Oideachas lán-Ghaeilge do chách – dún do shúile agus lig don bhfís tú a threorú!

Ealaín thraidisiúnta ann féin an polasaí Gaeilge agus is seoid sa seánra ‘An Polasaí Don Oideachas Lán-Ghaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht’

Oideachas lán-Ghaeilge do chách – dún do shúile agus lig don bhfís tú a threorú!

Mura bhfuil faic eile déanta ag polasaí oideachais lán-Ghaeilge nua na Roinne Oideachais, tá a chion déanta aige d’úsáid an bhriathair saoir san aimsir fháistineach.

Tá, mar shampla, 12 ‘Fiosrófar’ sa pholasaí nua a seoladh inné. Agus cad é a fhiosrófar? ‘Na bealaí’ gan dabht. Agus ‘na deiseanna’.

Na bealaí a d’fhéadfaí a fhiosrú chun seo siúd agus eile a dhéanamh, agus ‘na deiseanna’ go léir a d’fhéadfaí a fhiosrú chun seo siúd agus eile a dhéanamh.

Níl teorainn ach oiread leis na féidearthachtaí gur gá iniúchadh a dhéanamh orthu, nó iad a bhreithniú mura bhfuil siad tábhachtach a ndóthain chun go dtuillfidís an t-iniúchadh.

Ach an dtógfar aon ghaelcholáiste nua de thoradh an pholasaí seo, abair sna 13 contae sa stát nach bhfuil aon ghaelcholáiste ann?

N’fheadar, mar tá tascfhórsa bunaithe chun é sin agus ceisteanna tábhachtacha eile a fhiosrú. Ná cuireadh sé iontas ar éinne má thagann an tascfhórsa céanna ar ais agus an freagra céanna acu is a bhíonn ag an Roinn Oideachais i gcónaí.

De bharr cúinsí déimeagrafacha is ar éigean go mbeidh aon scoil nua á tógáil againn sna blianta amach romhainn agus ní haon eisceacht cás na scoile lán-Ghaeilge nua. Ach seo duit, idir an dá linn, cúpla múnla eile don soláthar oideachais lán-Ghaeilge. Ní maith leat m’Aonad, cad faoin ‘scoil satailíte’ nua as an bpíosa seo ar an bpraghas céanna?

In 2022, dúradh i dtuarascáil taighde a chuir an Roinn i dtoll a chéile mar chuid d’fhorbairt an pholasaí nua gur dócha nach mbeadh ach “deiseanna teoranta” ann gaelscoileanna nua a bhunú amach anseo.

Caithfear dá bharr, a dúradh, “roghanna eile níos inbhuanaithe” a fhiosrú chun cur le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

D’fhéadfadh an méid sin a bheith ráite sa pholasaí agus gan an tascfhórsa a bhac ach ní foláir an cluiche a imirt, go háirithe agus an Ghaeilge á labhairt ó Áras an Uachtaráin go cúirteanna Shasana.

Ealaín ann féin an polasaí Gaeilge agus is seoid sa seánra An Polasaí Don Oideachas Lán-Ghaeilge Lasmuigh den Ghaeltacht.

Cuirtear tús leis le ‘fís’ agus éiríonn sé níos teibí ina dhiaidh sin.

Is í an ‘fhís’ ná “go mbeadh oideachas lán­Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách, i suíomhanna oideachais atá ionchuimsitheach agus ilchultúrtha”.

Cé a bheadh ina choinne sin?

Ach conas a bhainfear amach é? Cén uair? Cé mhéad a chosnóidh sé? Agus cén fáth nach bhfuil an focal ‘díolúine’ luaite in aon chor in ainneoin ceann ón nGaeilge a bheith ag duine de gach seachtar daltaí? A leithéid de cheisteanna suaracha!

Féachaimis arís ar an bhfís agus fágaimis é sin go léir faoin tascfhórsa go fóill.

Seoladh chomh maith inné Is féidir liom, is féidir linnPlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán Béarla.

Ná bí ag súil sa tseoid eile seo le mórán sonraí faoi conas is féidir liom nó conas is féidir linn.

Ach is féidir linn, agus sin é an rud is tábhachtaí.

Níl uait ach do shúile a dhúnadh agus ligean don bhfís tú a threorú. Beidh oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách.

Ar bhonn céimnithe agus de réir mar a cheadaíonn cúinsí buiséid agus eile…

Fág freagra ar 'Oideachas lán-Ghaeilge do chách – dún do shúile agus lig don bhfís tú a threorú!'

  • SNíN

    An bhfuil cliú acu i leith na Gaolainne. An bhfuil Gaolainn acu fiú? An Béarlóirí atá laistiar di seo? Fís gan feasacht!!