ÓMÓS: Danny an tSíthigh – rí na farraige, na scéalta agus na naomhóige

Fear ildánach iltréitheach ab ea Domhnall Mac Síthigh (Danny an tSíthigh) a bhásaigh Dé hAoine seo caite

ÓMÓS: Danny an tSíthigh – rí na farraige, na scéalta agus na naomhóige

Ar ghabháil dúinn an áth go domhain
A Rí na Foighne glac sinn ar lámh
Is ar eagla na toinne a bheith ró-dhian
A Mhuire féach agus ná fág.’
-Rann Mhichíl
An rud a bhíonn, bíonn sé, agus sin iad na rudaí.

Tá Danny an tSíthigh bailithe leis. Tá deireadh leis an eachtra agus leis na heachtraí. Ní cloisfear a thuilleadh fé chóstaí coimhthíocha, fé scréipeanna farraige, fé strainséirí i dtailte strainséartha, fé stair is fé sheanchas pobal agus ciníocha thar lear, agus scéalta ónár n-oidhreacht féin.

Tá an fear farraige tar éis a mhaidí a chur ar dhollaí, tá sé tar éis a dhorú a ghlinneáil, an stiúir tugtha don saol seo agus a bhogha tugtha do mhuir na síoraíochta.

Tá a ghunail dheireanach lúbtha agus a ghlúin dheireanach gearrtha ag an bhfear déanta naomhóg.

Tá a rann deireanach ceaptha ag an bhfile, agus an stríoc dhéanach tarraingthe ag peann an údair.

B’shin Danny. Bíonn siúlach scéalach, agus bhíodh cad é ábhar allagair aige de bharra a thurasanna. Thugadh sé sinne leis ar a thurasanna, ar a iomramha agus ar a aistir, ina scríbhinní agus go háirithe ina phíosaí raidió a bhíodh á dhéanamh aige le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas. Bhíodh aithne á cur againne, agus sin gafa le gnóthaí leadránacha an tsaoil seo abhus, ar na daoine agus ar na háiteanna iontaiseacha a ghabh Danny agus a leathbhádóirí tríothu. Ní mór ná go mbímíst suite i stiúir na naomhóige ina theannta, agus lán ár súl á fháilt againn de gach a raibh á fheiscint ag Danny féin.

Déardaoin, 1 Meitheamh 2017
14.16

‘Táimid ag basadaíl linn ar ár suaimhneas leis an seol inairde. Tá Pádraig Ó Duinnín ar an stiúir. Bainimid Finistere amach roimis a 6in. Tá ceo bán anuas ar an dtalamh. Beimid ag caint leis na peregrinos anocht. Tá Breanndán Ó Beaglaoich ag sranntarnaigh. Tá Breandán Ó Muircheartaigh ar an stiúir anois.
Danny’

Dúirt sé tar éis do féin agus Ger Chabhin Ó Cíobháin cúrsa na hÉireann a thabhairt i naomhóg sa bhliain 1975, gur thugadar fén iomramh áirithe sin toisc go raibh an naomhóg ag fáil bháis, agus gur theastaigh uathu í a shábháil. D’fhéadfaí a rá gurb í an oidhreacht is mó atá fágtha ina dhiaidh ag Danny ná gur thug sé saolré eile don naomhóg, mar bhád fionnachtana agus mar bhád taistil, trína iomramha ar chósta na hÉireann is na hAlban, síos isteach thar lear go Santiago de Compostela.

Bhínn ite le formad leo, le Danny agus lena leathbhádóirí, agus bhínn ag rá leo go raibh ana-shaol ag seandaoine. Mair, a chapaill, is geobhair féar…

Má bhíodh an samhradh á chaitheamh aige ag bóithreoireacht agus ag bádóireacht, bhíodh an geimhreadh mór fada aige le bheith ag scríobh agus le bheith i mbun taighde. Agus ba dhiabhal an scríbhneoir é, tabhair fé ndeara. Ní raibh aon mhór-iontaoibh aige i ríomhairí; b’fhearr leis bheith ag breacadh ina leabhar (a bhíodh i gcónaí i bpóca a chasóige aige), lena pheann tobair.

Nílim eolgaiseach mo dhóthain le breithiúnas a thabhairt ar a chuid filíochta. Dúirt leis oíche amháin, agus mo dhóthain mór ólta agam i dTigh Chéin, nár scríobhadh aon fhocal filíochta as Gaelainn ó cailleadh an Ríordánach. D’fhéach sé orm agus leathmheangadh air, mar bhí fhios aige go rímhaith gur ag caitheamh scuideanna a bhíos. “B’fhéidir go bhfuil an ceart agat,” a dúirt sé, “agus b’fhéidir eile ná fuil”.

