar laoch na himeartha Stephen Bennett faoin méid a bhí le rá ag an mbainisteoir Liam Cahill leo ag an mbriseadh leath ama.

Thug Bennett an gnáthfhreagra béasach air gan faic a rá, mar a dhéanann mórán imreoirí agus bainisteoirí roimh chluichí agus agus ina ndiaidh.

Sa chéad leath bhí Cill Chainnigh níos fearr as ar chlár na scór agus iad seacht gcúilín chun tosaigh agus iad ag imirt i bhfad níos fearr ar fud na páirce. Agus cé nach raibh na Déise go dona rinneadar an t-uafás botún agus bhí cuma an-neirbhíseach orthu.

Nuair a bhíos ag éisteacht leis an gceist agus an freagra sin tháinig focail Muhammad Ali isteach i mo cheann ‘The fight is won or lost far away from witnesses – behind the lines, in the gym, and out there on the road, long before I dance under those lights’.

Domsa sin an freagra is cóngaraí don fhírinne. Ní dóigh liom gur fíú mórán suntais a thabhairt d’aon rud a deir aon bhainisteoir roimh an gcomórtas nó ag leath ama in aon spórt. Caithfidh an obair (ar pháirc na himeartha agus ar an bpáirc thraenála) a bheith déanta roimh ré agus bhí sé déanta ag foireann nua seo na nDéise. Chun an t-athrú atá tagtha orthu a fheiceáil ní gá ach cuimhneamh ar a gcéad chluiche sraithe i mbliana nuair a lig siad isteach dhá chúl sa chéad trí nóiméad i gcoinne Chorcaí. A leithéid de thús do Cahill agus a fhoireann ina gcéad chluiche. Ní foláir go raibh gach saghas rud ag imeacht trí cheann Cahill agus gan ach cúpla nóiméad imeartha. Ach nuair a séideadh an fheadóg dheireanach bhí 1-24 ag Port Láirge agus 3-17 ag Corcaigh.

Sa chéad taispéantas sin léirigh na Déise go raibh plean oibre acu agus gur chreid siad ann, go rabhadar eagraithe agus go rabhadar an-aclaí. I ngach cluiche sraithe agus craoibhe a bhí acu ó shin, bhí an cur chuige céanna acu. Dar ndóigh tá an mhuinín atá acu as an lucht bainistíochta agus a gcóras imeartha neartaithe go mór ó shin. Tá fianaise go leor acu anois go n-oibríonn an córas agus go bhfuil siad aclaí agus fuinniúil go leor chun críoch mhaith a chur le cluichí. Agus sin dar liomsa a tharla sa dara leath i gcoinne Chill Chainnigh coicíos ó shin. Ní raibh aon ghá le béicigh. Ag leath ama d’iarr Cahill orthu éisteacht go géar leis. Ansin ní raibh ach trí abairt le rá aige. ‘Tarraingigí cúpla anáil fhada dhomhain. Tá córas imeartha againn a oibríonn, cloígí leis. Tá a fhios agaibh go bhfuil sibh aclaí go leor.’

Bhí an obair thraenála curtha isteach acu (‘far away from witnesses…’) agus thug siad ardtaispéantas uathu sa dara leath. Tá taispeáintais iontacha tugtha acu ó thosach na craoibhe, ach tá foireann rompu amárach atá ina máistrí ar an gcur chuige atá acu féin.

Déarfainn, nuair a ainmníodh Liam Cahill ina bhainisteoir ar Phort Láirge go ndearna sé féin agus a thánaiste Mikey Bevans dianscrudú ar Luimneach agus ar mhodh oibre John Kiely agus Paul Kinnerk.

Jack Fagan agus Barry Nash. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Amárach beidh na ríthe agus an t- éilitheoir is déanaí ar an gcoróin ag brath ar an gcur chuige céanna. Déarfainn go bhfuil níos mó móiminteam ag na Déise ach tá an-fhéinmhuinín ag Luimneach.

In iomáint na linne iarrtar an-chuid ar an líne leatosaithe agus is iad Gearóid Hegarty, Cian Lynch agus Tom Morrissey an líne leatosaithe is fearr sa tír. I gcoinne na Gaillimhe scóráladar aon chúilín déag eatarthu. Is mór an méid é sin, ach an bua is mó atá acu ná an goile millteanach chun oibre a bhíonn acu ar fuad na páirce.

Tá na Déise beagnach ar aon dul leo. Sa dara leath coicíos ó shin bhí Jack Fagan agus Stephen Bennett ar fheabhas. Ach ní raibh Kieran Bennett os cionn a bhuille. É sin ráite bíonn fonn iontach chun oibre ar thosaithe Phort Láirge.

Roimh chluiche ceannais na Mumhan bhí Luimneach an-láidir mar rogha agam féin. Níl an scéal amhlaidh roimh choimhlint an lae amárach. Agus mise agus mo leithéidse ag suí síos chun tuairim a thabhairt go poiblí ar cé a bhuafaidh cluiche mar seo, ag scrúdú agus ag meá na fianaise atá againn a bhímid. Bunaithe air sin, tá níos mó fianaise dearfaí i gcás Luimnigh. Tá ceithre shéasúr curtha isteach ag John Kiely agus a fhoireann bhainistíochta agus le trí bliana anuas tá mórán taispeántas iontach tugtha ag a fhoireann agus mórán corn buaite acu. Tá painéal thar a bheith láidir aige agus go leor ama ar pháirc na himeartha tugtha aige do dhá dosaen imreoirí.

Maidir le Port Láirge tá a lucht bainistíochta ag teannadh le deireadh a gcéad séasúir agus tá éacht déanta acu. D’imir tuairim is leath den fhoireann i gcluiche ceannnais na hÉireann in 2017 agus tá boinn mionúir agus faoi-21 ag cuid den fhoireann.Mar sin níl aon easpa taithí orthu. Léirigh siad i ngach cluiche i mbliana go bhfuil an-spiorad iontu. Beidh sé deacair iad a bhualadh.

Cé nach bhfuil ach craobh amháin buaite ag Luimneach ó 1973, beidh formhór leantóirí chluiche na fuinseoige sa tír ar thaobh na nDéise nach bhfuil aon chraobh buaite acu ó 1959.

Is bliain eisceachtúil í seo agus d’fhéadfadh bua eisceachtúil a bheith againn.

Ach fós dá mbeadh euro nó dhó á chur agam ar thoradh chluiche ceannais na hÉireann 2020, Luimneach an rogha a bheadh agam.

Fág freagra ar 'Port Láirge ag dul i neart ach Luimneach is láidre go fóill'