Ollamh sa Léann Ceilteach le ceapadh in Oxford den chéad uair ó 2011 agus £3.25 milliún bailithe

Bhí an baol ann nach mbeadh Ollamh leis an Léann Ceilteach go deo arís in Oxford murach an feachtas bailithe airgid

Ollamh sa Léann Ceilteach le ceapadh in Oxford den chéad uair ó 2011 agus £3.25 milliún bailithe

Tá Ollamh leis an Léann Ceilteach in Ollscoil Oxford le ceapadh den chéad uair le hocht mbliana agus £3.25 milliún bailithe chun an ollúnacht a shábháil.

Tá tús á chur leis an bpróiseas earcaíochta don ollamh nua. Is í seo an t-aon ollúnacht sa léann Ceilteach in aon ollscoil i Sasana.

Dúirt an tOllamh Nigel Shadbolt, ceann Jesus College, mar a bhfuil an ollúnacht lonnaithe, go raibh an baol ann nach mbeadh Ollamh leis an Léann Ceilteach go deo arís in Oxford murach an feachtas bailithe airgid chun an ollúnacht a shábháil.

“Ní raibh Ollamh leis an Léann Ceilteach in Oxford ó 2011, agus bhí an baol ann go n-imeodh an post ar fad. A bhuíochas le tacaíocht fhlaithiúil iarmhic léinn agus cairde, tá an ollúnacht slán. Déanfar athbheochan ar an léann Ceilteach in Oxford, agus ar mhaoiniú a fháil do scoláireachtaí iarchéime a bheidh an bhéim anois,” arsa Shadbolt.

Dúirt an tOllamh Karen O’Brien, ceann roinn na ndaonnachtaí in Oxford gurb ionann an Léann Ceilteach agus “snáth ógra” i dtraidisiún léinn na hollscoile.

Bunaíodh Cathaoir Íosa sa Léann Ceilteach (The Jesus Chair of Celtic) in Oxford in 1876 agus cúigear ollúna ar fad a bhí ann ó ceapadh John Rhys mar an chéad ollamh sa phost go dtí gur tháinig deireadh le téarma Thomas Charles-Edwards in 2011.

Tháinig £1.35 milliún den airgead tarrthála ó Jesus College agus Ollscoil Oxford agus tháinig an £1.9 milliún eile ó dhaoine a thacaigh leis an bhfeachtas bailithe airgid.

Fág freagra ar 'Ollamh sa Léann Ceilteach le ceapadh in Oxford den chéad uair ó 2011 agus £3.25 milliún bailithe'

  • Glyndŵr

    Agus £500,000 ó Ollscoil na Breataine Bige UWTSD. Nach iontach iad muintir na Breataine Bige agus ós cionn £6,000,000 de ghearradh ar bhuiséad UWTSD, postanna caillte etc. go raibh siad in ann tacú le ceann de na hinstitiúidí léinn is saibhre ar domhan.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Maith sibh, a iarmhic léinn agus a chairde, Coláiste Oxford agus Coláiste Íosa – an cathaoir seo a athbheocan. Is rud tábhachtach stairiúil dúinn go léir mar Ceilt foinse eolais mar atá sa choláiste seo a chosaint, a chaomhnú agus a bheatha. Tá éileamh air, agus beidh an snáth órga ar fáíl dos na glúinte le teacht.