Ach bhí a chuid próis thar na beartaibh ar fad. Fuaireamar blaiseadh de sa leabhar Fan Inti, ach b’é Iomramh Bhréanainn MMXI an bas ar fad acu. Bhí an barrabua ar fad ag a chuid scríbhneoireachta, ar nós Thomáis Dhónaill Criomhthain anallód, nuair a bhíodh sé ag cur síos ar dhaoine agus ar a dtréithe:

Níl aon dul as achrann na séidfíola seo ach ciall agus réasún a chaitheamh leis agus sé an tuiscint atá agamsa ar sin ná ná dúisigh fear na glórthaíola, scaoil leis go dtí maidí sceana na tromluí. B’fhéidir nárbh aon díobháil duine a dhúiseacht ach thiocfadh oíche agus is minic a tháinig go mbeadh ceolfhoireann srannaíola istigh sa bhád agat. Cad a dhéanfá ansan? Tosnú i dtosach an bháid agus a bheith ag oibriú leat siar go deireadh ag croitheadh agus ag dúiseacht. Ansan an chéad rud eile nó fiú oíche éigin eile d’fhéadfá féin a bheith ag cur rachtanna sranntarnaíola ar fuaid an bháid. Chuirfí an dorn suas le do phus agus timpeall air.

Is minic a chuala duine nó beirt ag sranntarnaigh as bhéal a chéile, balcaire ag broimeannaigh, cúirliún fir ag baint gíoscán gránna garbh as a chuid fiacla, duine eile ag smúisíl anuas trína chaincín, scriosaire fir ag rámhallaigh trína chodladh, fear ag caint trína chodladh agus gan aon choinne in aon chor leis dheineadh fámaire fir béic mhór dhiamhair a bhaineadh geit asat mar ba dhóigh leat gur aníos as an bhfarraige a tháinig sé. Bhí fuar agat aon iarracht a dhéanamh ar an raiste sin a mhúscailt. Ní raibh le déanamh agat ach éirí amach, do bhalcaisí a bhualadh in airde ort féin agus gabháil an cé síos de shiúl na gcos. N’fheadaraís cé bhuaileadh leat i ndeireadh na hoíche nó cá mbeadh an gabhar á róstadh. ‘Is fánach an áit ná geofá gliomach,’ ombaiste.

Ach rud amháin a d’fhéadfadh dul sa ghanfhios agus daoine á chaoineadh agus á olagón ó cailleadh é; cnapán breá rógaire ab ea Danny. Bhí sé díreach chomh compordach sa chuileachta i dtigh an óil is a bhí sé i mbun óráidíochta nó i mbun teagaisc. Ba é an dá mhar a chéile dó bheith ag eachtraí scéil grinn a tharla ar an mBuailtín an oíche eile is a bhí sé ag trácht ar scéal béaloidis éigin a tharla in aimsir Phiarais.

Bhí ainm agus dinnseanchas gach fochais, speir, góilín, cuas, gob, carraig, leac, leaca, inis agus oileán in Iarthar Duibhneach ar bharra a theanga aige, iad bailithe aige ós na seana-iascairí agus ós na seana-fhoinsí. Rud eile fé Danny ná go mbíodh sé de shíor i mbun taighde, é ag tochailt agus ag sealgaireacht ag lorg léas éigin nua ar ár stair agus ar ár seanchas. Agus bhí sé ana-fhlaithiúil lena thaighde; níorbh dhealraitheach le scoláirí eile é, cníopairí an léinn, gur leasc leo aon ní atá bailithe acu a roinnt le héinne eile. Is mó babhta a sheolfadh sé giota eolais, nó scéilín éigin chugat, dá mba dhóigh leis go ndéanfadh sé maitheas éigin dod’ thaighde féin.

Samhlaím anois é ag siúl isteach chugam, a chaipín uime, a dhá lámh thíos ina phócaí aige agus a chasóg ag sileadh siar uaidh, fé mar ba dhual do. N’fheadar éinne an chabhair agus an cúnamh a thug sé domsa, agus do dhaoine eile nach mé, inár gcuid scoláireachta, agus sin ar fad d’iarraidh oidhreacht na muintire a thabhairt chun solais.

An rud is mó a shamhlaím leis ná mórtas. Mórtas clainne agus mórtas cine. Mórtas as an áit agus an pobal as ar fáisceadh é, agus bród as oidhreacht na seanmhuintire.

B’é Páidí Rí an Pharóiste i bhFionn Trá, agus b’í Peigí Banríon Dhún Chaoin. B’é Danny Rí na Farraige.

Sea mar sin, a Danny, seo leat:

Scaoil í fén mbá i ngála mín

Agus cuirse do tháclaí in áras cruinn.

Tabhair di moladh an tseoil mhóir gan stuaic gan ríf

Agus tarraing go buacach Cuan an Chaoil.

Mo chomhbhrón, agus comhbhrón mo chlainne agus mo theaghlaigh, le Máire, Cormac, Róisín agus Orla, le deartháireacha agus deirfiúracha Danny, lena ghaolta, lena chairde, agus lena leathbhádóirí i Naomhóg na Tinte.

Trócaire sa chré ar Dhanny an tSíthigh, agus ar lucht na naomhóg ar fad.

Fág freagra ar 'ÓMÓS: Danny an tSíthigh – rí na farraige, na scéalta agus na naomhóige'

  • An Grádach

    Gura maith agat, a Dhaithí. Danny bocht…. RIP.

  • Brenda Ní Shúilleabháin

    Píosa breá deas, a Dháithí, mar is dual. Nach ait é gur mar fhile a facthas domsa é, fiú amháin ina chuid próis. Agus b’fhéidir gur scéal apacrafach é, ach cloisim gur loirg sé amhrán agus é ag dul chun báis. Sinn é an Danny a chaoinimid. Sin é an Danny a cheiliúraimid.

  • Hiy

    Ar gcroi briste ar fad ag an ospairt seo.