Naomh Conaill ag filleadh ar pháirc na himeartha agus toradh diúltach ar thástáil Covid-19

Chuir an cumann Gaeltachta a gcuid imeachtaí uile ar fionraí Dé Máirt agus iad ag fanacht ar thoradh na tástála

Naomh Conaill ag filleadh ar pháirc na himeartha agus toradh diúltach ar thástáil Covid-19

Beidh imreoirí Naomh Conaill ag filleadh ar pháirc na himeartha agus é deimhnithe ag an gcumann go raibh toradh diúltach ar an tástáil Covid-19 a cuireadh ar dhuine dá mbaill.

Chuir an cumann Gaeltachta a gcuid imeachtaí uile ar fionraí Dé Máirt agus iad ag fanacht ar thoradh na tástála.

Fágann an toradh go n-imreoidh foireann shinsir peile Naomh Conaill sa chéad bhabhta den chraobh Dé Sathairn, nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Bhaile na nGallóglach. Is iad Naomh Conaill seaimpíní an chontae i láthair na huaire agus Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall buaite acu in 2019.

Is iad Naomh Conaill an tríú cumann i nDún na nGall a raibh orthu a gcuid imeachtaí a chur ar fionraí le cúpla seachtain anuas.

Chuir Naomh Colmcille agus Cloich Cheann Fhaola stop le himeachtaí agus iad ag fanacht ar thorthaí tástálacha ach níor aimsíodh aon chás den choróinvíreas sa dá chás sin ach oiread.

Fág freagra ar 'Naomh Conaill ag filleadh ar pháirc na himeartha agus toradh diúltach ar thástáil Covid-19'