FÍSEÁN: ‘Ní fadhb í an Ghaeilge, is cuid den réiteach í’ – Catherine Connolly

Deir an Teachta Dála neamhspleách atá ag seasamh don uachtaránacht gur chóir Gaeilge a bheith ag an Uachtarán agus go mbeidh an teanga i gcroílár a cuid oibre dá dtoghfaí í

FÍSEÁN: ‘Ní fadhb í an Ghaeilge, is cuid den réiteach í’ – Catherine Connolly

Deir Catherine Connolly, atá ag seasamh d’uachtaránacht na hÉireann, gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán agus tá geallúint tugtha aici go mbeadh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar cheann de “téamaí móra” na hoifige dá dtoghfaí í.

In agallamh le Tuairisc, a fhoilseofar amárach, dúirt an Teachta Dála neamhspleách ó Ghaillimh gur gá an meon gur “fadhb” í an Ghaeilge a athrú agus a chur ar a súile do dhaoine gur cuid den “réiteach” í.

“Go dtí seo tá mo dhícheall déanta [agam] ar son na Gaeilge agus níl sé éasca domsa nó aon duine eile atá ag feidhmiú i ndomhan Béarla an Ghaeilge a chur chun cinn,” a dúirt sí le Tuairisc.

“Tá sé ró-éasca dul bóthar an Bhéarla. Is dócha mar uachtarán, beidh an dá theanga i gceist i gcónaí agus leanfaidh mé ar aghaidh ag déanamh mo dhíchill an dá theanga a úsáid agus ag cur in iúl na mbuntáistí a bhaineann leis an nGaeilge ó thaobh an nádúir de, ó thaobh dearcaidh eile, ó thaobh domhain eile.

“Is dócha, na daoine atá i gceannas, b’fhéidir, ní fheiceann siad na buntáistí lena bheith mar dhuine dátheangach agus tarraingt as an dá rud.

“Breathnaíonn muid ar an nGaeilge ar leibhéal bainistíochta mar fhadhb agus cuireann sin isteach orm i gcónaí – ní fadhb í an Ghaeilge. An fhadhb atá againne ná an córas atá ag breathnú ar an nGaeilge mar fhadhb agus ba mhaith liom é sin a iompú ar ais.”

Tá nasc, a deir sí, idir ceist na teanga agus cuid de cheisteanna móra eile ár linne.

“Ceapaim gur cuid den réiteach í an Ghaeilge, ó thaobh na bhfadhbanna atá againn, go háirithe maidir leis an athrú aeráide. Agus ba mhaith liom é sin a chur chun cinn freisin – an domhan eile, domhan na Gaeilge.

“Domhan na Gaeilge agus domhan an Bhéarla – ní hionann an dá rud dáiríre, beag ná mór. Ba mhaith liom buntáiste a bhaint as an dá dhomhan ar son chosmhuintir na hÉireann agus ar son na síochána.”

Dúirt sí gur chóir go mbeadh Gaeilge ag aon duine a bheadh ina uachtarán agus gur féidir leis an teanga “daoine a tharraingt le chéile”.

“Gan dabht, gan dabht, ba chóir go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán. Níl aon amhras faoi sin. Agus ag polaiteoirí freisin. Sampla maith mé féin. D’fhoghlaim mé féin í.”

Cé go bhfuil meon dearfach ann i leith na Gaeilge, bíonn lagmhisneach uirthi mar gheall ar chúlú na teanga mar theanga phobail sa Ghaeltacht agus mar gheall ar an “cur i gcéill a bhaineann leis an nGaeilge ar chuile leibhéal”.

Cuireann teip an chórais maidir le cearta teanga as di leis. Luann sí go sonrach spriocanna a chaill Roinn na Gaeltachta le déanaí maidir le feidhm a thabhairt do reachtaíocht teanga.

“Tháinig siad os ár gcomhair [Coiste Oireachtais na Gaeilge] agus dúirt siad go neamhbhalbh linn nár thuig siad ag an am go mbeadh an oiread oibre i gceist is a bhí. Níl sé sin sách maith.

