Na 5 amhrán pop Gaeilge nó Breatnaise is fearr

Tá clár nua ag Cian Mac Cárthaigh ar Raidió na Life a chaitheann súil ar an bpopcheol i mionteangacha Ceilteacha. Ach cad iad na cúig amhrán Breatnaise nó Gaeilge is fearr leis féin. Seo a rogha do Tuairisc.ie: 


 

Na Super Furry Animals
Na Super Furry Animals

Sa tsraith ‘Teanga gan Ceol, Teanga gan Anam’ ar Raidió na Life 106.4FM (Dé hAoine19.30), téann Cian Mac Cárthaigh chuig an Bhreatain Bheag chun léargas a fháil ar scéal phopcheol na tíre sin agus a thionchar ar athbheochan na Breatnaise.

An bhféadfadh popcheol Gaeilge a bheith againn?

Pléann ‘Teanga gan Ceol, Teanga gan Anam’ an cheist sin agus ceisteanna eile le ceoltoirí móra le rá, ina measc Gruff Rhys (Super Furry Animals), Katell Keinig, Cerys Matthews (Catatonia), Daithí Ó Drónaí agus Fiachna Ó Braonáin (Hothouse Flowers)

Ach cad iad na cúig amhrán Breatnaise nó Gaeilge is fearr le Cian Mac Cárthaigh. Seo a rogha do Tuairisc.ie:


1.  Seán Monaghan – An Dreoilín

Ceart go leor, tuigim nach mbeidh gach éinne sásta leis an rogha seo ach bhí tionchar mór ag an bpíosa ceoil seo ar dhuine ar bith a bhí sa Ghaeltacht i rith na 90í.!.

Is cuimhin liom go maith fear le Honda Civic ag tiomáint timpeall ar an gCeathrú Rua ag casadh an amhráin chomh hard is a d’fhéadfadh sé.

Chomh maith leis sin, tá roinnt cuimhní deasa agam ar na ‘Discos’ ag ar chas an DJ an ceann seo.

Tá sé deacair gan a bheith ag damhsa nuair a chloiseann tú ‘An Dreoilín, agus ná dearmad go raibh an t-amhrán seo le cloisteáil ar feadh tamaill ar ‘Top 30 Hits’  ar RTÉ.

 

 

2.  Meic Stevens – Y Brawd Houdini

Amhrán den scoth ó dheireadh na 60í. Bhí Meic Stevens ag obair mar cheoltóir agus léiritheoir ceoil i Londain ag an am agus é ag coinneáil cuideachta le Jimi Hendrix.

D’fhill sé ar ar an an Bhreatain Bheag chun cabhrú agus tacú leis an tionscadal ceoil nua ann agus chun a chuid saineolais a roinnt.

Bíonn an t-amhrán seo fós le clóistéail sa lá atá inniu ann ar an raidió sa Bhreatain Bheag.

 

3.  Ail Symudiad –  Whisgi y Soda

Amhrán ón ré Punk sa Bhreatain Bheag. Bhunaigh Richard agus Wyn Jones Ail Symudiad lipéid ceoil darbh ainm Fflach Records i gCardigan in Iarthar na Breataine Bige ag deireadh na 70í.

Bhí tionchar mór ag The Clash agus The Undertones orthu agus bhí siad ar cheann de na grúpaí is iomráití sa Bhreatain Bheag ag an am.

Tá Richard agus Wyn fós ag ceol agus tá ag éirí go maith leis an lipéad Fflach chomh maith agus iad ag tacú le roinnt grúpaí óga.

 

4.  Super Furry Animals – Calimero

Bhain na Furries clú agus cáil amach lena saothar i mBéarla sna 90í agus conradh acu le lipéad ceoil Alan McGee ‘Creation Records’ (an lipéad chéanna le Oasis, Primal Scream srl… )

Ach is i ngrúpaí ceoil a bhíodh ag cumadh agus ag casadh i mBreatnais a thosaigh siad amach.

Tar éis tamaill thosaigh na Furries féin ag cumadh níos mó ceoil i mBreatnais.

Seo ceann de na hamhráin is fearr atá acu, amhrán in ómós don charachtar cartúin ‘Calimero’.

 

5.  Pearse McGloughlin / Enda Reilly – Ag Ól Ag Ól Ag An Garbhóg

Le déanaí tá i bhfad níos mó ceoltóirí ag déanamh iarrachta ceol a chumadh i nGaeilge.

Is breá liom an t-amhrán seo a scríobh na ceoltóirí Pearse McGloughlin agus Enda Reilly agus is mór an trua nach bhfuil níos mó daoine ar an eolas faoi.

Scaipigí an scéal!