NOD DON EOLAÍ: An t-éiceachóras is ársa ar domhan buanaithe in iontaisí i gcarraigeacha in Albain

De réir fianaise úr atá foilsithe inniu bhí éiceachóras coimpléascach ar an bhfód níos mó ná 407 milliún bliain ó shin

NOD DON EOLAÍ: An t-éiceachóras is ársa ar domhan buanaithe in iontaisí i gcarraigeacha in Albain

Tá bailiúchán alt a dhéanann cur síos ar an éiceachóras talún is ársa ar thángthas air riamh foilsithe inniu. Is ionann éiceachóras agus líon na n-orgánach beo agus na rudaí nach beo dóibh san aon suíomh amháin.

Go fíorannamh i stair na heolaíochta, thángthas ar bhailiúcháin iontaisí ina raibh achan chréatúr agus an suíomh inar mhair siad buanaithe le chéile.  Tugann bailiúcháin faoi leith mar seo eolas dúinn faoi na horgánaigh agus tugann siad léargas dúínn ar na caidrimh a bhíodh eatarthu i bhfad ó shin.

Céad bliain ó shin, thángthas ar na carraigeacha ina bhfuil an t-éiceachóras talún is ársa buanaithe.  De réir scéil, bhí dochtúir áitiúil ag siúl thart sa sráidhbaile beag – Rhynie – gar d’Obar Dheathain in oirthear na hAlban.

Tá cuma rua ar chuid mhór de na carraigeacha sa cheantar sin.  Thug sé faoi deara go raibh corrchloch sna ballaí thart ar na cuibhrinn a raibh cuma an mharmair dhorcha orthu.  Nuair a d’amharc sé níos géire, mhothaigh sé go raibh plandaí taobh istigh de na clocha dorcha. Iontaisí de phlandaí ársa a bhí iontu agus iadsan ba chúis leis an dath dorcha a bhí ar na clocha.

Déanann na hailt nua-fhoilsithe seo cur síos ar an eolas úr a a tháinig chun solais de thoradh an taighde atá déanta ar na carraigeacha seo le blianta beaga anuas.

Chun fáil amach cén aois iad na hiontaisí sin, rinneadh anailís ar cheimiceáin radaighníomhacha atá sa charraig.  Tuairiscítear go bhfuarthas fianaise gur leagadh síos na carraigeacha thart ar 407 milliún bliain ó shin.  Ciallaíonn sé sin go raibh na horgánaigh atá le feiceáil sa charraig beo le linn na tréimhse Deavónaí, an t-eatramh geolaíochta a bhí ann idir 359-418 milliún bliain ó shin.

Thar na blianta, gearradh slisíní caola den charraig agus rinneadh scagadh orthu le micreascóip éagsúla.  Ó bheith ag amharc ar na slisíní seo bhí eolaithe ábalta a fháil amach cén cruth a bhí ar na horgánaigh uilig atá buanaithe sa charraig.

Amharcann na feithidí cosúil le feithidí atá beo sa lá atá inniu ann.  Ach tá cuma an-aisteach ar na plandaí.  Níl aon phlanda ar chlár an domhain inniu atá cosúil leo agus ní raibh le fada an lá.

Ní raibh aon fhréamhacha acu. Bhí na plandaí ceangailte don ithir le cealla a raibh cruth ribí gruaige orthu. Ní raibh aon duilleog ar na plandaí.  Bhí siad maol.  Ní raibh bláthanna ann ach an oiread.  Níor tháinig bláthanna ar an fhód go ceann 263 milliún bliain níos déanaí, thart ar 144 milliúin bliain ó shin.

Bhí na plandaí uilig beag bídeach. Ní raibh planda ar bith a d’fhás i Rhynie 407 bliain ó shin níos airde ná 20 cm.  Bhí an chuid is mó díobh níos ísle ná an féar sa ghairdín sa lá inniu.

Tá fianaise ann go raibh fungais beo taobh istigh de cuid mhór de na plandaí.  Meastar gur míciríosa  – fungas a thugann mianraí don phlanda agus a glacann siúcra ón phlanda – a bhí  iontu.  Chomh maith leis sin, bhí feithidí ársa ag innilt ar phíosaí de na plandaí a thit ar an talamh. 

Bhí na feithidí agus na fungais ag brath ar na plandaí fá choinne cothaithe, agus bhí na plandaí ag brath ar na feithidí agus na fungais chun mianraí a athchúrsáil.  Bhí na horgánaigh uilig ag brath ar a chéile.  Is é an chéad uair ar thángthas ar fhianaise ar naisc idir orgánaigh atá chomh hársa sin.

Ceannródaithe a bhí sna plandaí a bhfuil a rian sna carraigeacha sin ó Rhynie. Bhí sinsir s’acu beo mar fheamainn san fharraige, sna haibhneacha agus sna lochanna.  Tháinig na ceannródaithe i dtír agus níorbh fhada go raibh athrú ar a gcruth agus na hilchríocha faoi bhláth. 

Tá na fionnachtana a thuairiscítear inniu tábhachtach toisc go dtaispeánann siad an chuma a bhí ar na chéad phlandaí a d’fhás ar ilchríocha an domhain. 

Sa mhullach air sin, léiríonn siad cad é mar a bhí an t-éiceachóras talún díreach i ndiaidh d’orgánaigh aistriú ón bhfarraige chuig an talamh am éigin roimh 407 milliún bliain ó shin.

Uair amháin i stair an domhain a tháinig na plandaí i dtír; uair amháin le 4.5 billiún bliain. An rud is annamh is iontach.

-Is Ollamh le luibheolaíocht in Ollscoil Oxford é Liam Ó Dubhláin. Tá cuid de na hailt a luaitear anseo ar fáil ar líne saor in aisce

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: An t-éiceachóras is ársa ar domhan buanaithe in iontaisí i gcarraigeacha in Albain'

  • Learraí

    Nár dhiabhail an tabhairt faoi deara agus an fhiosracht a bhí sa dochtúir an chéad lá.

  • Colin Ryan

    Cén fáth nach bhfuil breis alt dá leithéid seo ar Tuairisc.ie?