‘Ní trolláil ar Twitter é seo, ach cur chuige dímheasúil struchtúrtha i gcoinne na Gàidhlig’ – raic theanga in Albain

Deir Wilson MacLeod, Ollamh na Gàidhlig in Ollscoil Dhún Éideann, gur in olcas atá Páirtí an Lucht Oibre ag dul ó thaobh tacaíocht a thabhairt do mhionteangacha.

‘Ní trolláil ar Twitter é seo, ach cur chuige dímheasúil struchtúrtha i gcoinne na Gàidhlig’ – raic theanga in Albain

Tá cáineadh á dhéanamh ar Pháirtí an Lucht Oibre in Albain faoi láthair maidir leis an meon atá acu ó thaobh na Gàidhlig.

Deir Wilson MacLeod, Ollamh na Gàidhlig in Ollscoil Dhún Éideann, gur in olcas atá Páirtí an Lucht Oibre maidir lena ndearcadh  ó thaobh tacaíocht a thabhairt do mhionteangacha.

“Tá an meon frith-Ghàidhlig seo atá ag cuid de pholaiteoirí agus gníomhaithe Pháirtí an Lucht Oibre in Albain ag éirí níos feiceálaí de réir a chéile,” a deir sé.

“Tá sé le feiceáil níos mó agus níos mó nach bhfuil tosaíocht á tabhairt don Ghàidhlig. Níl sí mar chuid de chlár Pháirtí an Lucht Oibre ó thaobh ceartas sóisialta a chur chun cinn agus cuireann sé sin drochmhisneach orm.”

Spreagadh díospóireacht le cúpla lá anuas nuair a sheol comhairleoir de chuid an pháirtí, Adam Wilson, tvuít inar thug sé le fios gur mheas sé gur cur amú airgid a bhí ann comharthaí theangacha a chur ar fáil.

Rinne Wilson eagarthóireacht ar lógó de chuid Social Security Scotland agus dúirt sé go raibh cuma níos fearr ar a leagan nua den lógó nach raibh an t-aistriúchán Gàidhlig – Tearainteachd Shoisealta Alba – le feiceáil.

“‘Ní trolláil ar Twitter é seo, ach cur chuige dímheasúil struchtúrtha i gcoinne na Gàidhlig,” a deir MacLeod.

Shéan Wilson, atá 22 bliain d’aois, go raibh saontacht nó anabaíocht i gceist lena tvuít.

“Chuaigh cuid againn leis an bpolaitíocht chun déileáil leis an mbochtaineacht, chun troid ar son an oideachais agus chun dul in éadan na héagóra. Ní fheicim cén chaoi go n-éireodh le tionscnaimh chun Gàidhlig a chur chun cinn, ó aon pháirtí, é seo a dhéanamh.

“Níl tuiscint ach ag 0.7 faoin gcéad de na daoine in Dùn Phrìs is Gall-Ghaidhealaibh ar an nGàidhlig, agus tá daoine nach bhfuil ach tuiscint bhunúsach acu uirthi san áireamh ansin,” arsa Wilson.

Fág freagra ar '‘Ní trolláil ar Twitter é seo, ach cur chuige dímheasúil struchtúrtha i gcoinne na Gàidhlig’ – raic theanga in Albain'