Tháinig deireadh le ré Brian Cody i gCill Chainnigh, bhí Ciarraí i mbarr réime arís sa pheil, rinne foireann rugbaí na bhfear gaisce sa Nua-Shéalainn ach ba iad mná na hÉireann is mó a d'fhág a lorg ar spórt na tíre seo in 2022
Deora áthais le Shane O’Sullivan tar éis do Bhaile Gunnair Craobh Iomána na hÉireann a bhuachan i gcluiche drámatúil in aghaidh Sheamróga Bhaile Héil mí Feabhra. Pic: INPHO/Ryan Byrne
Bhí sárbhliain eile ag an marcach Rachael Blackmore agus an Cheltenham Gold Cup buaite aici le A Plus Tard. Pic: INPHO/Dan Sheridan
B’fhada daoine ag fanacht leis an troid idir Katie Taylor agus Amanda Serrano agus ba í bean Bhré a bhuaigh an choimhlint i Madison Square Garden mí Aibreáin. Pic: INPHO/Gary Carr
Katie agus a máthair Bridget i ndiaidh na troda. Pic: INPHO/Gary Carr
Scéal mór a bhí san aighneas idir Henry Shefflin agus Brian Cody i gcaitheamh an tséasúir. D’éirigh Cody as mar bhainisteoir ar Chill Chainnigh tar éis 24 bliain agus na Cait cloíte i gcluiche ceannais na hÉireann. Pic: INPHO
Chas Gaillimh agus Ard Mhacha ar a chéile i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann mí an Mheithimh, ceann de na cluichí peile is conspóidí le fada, agus é ina scliúchas idir na himreoirí ag deireadh an ghnáth-ama. Pic: INPHO/James Crombie
Theastaigh ciceanna éirice ach ba iad na Gaillimhigh a bhí ag ceiliúradh faoi dheireadh. Pic: INPHO/James Crombie
Bhuaigh an Iarmhí an chéad Chorn Tailteann tar éis dóibh an Cabhán a bhualadh sa chluiche ceannais. Pic: INPHO/James Crombie
Ba é Seán O’Shea laoch Chiarraí i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann agus cic saor scóráilte aige ag fíordheireadh an chluiche chun Áth Cliath a chloí. Pic: INPHO/James Crombie
Bhuaigh Luimneach Craobh Shinsir Iomána na hÉireann don tríú bliain as a chéile agus an ceann is fearr faighte acu ar Chill Chainnigh. Pic: INPHO/James Crombie
David Clifford ag ceiliúradh lena thuismitheoirí, Ellen agus Dermot, tar éis do Chiarraí Corn Mhig Uidhir a bhuachan den chéad uair le hocht mbliana. D’aimsigh Clifford ocht bpointe i sárchoimhlint le Gaillimh. Pic: INPHO/James Crombie
Ní raibh an rath céanna ar mhná na Ríochta mar fuair mná na Mí an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais na hÉireann. Niamh O’Sullivan agus Shauna Ennis agus iad bródúil as Corn Uí Mháirtín. Pic INPHO/Ryan Byrne
Aoife Prendergast ag ceiliúradh leis an gcorn tar éis do Chill Chainnigh Corcaigh a bhualadh leis an aon phointe amháin sa chluiche ceannais camógaíochta. Pic: INPHO/James Crombie
Jonny Sexton ag ceiliúradh tar éis d’Éirinn sraithchluiche in aghaidh na Nua-Shéalainne a bhuachan sa Nua-Shéalainn den chéad uair riamh. Pic: INPHO/Billy Stickland
Rinne rámhaithe na hÉireann gaisce arís ag na craobhacha domhanda. Bhuaigh Eimear Lambe, Tara Hanlon, Afric Keogh agus Natalie Long bonn airgid. Pic: INPHO/Morgan Treacy
Bhí Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy gan chloí arís agus boinn óir tugtha leo acu ón nGearmáin. Pic: INPHO/Morgan Treacy
Bhí Craobhacha na hEorpa sa lúthchleasaíocht ar siúl i München mí Lúnasa agus bhuaigh Ciara Mageean bonn airgid sa rás 1,500m. Pic: INPHO/Morgan Treacy
Bhain Israel Olatunde an babhta ceannais sa 100m amach agus curiarracht náisiúnta bainte amach aige. Pic: INPHO/Morgan Treacy
Bhí Rhasidat Adeleke i measc na lúthchleasaithe ón tír seo a chuir lena gcáil sa Ghearmáin mar ar bhain sí curiarracht náisiúnta eile amach nuair a chríochnaigh sa chúigiú háit sa rás 400m. Pic: INPHO/Tom Maher
Bhuaigh foireann rugbaí seachtar an taobh na hÉireann bonn airgid ag Corn an Domhain mí Mheán Fómhair. Pic: INPHO/Travis Prior
Bhuaigh mná na hÉireann seacht gcinn de bhoinn ag Craobhacha na hEorpa mí Dheireadh Fómhair. Ina measc bhí bean Chill na Martra, Christina Desmond, a bhuaigh bonn airgid, agus Kellie Harrington, a bhuaigh bonn óir eile. Rinne siad ceiliúradh le madra Katie, Gus, ar fhilleadh abhaile don fhoireann. Pic: INPHO/Evan Treacy
Bhuaigh Shamrock Rovers príomhroinn na hÉireann den tríú huair as a chéile in 2022. Pic: INPHO/Ryan Byrne
Tae éis a bhriseadh croí ag na Cluichí Oilimpeacha in 2021, rinne Rhys McClenaghan gaisce agus bhuaigh bonn óir ar an gcapall corr ag Craobhacha an Domhain i Learpholl. Pic: INPHO/Roger Evans
Chuir foireann sacair ban na hÉireann a n-ainm sa Táin mí na Samhna nuair a bhuadar ar Albain chun áit a bhaint amach ag Corn an Domhain den chéad uair riamh. Pic: INPHO/Ryan Byrne
Ba í an Conallach, Amber Barrett, a d’aimsigh an cúl cinniúnach sa chluiche agus léirigh sí ómós dóibh siúd a maraíodh sa tragóid ar an gCraoslach cúpla lá roimh an gcluiche cáilithe. Pic: INPHO/Ryan Byrne
Derry City a bhuaigh Corn an FAI an mhí chéanna agus an ceann is fearr faighte acu ar Shelbourne sa chluiche ceannais. Pic: INPHO/Ryan Byrne
Chuir foireann rugbaí na hÉireann an-deireadh leis an mbliain agus an ceann is fearr faighte acu ar an Afraic Theas agus ar an Astráil. Pic: INPHO/Dan Sheridan
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'Ó Katie go Corn an Domhain – scoth na bpictiúr ó shárbhliain do bhanlaochra spóirt'