“Tá sé deacair uaireanta gan a bheith in ísle brí ó thaobh na Gaeilge, ach tá dualgas orainn mar pholaiteoirí brú damanta a choinneáil ar an gcóras lena chur in iúl go bhfuil sé seo leagtha amach sa reachtaíocht anois, agus níl an dara rogha againn mar pholaiteoirí ach a chinntiú go bhfuil na forálacha sin á gcur i bhfeidhm. Sin an rud is lú atá ag teastáil”

Tá sí buartha chomh maith faoin gcóras pleanála teanga agus imní uirthi gurb amhlaidh go mbíonn oifigigh pleanála teanga na Gaeltachta “ag feidhmiú i bhfolús”.

Caithfear dul i ngleic chomh maith le cás na Gaeilge sa chóras oideachais agus leis an soláthar múinteoirí go háirithe, a deir sí.

Le linn di a bheith ina méara ar chathair na Gaillimhe a shocraigh sí tabhairt i gceart faoi fhoghlaim na Gaeilge.

“Bhí mé ag caint ag ócáid i Lorient sa Fhrainc agus bhí Fraincis agus Béarla timpeall orm agus d’éirigh liom an óráid a thabhairt i nGaeilge ach ansin ina dhiaidh d’iarr Raidió na Gaeltachta orm agallamh a dhéanamh leo faoin ócáid agus ní raibh mé in ann. Dúirt mé liom féin, ní féidir leanúint ar aghaidh mar seo. Bhí náire orm agus theastaigh uaim fáil réidh leis an náire sin.

“Bhí na páistí óg ag an am agus mar sin thosaigh mé ag foghlaim mé féin. Ansin ina dhiaidh sin, rinne mé dioplóma. Ansin dioplóma san aistriúchán, cloisim na botúin i gcónaí ach ní féidir liom iad a sheachaint! Tá píosa oibre le déanamh fós agam.”

Dá dtoghfaí ina huachtarán í, thapódh sí “chuile dheis, chuile lá” an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Níl amhras ar bith faoi – ní féidir an Ghaeilge a fhágáil ar leataobh. Tá mé tar éis an t-uafás a dhéanamh agus mé ag streachailt leis an nGaeilge agus ba mhaith liom a chur in iúl do dhaoine eile, is fiú í a fhoghlaim. Tá sé deacair, ach is fiú í a fhoghlaim.”

Ar mhaith léi go mbeadh díospóireacht teilifíse i nGaeilge ar TG4 le linn an fheachtais?

“Tá straois ar m’aghaidh agus mé ag freagairt do cheiste,” a deir sí.

“B’fhéidir go mbeinn ag seasamh ann i m’aonar, ach le cúnamh Dé ní bheadh.”

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Ní fadhb í an Ghaeilge, is cuid den réiteach í’ – Catherine Connolly'

  • Eoghan Ó Néill

    Is iarsma í an ghaelig do dhaoine a bhfuil an meon anglo acu agus b’fhearr leo í a ghlanadh as as an tír agus pobal aon-teangach anglo a dheineadh dínn uilig.

  • Pól Ó Braoin

    Gheobhaidh Catherine an bhóta uaimse ar aon chaoi. Cuireann sí Mary Robinson i m’intinn ar bhealach, bean uasal eile nach raibh náire uirthi agus a bhí in ann úsáid a bhaint as ár dteanga féin.

  • Seán Ó Floinn

    Is trua gur ghlac sí le cuireadh ó rialtas Bashar Al-Assad cuairt a thabhairt ar an tSiria in éineacht le Mick Wallace agus Clare Daly. Sin nuair a bhí Al-Assad ag déanamh slad ar a phobal féin. Deir sí anois ‘nár thuig’ sí cé a bhí ag treorú a toscaireachta – giollaí gualainne Al-Assad féin. Is deacair dom a shamhlú go raibh sí chomh saonta sin ‘nár thuig’ sí cé a bhí i gceist – an dlíodóir agus polaiteoir géárchúiseach í nó duine saonta aineolach?

  • Seosamh Ó Beirgin

    Molaim a díográis ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge ach taobh amuigh de sin nílim meáite chun vótáil dí, fós ar aon nós.